As part of Seachtain na Gaeilge (March 1-17) Raidió na Gaeltachta's Sinéad Ní Uallacháin looks back at the cultural high-points for an teanga over the past year. 

Sinéad was bowled over by Ed Sheeran's version as Gaeilge of Ag Smaoineamh Ós Árd which features on the CEOL 2016 le hEoghan McDermott CD. She also gives a big shout out to Iarla Ó Lionáird's beautiful rendition of Casadh an tSúgáin in the film Brooklyn and the TÁ Comhionannas campaign (Irish-language version of Yes Equality) where the TÁ badges became one of the most sought after accessories last year!

B’iontach gur chaith Benjamin Cleary focal Gaeilge isteach ina óráid le déanaí agus é ag glacadh le gradam Oscar don gearrscannán Stutterer. Go deimhin, tá éirithe leis an nGaeilge stáitsí móra eile a bhaint amach le bliain anuas, ón uair go deireanach gur déanadh ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge.

Seo cuid de bhuaicphointí na teanga i réimsí an chultúir agus na siamsaíochta dar liom féin, le dhá mhí déag anuas! 

1. Ag Smaoineamh Ós Árd, le Ed Sheeran

Níor chreideas na ráflaí. Cé gur thuigeas go raibh cion agus ceangal faoi leith ag Ed leis an tír seo agus le muintir na hÉireann, b’ait go mór liom go ndéanfadh sé taifeadadh ar cheann dá mhór-amhráin, i nGaeilge. D’éirigh le Sheeran áfach, leagan aoibhinn, (gan aon mhór-cheist faoin fhuaimniú na bhfocal), a thaifeadadh don albam Ceol ’16. Tá creidiúint mhór ag dul do lucht Chonradh na Gaeilge, RTÉ 2fm agus Raidió Rí-Rá. De réir mo thuisceana, b’é Eoghan McDermott a dhein liricí an amhráin a bhriseadh síos de réir na foghraíochta d’Ed - thar an fón, cuimhnigh air! - agus Ed ar camchuairt san Astráil!

2. Fógairt na féile Ravelóid

Os rud é gur ag trácht ar obair Chonradh na Gaeilge atáim, ní fhéadfainn gan tagairt a dhéanamh d’fhéile mhór cheoil agus chultúir an tsamhraidh, Ravelóid, a bheidh ar bun i mí an Mheithimh, i mBaile Átha Cliath. Gealltar réimse leathan de stíleanna ceoil, seóanna grinn, rince, litríocht, cainteanna, ceardlanna agus eile, thar dhá lá, i gCaisleán Ard Giolláin. Ócáid cheannródaíoch nach bhfuil a mhacasamhail feicthe againn cheana a bheidh ann, leis an nGaeilge mar phríomhtheanga na n-imeachtaí.

Tá tacaíocht á fháil ag an bhféile seo ó RTÉ 2fm, agus ar an nóta sin, is dóigh liom gur fiú dearcadh an stáisiúin i leith na teanga a lua. Tá úsáid na Gaeilge curtha chun cinn ar chláracha le bliain anuas, ar stáisiún nach gcloisfeá ach ar éigin í á labhairt. Tá glactha go fonnmhar ag na héisteoirí leis na hathruithe, agus mar theistiméireacht ar seo, beidh clár na gcairteacha, le Bláthnaid Treacy, (atá dátheangach faoi láthair), go hiomlán as Gaeilge ó mhí Aibreán seo chugainn.

3. Gradaim Cheoil Nós 2015

Ag fanacht le téama an cheoil!

Bhí scata acu siúd atá luaite le cúig ardán na féile Ravelóid ar stáitse an Sugar Club i mí Eanáir. Ba mhór an onóir dom a bheith i láthair i gClub an tSiúcra ar Shráid Leeson, nuair a bronnadh Gradaim Cheoil Nós. B’é seo an chéad bhliain gur reáchtáladh a leithéid d’ócáid, ag tabhairt suntais agus aitheantais do cheol comhaimseartha na Gaeilge. 26 banna nó ceoltóir ar fad a bhí san iomaíocht, i 7 rannóg - ina measc Amhrán na Bliana, Banna/Ceoltóir na Bliana agus Físeán na Bliana. Tá obair na hirise Nós i gcoitinne le moladh, ach go háirithe anois leis an stáitse nua seo atá tugtha acu do cheoltóirí. Bí ag faire amach don alt rialta a fhoilsítear gach Aoine, ina gcuireann siad amhrán nua-chumtha amháin faoin spotsolas.

