Tá do chuid ráite agat maidir le RTÉ.
Beidh do chuid moltaí ár dtreorú i ngach a bheidh ar bun againn sna blianta atá amach romhainn.
- Roinn beagnach 10,000 agaibh bhur dtuairimí linn i mí Feabhra agus Márta 2021
- Beidh a bhfuil ráite agaibh linn mar threoir dár gcuid oibre sa todhchaí
- Léirigh sibh tacaíocht láidir phoiblí do réimse leathan clár agus ábhar seirbhíse poiblí
D'fhreagair beagnach 10,000 ball den phobal an cuireadh a thug RTÉ dóibh a dtuairimí i dtaobh RTÉ a roinnt tríd an bhfeachtas 'Abair leat'.
Féach ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí anseo
I mí Feabhra agus Márta na bliana 2021, trí shuirbhé neamhspleách, and tar éis feachtas náisiúnta ‘Abair Leat’ sna meáin, tugadh cuireadh don phobal a dtuairimí a thabhairt i dtaobh RTÉ agus a bhfuil siad ag súil leis uaidh, is cuma an mbaineann siad úsáid rialta as seirbhísí RTÉ ar an teilifís, ar an raidió nó ar líne, nó nach mbaineann. Beidh na tuairimí sin mar threoir do RTÉ sna blianta amach romhainn.
Faoin Acht Craolacháin (2009), ceanglaítear ar RTÉ dul i gcomhairle leis an bpobal agus Ráiteas Seirbhíse Poiblí a réiteach gach cúig bliana. Leagtar amach sa ráiteas seo na prionsabail atá le comhlíonadh ag RTÉ agus na gníomhaíochtaí atá le cur i gcrích aige d’fhonn a shainchúram seirbhíse poiblí a chomhlíonadh. Tugadh an fhreagairt ba mhó riamh ar chomhairliúchán de chuid na meán le pobal na hÉireann, ar chomhairliúchán na bliana seo.
Rinne Behaviour & Attitudes (B&A) an suirbhé, nár ghá ainm a thabhairt leis, thar ceann RTÉ agus tugadh cuireadh do gach ball den phobal a dtuairimí a thabhairt.
Nóta ó Dee Forbes, Ard-Stiúrthóir RTÉ
Tá ár lucht féachana – sibhse – i gcroílár na físe atá ag RTÉ: cultúr na hÉireann a chur chun cinn trí lucht féachana a spreagadh le hábhar atá iontaofa, tarraingteach agus dúshlánach; ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht shaibhir na tíre; agus tallann na hÉireann a chothú.
Gach cúig bliana bíonn ar RTÉ Ráiteas Seirbhíse Poiblí a réiteach, ina leagtar amach tríd is tríd, an t-ábhar a bheidh á chur ar fáil againn, na gnéithe ar a ndíreoidh muid, agus gach atá i gceist againn a chur i gcrích chun freastal níos fearr a dhéanamh ar lucht féachana fud fad na hÉireann. Cé go bhfuil an ráiteas sin leagtha mar dhualgas orainn de bharr gur muid an meán cumarsáide náisiúnta seirbhíse poiblí in Éirinn, tá i bhfad níos mó i gceist leis ón taobh s’againne de ná rud éigin atá iallach orainn a dhéanamh. Tá muid á fheiceáil mar dheis chun éisteacht a thabhairt daoibhse agus deis a thabhairt daoibh todhchaí bhur meán cumarsáide seirbhíse poiblí féin a mhúnlú. Tar éis an tsaoil, is libhse RTÉ.
An babhta deireanach ar tugadh cuireadh daoibh a insint dúinn faoi na rudaí a bhí sibh ag iarraidh agus na rudaí a bhí riachtanach daoibh, in 2015, fuair muid níos lú ná 1000 freagra. D'fhreagair beagnach 10,000 agaibh an suirbhé is déanaí a rinne muid i mí Feabhra agus i mí Márta na bliana seo.
