skip to main content

Ag tuairisciú Tuairisc

Stephen McGinley agus Séimí Coyle. Louise Ni Fhearghail agus Siomha Ní Ruairc, Baile Atha Cliath. Pictiúr: Andrew Downes
Stephen McGinley agus Séimí Coyle. Louise Ni Fhearghail agus Siomha Ní Ruairc, Baile Atha Cliath. Pictiúr: Andrew Downes

Cuireann eagarthóir Tuairisc.ie, Seán Tadhg Ó Gairbhí, síos ar na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le suíomh nuachta ar líne as Gaeilge

Seán Tadhg Ó Gairbhí, editor of Tuairisc.ie, describes successes and stresses around running an Irish-language online news site.

Tháinig Tuairisc.ie, an chéad seirbhís nuachta laethúil Gaeilge dá leithéid riamh, ar an saol i mí Dheireadh Fómhair 2014.

Ó shin i leith, tá iarracht déanta againn athrú ó bhonn a dhéanamh ar an tslí a gcuirtear nuacht agus siamsaíocht ar fáil do phobal na Gaeilge in Éirinn agus thar lear agus béim againn ar sheirbhís nuachta ar ardchaighdeán a chur ar fáil dóibh.

Agus sinn i dtaobh le foireann bheag agus acmhainní teoranta, is í an phríomhaidhm atá againn ná seirbhís nuachta a chur ar fáil i nGaeilge gach lá a bhféadfadh pobal na teanga brath uirthi agus a bheith bródúil aisti.

Dála aon seirbhís nuachta mionteanga, tá teorainn le líon na ndaoine a bhfuil dóthain líofachta acu chun lántairbhe a bhaint as Tuairisc.ie, ach ó tháinig ann dúinn dhá bhliain go leith ó shin, tá cuairt tugtha ar an suíomh ag nach mór 520,000 duine agus os cionn ceithre mhilliún leathanach feicthe acu.

Is údar bróid dúinn na figiúirí sin, agus is cinnte go bhfuil i bhfad Éireann níos mó ábhar ar ardchaighdeán i nGaeilge á léamh anois ná mar a bhí á léamh sular tháinig ann do Tuairisc.ie.

Agus is é sin an tslat tomhais is tábhachtaí againn agus rathúlacht an tsuímh á meas againn.

Cé go dtugann Tuairisc.ie tús áite do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, ní chuirimid aon duine ó dhoras. 

Tá rannóg oideachais bhríomhar againn d’fhoghlaimeoirí agus do dhaltaí na hArdteiste agus d’fhéadfaí á rá gur áis foghlama atá sa suíomh ar fad, go háirithe agus áis nua, ‘Foclóirí’, forbartha againn dár léitheoirí i gcomhar le foclóir.ie

Ach cliceáil ar ‘Foclóirí’ sa chúinne ag an mbarr ar chlé, ceadaítear don léitheoir nasc a dhéanamh leis an bhfoclóir ar líne chun sainmhíniú agus eolas a fháil ar aon fhocal nach dtuigeann sé.

Cabhraíonn na háiseanna seo linn tuilleadh léitheoirí a mhealladh go dtí an suíomh agus tuilleadh daoine a spreagadh chun triail a bhaint as Gaeilge a léamh.

Déanfar ceiliúradh ar an nGaeilge as seo go ceann coicíse agus féile Sheachtain na Gaeilge ar bun sna ceithre hairde. Is mór is fiú an ceiliúradh sin, ach ná ceilimis an Ghaeilge ar an 50 seachtain eile den bhliain.

Bíodh gach lá agus gach seachtain ina seachtain na Gaeilge agaibh ar Tuairisc.ie.

Mar a dúirt an scríbhneoir C.S. Lewis, “Bímid ag léamh chun a dhearbhú nach inár n-aonar atáimid”.

Is treise an bhraistint sin ag pobal scaipthe scoite na Gaeilge agus is tábhachtaí dá bharr go mbeadh an teanga i lár an aonaigh sna meáin scríofa.

Tagaigí ar cuairt!

By Seán Tadhg Ó Gairbhí