skip to main content

Cén áit ar féidir leat turas a dhéanamh i nGaeilge?

Tá muid timpeallaithe ag áiteanna luachmhara, stairiúla, spéisiúla ach ní minic a fhaigheann muid deis cuairt a thabhairt orthu. Tapaigh an deis an deireadh seachtaine fada seo agus roghnaigh turas i nGaeilge sna háiteanna seo a leanas:

Baile Átha Cliath

Reilig Ghlas Naíon

Ar cheann de bhuaicphointí turasóireachta na cathrach, tá stair na tíre le sonrú sna daoine a chuaigh romhainn. Is fiú go mór turas treoraithe a dhéanamh le scéal na reilige a fháil. 

Reilig Ghlas Naíon

Leabharlann Chester Beatty

Seoid faoi cheilt i lár na cathrach is ea Leabharlann Chester Beatty. Cuirtear síos ar Leabharlann Chester Beatty sa Lonely Planet mar 'ní amháin an iarsmalann is fearr in Éirinn, ach ar cheann de na hiarsmalanna is fearr san Eoraip.'  Is iarsmalann ealaíne agus leabharlann í ina bhfuil an cnuasach iontach de lámhscríbhinní, mionphictiúir, priontaí, líníochtaí, leabhair annamha agus roinnt ealaíon ornaideach a thiomsaighSir Alfred Chester Beatty(1875-1968). 

Ó leabharlann Chester Beatty

Príosún Chill Mhaighneann (ar an 12 agus 13 mar chuid de Culture Date in Dublin 8)

Fágtar rian ar an té a thugann cuairt ar phríosúin Chill Mhaighneann. Tá stair agus scéalta pearsanta na hÉireann le brath go fóill i mballaí na gcillíní, i macallaí na hallaí agus sa chlós ar cuireadh cinnirí Éirí Amach na Cásca, 1916 chun báis ann.

Príosún Chill Mhaighneann

Músaem Náisiúnta na hÉireann

Tá an músaem dúlra lán go doras le heolas spéisiúil faoin saol thart timpeall orainn. Bhainfeadh daoine óga agus daoine nach bhfuil chomh hóg, araon sult as taispeántais ilghnéitheacha na háite. Ná caill an 'zú marbh'. 

Músaem Náisiúnta na hÉireann. 

Gaillimh

Teach an Phiarsaigh, Ros Muc.

Teach beag le stair mhór is ea an teach seo a d'fhan Pádraig Mac Piarais ann mar theach agus scoil samhraidh dó féin agus dá chuid mac léinn ó Scoil Éanna. Osclaíodh Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh nua ann le déanaí agus b'fhiú cuairt a thabhairt air mura raibh tú ann ó shin. 

Teach an Phiarsaigh, Ros Muc.

Dún Aonghusa, Árainn

Tá clú ar oileáin na hÉireann i ngeall ar an tseandálaíocht ársa, cultúr shaibhir agus tírdhreach álainn. Tá na hoileáin Árann amach ó chósta na Gaillimhe agus a dtréithe féin ag gach ceann acu. Tabhair cuairt ar Dhún Aonghusa go gcloisfidh tú a bhfuil ar eolas faoin dún cumhachtach seo, ar thaobh aille ar oileán Inis Mór. 

Árainn

Tír Chonaill 

Páirc Ghleann Bheatha

Páirc náisiúnta speisialta í Gleann Bheatha i gcontae speisialta. Seans maith go mbeidh ort níos mó ná cuairt amháin a thabhairt ar an bpáirc seo mar go n-athraíonn an chuma atá uirthi ó bhonn ó shéasúr go séasúr.

Páirc Ghleann Bheatha

Teach Solais Fhanaid

Nár dheas laistigh de Theach Solais a fheiceáil lá éigin? Tá sé bucketlist go leor daoine le fada an lá, shílfeá. D'fhéadfá cúpla lá a chaitheamh ag fanacht i dTeach Solais Fhanaid agus turas a dhéanamh ann freisin... #goals!