Ar bhealach, ní haon ábhar iontais é an méadú suntasach seo a bheith tagtha ar líon na bhfreagraí. Le 16 mhí anuas, tugadh soiléiriú iontach ar ról na meán cumarsáide seirbhíse poiblí sa tsochaí, agus lucht féachana ag tarraingt ar a gcuid meán cumarsáide náisiúnta poiblí ina sluaite. Roghnaigh 90% de mhuintir na hÉireann RTÉ mar phríomhfhoinse eolais maidir le paindéim Covid-19 in 2020; tháinig fás 36% ar an líon a bhreathnaigh ar Sheinnteoir RTÉ in 2020, áit a raibh sruthanna 67.5m; agus d’fhéach beagnach 4 mhilliún duine aonair ar sheirbhísí teilifíse RTÉ i dtús na paindéime (2 Márta–17 Bealtaine 2020). Tá a fhios againn, dá bhrí sin, go bhfuil na meáin chumarsáide phoiblí tábhachtach daoibhse agus tá a fhios againn go bhfuil tuairimí láidre agaibh maidir lena dteastaíonn uaibh uaidh.
Anois go bhfuil torthaí an tsuirbhé náisiúnta seo is déanaí againn – ceann de na suirbhéanna is mó dá leithéid atá déanta le blianta beaga anuas – tá muid breá ábalta, thar mar a bhí riamh, an rud a theastaíonn uaibhse, ár lucht féachana, a thabhairt daoibh, nuair a theastaíonn sé agus san áit a dteastaíonn sé uaibh.
Glactar go forleathan ar fud na hEorpa le tábhacht na meán poiblí agus, agus nuair a d’fhreagair sibhse an suirbhé seo, chuir sibh in iúl dúinn go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh muid neamhspleách ó thionchair pholaitiúla, tráchtála agus eile. Teastaíonn craoltóir náisiúnta uaibh a oibríonn ar mhaithe le leas na sochaí, a thacaíonn leis an nuálaíocht agus leis an gcruthaitheacht, a chuireann éagsúlacht agus cultúr na hÉireann chun cinn, agus atá freagrach daoibhse. Ach thar aon ní eile, thacaigh sibh leis an dearcadh gur chóir go mbeadh RTÉ ann ar son gach duine, agus go mbeadh fáil air ag gach duine.
As na bunphrionsabail sin ar fad, tá ceann amháin a sheasann amach: dúirt 94% agaibh go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh RTÉ neamhspleách. Aontaíonn muid – agus beidh an croíphrionsabal sin ina bhunchloch i gcónaí dár gcuid iriseoireachta, ár bhféiniúlacht, agus do gach a mbíonn ar bun againn. Ag teacht leis sin, deir 97% agaibh go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh RTÉ ag cur nuacht agus cúrsaí reatha náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fáil a bheadh ar ardchaighdeán agus a bheadh cruinn, cothrom, neamhchlaonta agus oibiachtúil. Sna blianta atá amach romhainn beidh muid ag díriú go príomha ar chur le hoidhreacht agus le mórtasacht Nuacht RTÉ.
Léiríonn an suirbhé freisin tacaíocht láidir do na meáin chumarsáide phoiblí mar smaoineamh, agus do shainchúram agus do ról RTÉ go sonrach; deir 89% agaibh go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh meascán de chláir agus d'ábhar le haghaidh gach lucht cineál lucht féachana á tháirgeadh ag RTÉ, agus aontaíonn 89% agaibh freisin go bhfuil tábhacht le hábhar ardchaighdeáin, déanta in Éirinn, agus faoi Éirinn. Ba mhaith libh go mbeadh róil éagsúla á gcomhlíonadh ag na meáin phoiblí náisiúnta, go mbainfí gáire asainn; go dtabharfaí léargas ar an éagsúlacht atá ag teacht chun cinn in Éirinn atá ag athrú; go ndéanfaí díospóireacht a éascú; go gcuirfí le sochaí eolasach; agus go mbeadh muid páirteach libh agus tuilleadh taithí saoil a roinnt agus a chruthú againn le chéile.
