skip to main content

Fill arís: Filíocht ó bhéal

Tá réimsí de chanóin na Gaeilge atá níos láidre ná a chéile, macasamhail gach canóin eile, is dócha. Nuair a chuimhníonn go leor againn ar sheoid liteartha na teanga, an fhilíocht is túisce a thagann chun cuimhne. Is deas mar sin, go bhfuil éabhlóid tagtha agus ag teacht go fóill is ansa le cuid againn. Deirtear gur ó Mheiriceá sna hochtóidí a tháinig coincheap slam poetry. Tá John Cummins, Emmet Kirwin agus Kate Tempest i mbéál an phobail anseo agus in Sasana agus tá an ghluaiseacht ó bhéal tagtha go saol na Gaeilge freisin. 

Tá béim níos mó ar chaint na ndaoine, labhairt na bhfocal agus teacht i láthair an fhile seachas ar an bhfocal scríofa sa chineál seo filíochta. D'fhéadfaí a rá gur bealach isteach í an fhilíocht seo dóibh siúd nach bhfeiceann spás dóibh féin laistigh den saol liteartha traidisiúnta. Ní gá ach cúpla nóiméad a chaitheamh ar YouTube leis na hardáin atá á gcruthú agus lucht féachana a aimsiú nach mbeadh ann murach é. 

D'aithin Ciara Ní É go raibh éileamh ann d'imeacht rialta dátheangach don fhocal labhartha agus bhunaigh sí Reic, dhá bhliain ó shin. Agus í ag caint ar chlár ealaíona RTÉ Raidió na Gaeltachta, An Cheárta, deir sí 'leis an nGaeilge, bíonn daoine róchúramach' agus gurb é sin cuid den chúis a raibh spéis aici Reic a bhunú.

Údar foilsithe anois atá in Séamus Barra Ó Súilleabháin a d'fhoilsigh an cnuasach iomráiteach, Beatha Dhónaill Dhuibh anuraidh le Cló Iar-Chonnacht. Ba é a thug leis an phríomhdhuais slam Éirinn 2011/12, sna blianta tosaigh dá shaol mar fhile.

Físdhán a thugann buaiteoir duais Rooney, Doireann Ní Ghríofa ar a cuid oibre ar líne. Meascann sí meáin agus trasnaítear ó fhilíocht thraidisiúnta go filíocht chomhaimseartha, dá réir.

Dár ndóigh, tá go leor, leor filí ann ag cloí leis an bhfocal scríofa ach is maith ann an saibhreas in aon chanóin.