Tá an-áthas ar Sheachtain na Gaeilge le Energia go bhfuil RTÉ ina chomhpháirtí leis an bhféile arís i mbliana. Is iontach an tacaíocht agus an t-aitheantas a thugann RTÉ don fhéile gach bliain tríd an gclúdach a thugann a chuid ardán éagsúil d'imeachtaí na féile chomh maith leis an ábhar Gaeilge agus dátheangach a chraoltar le linn na féile.
The main events taking place around the country
Ní hamháin sin ach is léir go nglacann RTÉ le spiorad na féile tríd an iarracht bhreise a dhéanann láithreoirí cláir agus leanúnachais níos mó Gaeilge a úsáid agus iad ar an aer.
Ambasadóirí na féile! #SnaG17 @art_parkinson @MiriamOCal @_mickyc_ pic.twitter.com/FnafszRMiQ
— Seachtain na Gaeilge (@SnaGaeilge) February 9, 2017
Beidh níos mó ná 30,000 imeacht ar siúl do Sheachtain na Gaeilge le Energia idir imeachtaí i scoileanna ar fud an oileáin agus imeachtaí pobail ar fud na cruinne. Is féidir le gach duine páirt a ghlacadh san fhéile agus is cuma má tá tú ar chúpla focal nó más cainteoir líofa tú. Mar sin ná bí cúthaileach: téigh go www.snag.ie le haghaidh níos mó eolais agus smaointe faoin dóigh le níos mó Gaeilge a úsáid i do shaol; féach ar an liosta imeachtaí arwww.peig.ie agus déan íoslódáil ar aip Sheachtain na Gaeilge.
Seachtain na Gaeilge le Energia are delighted to be partners with RTÉ again this year.
The support and recognition that RTÉ gives the festival is invaluable with the coverage it gives to festival events through its various platforms as well as the Irish language and bilingual content that is broadcast throughout the festival. Not only that but RTÉ embraces the spirit of the festival through the extra effort its presenters and continuity announcers make to use more Irish on the air.
There will be more than 30,000 events running for Seachtain na Gaeilge le Energia between school events in every corner of the island and community events all over the world. Absolutely anyone can take part in the festival and it doesn’t matter if you only have cúpla focal or are fluent.
So don’t be shy: go to www.snag.ie for more details and ideas on how to use more Irish in your life; check out the list of events on www.peig.ie and download the Seachtain na Gaeilge app.