B’iad IMLÉ (a thug leo Gradam Ceoil Nós sa chatagóir Nuíosach na Bliana), a roghnaíodh mar Amhrán na hAoine cúpla seachtaine ó shin.

4 An tOireachtas 2015

D’fhill An tOireachtas ar an bpríomhchathair i 2015, 10 mbliana ón uair go deireanach go raibh mór-fhéile na nGael seo ar siúl i mBaile Átha Cliath. Bhí idir ócáidí spraíúla taitneamhacha agus comórtais iomaíocha Gaelacha ar siúl; iad fite fuaite le seisiúin cheoil agus rince! Bíonn ort tú féin a sheachaint, áfach, ar na Oireachtas Blues, a mhaireann ar a laghad ar feadh seachtaine i ndiaidh na féile, (agus téama iontach d’amhrán nua-chumtha, dála an scéil)!

Is deacair cur síos a dhéanamh ar gach ócáid mealltach, spreagúil a bhí ar bun i nGaeilge le bliain anuas. Cuireann sé áthas orm a fhógairt go raibh líon an-mhór ar bun, agus más ceadmhach dom, ba dheas liom tagairt ar leith a thabhairt do chlár leathan leanúnach imeachtaí na féile litríochta IMRAM.

5. Brooklyn

Thaitin an scannán Brooklyn go mór liom. Bhí cnapán i mo scornach ag féachaint air; shileas deora. Níos mó ná riamh le linn an radhairc le hIarla Ó Lionáird, a bhí i ról Frankie. Sheas sé in airde agus chan sé Casadh an tSúgáin, leagan a bhain na deora ó shúile Eilís chomh maith, (carachtar Saoirse Ronan).Éist leis anseo!

6.  TÁ Comhionannas

Is cinnte go raibh siamsaíocht de shórt ag baint leis an reifreann ar Chomhionannas Pósta; mar sin is dóigh liom nach mbeadh sé ach cuí é a lua ar a leithéid do liosta atá á thiomsú agam!

D’éirigh le muintir TÁ Comhionannas, a raibh ceangal acu le Yes Equality, feachtas trí mheán na Gaeilge a rith i dtaca leis an reifreann. An aidhm a bhí acu ná díriú ar phobal na Gaeilge, agus iad a spreagadh chun vóta a chaitheamh. Tabhair dom do lámh ab ea manna an fheachtais, agus d’iarr siad ar mhuintir na tíre go dtabharfadh siad dóibh a lámha. Dhein 1,201,607 amhlaidh, nuair a vótáileadar TÁ ar an 22 Bealtaine.

7. An Focal Scríofa

Bhain dán Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Filleadh ar an gCathair, an gearrliosta amach do Dhán na Tíre/A Poem for Ireland, anuraidh. Píosa álainn cumadóireachta a bhí ann ina ndéanann sí cur síos ar ghnéithe na cathrach a thaitníonn lei, agus a thugann sí faoi deara agus í ag filleadh uirthi. Mar eolas, tá cnuasach nua dánta foilsithe ag Ailbhe – Tost agus Allagar, foilsithe ag Coiscéim, agus fáil air i láthair na huaire.

Os rud é gur faoi bhuaicphointí atá an t-alt seo, is buaicphointe seachtainiúil domsa, an colún is déanaí ó Bhridget Bhreathnach, Ag Tógáil Clainne, a léamh ar Tuairisc.ie. Colúin deá-scríofa, a bhaineann le bheith ag déileáil le triúr clainne - An Cailín Mór Beag, Beainín na Naíonáin Bheaga agus Babaí. Tá bua iontach na scríbhneoireachta ag Bridget agus í in ann tú a iompar díreach ar an láthair. Táim ag súil leis an lá go bhfoilseofar na colúin ar fad i bhfoirm leabhair, bheadh ana thóir air.

Is fiú go mór aitheantas a thabhairt do shaothar nua-chumtha; ach tá aitheantas eile le tabhairt do shaothar aistrithe chomh maith. ‘Dialann Dúradáin’ atá tugtha ar an leagan Gaeilge den leabhar, Diary of a Wimpy Kid le Jeff Kinney, aistrithe ón mBéarla ag Máirín Ní Mhárta. Ba í Aisling Ní Fhlatharta ó Scoil Náisiúnta Thír an Fhia i gConamara a bhuaigh an comórtas a d’eagraigh foilsitheoirí an leabhair, Futa Fata, le teideal cuí a aimsiú don leabhar.

Sinéad Ní Uallacháin

Sinéad ar Maidin, RnaG 10.15-11.00am Lú-Ao