Ár bPobal. Sin é an fáth go bhfuil RTÉ Raidió na Gaeltachta ann, le seirbhís a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ar fud na tíre agus an domhain mhóir. Is mar gheall ar éileamh ón bpobal a bunaíodh an stáisiún i 1972 agus le 50 bliain anuas tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag cothú agus ag neartú saol na Gaeltachta agus na Gaeilge agus scéalta an phobail á roinnt ar bhonn laethúil.
Nuair a chasann tú air RTÉ RnaG ar an raidió inniu, nó má bhíonn tú ag éisteacht ar an idirlíon, cloisfidh tú rogha fairsing cláracha agus sraitheanna a thugann ardán agus deis don phobal a gcuid scéalta, taithí saoil, amhráin, ceol agus go leor eile a roinnt. Scáthán atá sa raidió ina bhfeiceann an pobal iad féin, pobal atá beo bríomhar, cruthaíoch, ealaíonta, Gaelach. Ní stopann suim an phobail sin ag teorann éigin mar go bhfuil an saol níos casta ná sin. Sin é an fáth go bhfuil sé de chúram orainn an scéal atá ag borradh sa gcuisle áitiúil nó an scéal atá ag dó na geirbe don phobal idirnáisiúnta a insint agus é dlite do phobal éisteachta RTÉ RnaG an scéal, cruinn, fírinneach a bheith ar fáil dóibh ina dteanga féin. Cloistear freisin uathu sin a tháinig romhainn nuair a chraoltar ábhar as an gcartlann luachmhar atá ag an raidió. Sin é an ról atá ag an tseirbhís agus muid mar chuid de chlann RTÉ, mar chraoltóir seirbhíse poiblí atá maoinithe tríd an gceadúnas teilifíse.

Mar aon lenár gcomhghleacaithe i rannóga eile RTÉ, is iomaí ábhar atá á chlúdach ar sceideal RTÉ Raidió na Gaeltachta. Chuala muid scéal raibí Giúdach as Mariupol na hÚcráine ar Tús Áite ag caint faoin méid a bhí ag tarlú ansin agus fórsaí na Rúise ag ionsaí na háite. Nuair a b'éigean don phobal clutharú a dhéanamh agus nuair a theastaigh eolas, comhairle agus comhluadar uathu in aimsir na paindéime bhí Adhmhaidin, Nuacht a hAon, cláracha irise agus go leor eile ann dóibh gach lá. Bhí RTÉ Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh ag craoladh beo as Béal Feirste do thoghchán Chomhthionóil an Tuaiscirt. An samhradh seo tá séasúr eile CLG romhainn agus beidh muid i láthair ag cluichí idirchontae, cluichí áitiúla agus ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Ar ndóigh bíonn muid ar an stáitse idirnáisiúnta chomh maith ag freastal ar ócáidí ar nós na Cluichí Oilimpeacha. Tá an ceol agus an cultúr mar chuid thábhachtach d’fhéiniúlacht an stáisiúin agus craoltar uaireanta an chloig ó Oireachtas na Gaeilge, Fleadh Cheoil na hÉireann, Scoil Samhraidh Willie Clancy agus go leor eile. Ach chomh maith leis sin, agus an rud is tábhachtaí ar fad, ná gurb iad ár bpobal éisteachta fhéin ó cheithre chúinne an domhain a thagann ar an aer lena gcuid scéalta agus saineolas a roinnt. Cuireann siad a gcuid comharsan, gaolta, cairde agus daoine eile a bhfuil Gaeilge acu ag gáire nó ag caoineadh leis na scéalta pearsanta a roinntear go flaithiúil. Is pribhléid é don fhoireann atá in RTÉ Raidió na Gaeltachta go gcuirtear muinín sa mhéid a dhéanann muid chun an deis sin a thabhairt dár bpobal.
Tháinig RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an aer ar Dhomhnach na Cásca, 2 Aibreán 1972 agus den chéad uair riamh agus ar bhealach nua-aoiseach tugadh pobail bheaga a bhí brúite amach ar an imeall le chéile mar aon phobal amháin. Sula raibh an tseirbhís ann, ní raibh aon chleachtadh acu ar chanúintí eile seachas a gcanúint féin, níor thuig siad daoine ó cheantair eile bíodh is go raibh siad uilig ag labhairt i nGaeilge, agus bhí roinnt mhaith acu nach raibh aon Bhéarla acu. Ba ghníomh misnigh agus creidimh a bhí i mbunú na seirbhíse, a d’fhág go mbeadh a stáisiún raidió sainiúil féin ag pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge feasta. Is fiú é a rá arís gur tugadh pobail bheaga le chéile mar aon phobal amháin ina dteanga féin agus sin é an fáth go mbraitheann an pobal úinéireacht ar 'a raidió féin’ go dtí an lá inniu.

Tá dúshláin romhainn mar eagraíocht le freastal a dhéanamh ar an bpobal. Tá muid i ré iomlán nua ó thaobh na craoltóireachta de, tá muid ar thalamh bán atá fós le treabhadh le go n-éireoidh linn an chéad ghlúin eile d’éisteoirí a thabhairt linn agus freastal ar na nósmhaireachta éisteachta atá acu. Caithfear breathnú ar mhaoiniú RTÉ agus maoiniú na seirbhíse seo, na forbairtí gur féidir a dhéanamh le freastal ar phobal níos leithne, glúin nua craoltóirí a thabhairt chun cinn, agus an áit a mbeidh pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge amach anseo. Tá go leor ceisteanna ann ach caithfear dul i ngleic leo agus treabhadh ar aghaidh, mar is fiú é. Sin é a rinne an dream a tháinig romhainn le misneach agus mórtas.
Cuireann sé i gcuimhne dom an méid a bhí le rá ag Pádraic Ó Raghallaigh, an chéad cheannaire a ceapadh ar RTÉ RnaG, agus creidim go bhfuil an méid a bhí le rá aige chomh fíor céanna inniu agus a bhí sé i 1972 nuair a cuireadh ceist air cén fáth ar cheart agus arbh fhiú go mbeadh an stáisiún ann.
"Más fiú tada í an Ghaeltacht, más fiú tada í an Ghaeilge, is leor sin mar údar é a bheith ann. Más cuid d’Éirinn í an Ghaeltacht, más cuid d’Éirinn an teanga Ghaeilge, is leor sin mar údar."