Seo mar a bhí an chomhdháil dóibh siúd ar iriseoirí mojo iad nó iad siúd a bhfuil spéis acu i ndul chun cinn na teicneolaíochta trí chéile. Tá muid ag súil leis an gcéad bhliain eile cheana féin!
Labhair Séamus Ó Scanláin, Clár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta ar bhuaicphointí na comhdhála:
Bhain Mícheál Ó Ciaraidh sult as an gcomhluadar, na cainteanna spreagúla agus an fuinneamh a bhí le brath i gCathair na dTreabh.
Tá @_mickyc_ anseo ag #mojocon agus seo a thaitin leis ann! #gaeilge pic.twitter.com/pYz6UzpWCS
— RTÉ Mojocon 360 (@MojoConIRL) May 4, 2017
Dar le Seán Cathal Ó Coileáin, Stiúrthóir Cruthaitheach TG4, is iad 'an dlús agus an dul chun cinn' atá déanta sa réimse le cúpla bliain anuas ba mhó a chuaigh i bhfeidhm air.
Labhair Caitlín Nic Aoidh, láithreoir TG4 faoin saineolas atá á roinnt ag an gcomhdháil gach bliain.
Buaicphointí an lae ag bean na haimsire @tg4 #mojocon #gaeilge @CaitlinNicAoidh pic.twitter.com/pDZZHISxnF
— RTÉ Mojocon 360 (@MojoConIRL) May 4, 2017
Seo mar a labhair foireann TG4 faoina dtaithí ag an gcomhdháil le Róisín Ní Thiomáin.