Bhí muintir na gCeilteach ar Oiléan Mhanann agus iad ag ceilúradh scoth na gcláracha a rinneadh le bliain anuas. Bhain Bláthnaid Ní Chofaigh láithreoir raidió na bliana agus craoladh Bláthnaid Libh beo ón oileán maidin Shathairn. 

Bhí painéal bríomhar ag Bláthnaid a labhair ar a dtaithí ar Oileán Mhanann. 

I measc bhuaiteoirí na Gaeilge, bhí: Eoin Mac Néill, Seachtar Dearmadta 1916, Blas Ceoil agus Is Eolaí Mé. 

Is féidir na buaiteoirí ar fad a fheiceáil anseo

Craoltar Bláthnaid Libh gach maidin Shathairn idir 11 agus 12 meánlae.