skip to main content

Bhí Gael i mbun @ireland, seo a tharla.

Gach seachtain, bíonn duine nua i mbun chuntas @ireland ar twitter, duine a léiríonn a bpeirspeictíocht ar an tír bheag seo. Is léir go bhfuil ag éirí leis, mar choincheap mar tá breis agus 49k leantóirí ag an gcuntas go dáta. Do Sheachtain na Gaeilge, ba é Peadar Ó Caomhánaigh a roghnaíodh le léargas a thabhairt ar shaol dhuine a bhfuil an Ghaeilge in úsáid acu, lasmuigh den chóras oideachais agus earnáil na Gaeilge. Is craoltóir, tráchtaire agus dar leis féin, hipster críochnaithe é Peadar, a bhunaigh an Pop-up Gaeltacht le hOsgur Ó Ciardha. 

Chaith Peadar a sheal mar @ireland ag caint ar na caithimh aimsirí atá aige, idir pholaitíocht, spórt agus an Ghaeilge. Thug an cuntas deis do Pheadar coincheap an Pop-Up Gaeltacht a phoibliú freisin. Ní don chéad uair, d'éirigh an comhrá teasaí nuair a pléadh an Ghaeilge.

Deir Peadar mar gheall ar a thaithí le @ireland

"Nuair a ghlac mé seilbh ar chuntas @ireland, bhí sé ar intinn agam comhrá oscailte a thosú faoin nGaeilge agus an chaoi a chaithimid léi. Bhí na mílte dearfach faoin dteanga, agus fuair mé an-chuid tacaíochta ar-líne. Fós féin, bhí scata mór daoine nach raibh sásta breathnú taobh amuigh den seomra ranga. Nuair a luaigh mé go raibh, b'fhéidir, níos mó ná an córas oideachais taobh thiar den mheon atá againn i leith na teanga, fuair mé slad marfach láithreach."

Síleann Peadar nach bhfuil muintir na hÉireann sásra freagracht phearsanta a ghlacadh as an ngaol atá acu leis an teanga.

"Tá cineál "cultural cringe" roinnte againn i leith na Gaeilge toisc meon iarchóilíneach na tíre. Ní dhéantar gearán faoin gcaoi "a mbrúitear mata anuas ár scornaigh", nó faoin gcaoi nach bhfuil litríocht an Bhéarla "úsáideach" chun post a fháil. Fágaimid an cáineadh ar fad don teanga ar chóir dúinn bheith in ann labhairt, ach nach bhfuilimid."

Luann Peadar gur fhoghlaim sé 'nach féidir gach duine a shásamh riamh. Bhí dream beag a bhí damanta feargach nach raibh Béarla ag baint le fógraíocht Pop Up Gaeltacht, cé go raibh agallaimh dátheangacha déanta againn i ngach áit.'


Mar fhocal scoir, deir Ó Caomhánaigh go bhfuil trua aige dos "na mná a fhaigheann an cineál cáinte sin gach uile lá ar líne. Tá roinnt daoine just focain drochbhéasach agus aineolach!"

Labhair Peadar le Dave Fanning le linn Sheachtain na Gaeilge ar an nGaeilge agus ar choincheap an Pop-up Gaeltacht, éist siar leis anseo.