Cé go léiríonn an suirbhé an-tacaíocht don fhís, don mhisean agus do na luachanna a threoraíonn RTÉ gach lá, ba deas an rud é a thabhairt faoi deara gur tugadh an-tacaíocht go deo do ghnéithe eile de sheirbhísí RTÉ.
Mar shampla, deir 87% agaibh go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfeadh RTÉ ábhar cartlainne ar fáil ina ndéanfaí clárú ar oidhreacht agus ar ghnáthshaol na hÉireann, agus go mbeadh fáil air sin i ngach formáid. Chuir 74% daoibh in iúl go bhfuil sé tábhachtach go gcruthódh RTÉ ábhar a thabharfadh léargas ar an éagsúlacht atá in Éirinn sa lá atá inniu ann, agus deir 94% agaibh go bhfuil sé tábhachtach go gcinnteodh RTÉ gur féidir le daoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar chláir agus ar sheirbhísí RTÉ.
Is léir go bhfuil an-mhuinín agaibh as RTÉ. Tá sibh ag súil le rudaí iontacha ó RTÉ. Aontaíonn muid libh gurb é croílár ár gcuspóir poiblí saol na hÉireann agus saol mhuintir na hÉireann a léiriú. Tugann an suirbhé seo, in éineacht le léargais eile ónár lucht féachana, an bunús a chabhróidh linn freastal níos fearr a dhéanamh oraibh as seo amach. Is féidir na torthaí iomlána a léamh ag an nasc ar an leathanach gréasáin seo.
Go raibh maith agaibh as bhur do dtuairimí a roinnt linn.
DEE FORBES
Príomh-Stiúrthóir, RTÉ
Maidir leis an suirbhé
Ba é Behaviour & Attitudes (B&A), an comhlacht taighde margaidh neamhspleách is mó in Éirinn, a rinne an suirbhé seo thar ceann RTÉ. Bunaithe ar pholasaí príobháideachais B&B níor bhailigh RTÉ, ná níor cuireadh ar fáil dó, aon fhaisnéis phearsanta. Níorbh fhéidir na torthaí a cheangal go pearsanta leis na rannpháirtithe ar bhealach ar bith. Ní fheiceann RTÉ ach torthaí suirbhéanna comhiomlánaithe, gan aon ainm leo. Is soláthraí iontaofa é B&A do RTÉ agus tá tuilleadh eolais, lena n-áirítear a bpolasaí príobháideachais, ar fáil ag https://banda.ie/.
Maidir le modheolaíocht an tsuirbhé
Agus an comhairliúchán poiblí á leagan amach, bhí sé ina chuspóir ag RTÉ a bheith chomh hoscailte agus chomh cuimsitheach agus ab fhéidir, chun tuairimí a bhailiú ó an oiread den phobal agus a d’fhéadfaí. Bhí feachtas náisiúnta sna meáin mar thacaíocht don chomhairliúchán, feachtas a chuir in iúl don phobal go raibh sé ag tarlú agus ag tabhairt cuireadh dóibh páirt a ghlacadh agus a gcuid a rá.
Bhí dhá chleachtas i gceist leis an modheolaíocht chomhairliúcháin, áit a raibh suirbhé comhairliúcháin phoiblí, a roghnaigh an duine féin agus a bhí ar chuireadh oscailte in éineacht le suirbhé cainníochtúil a bhí ionadaíoch go náisiúnta. Tagann an cur chuige éifeachtach agus éifeachtúil seo le dea-chleachtas agus le treoirlínte náisiúnta an Rialtais maidir leis an gcaoi le tabhairt faoi chomhairliúcháin phoiblí.
Bhí an comhairliúchán poiblí ar siúl ar feadh cúig seachtaine le linn na tréimhse 15 Feabhra go 21 Márta 2021.
Na chéad chéimeanna eile
Tá torthaí an chomhairliúcháin phoiblí á meas ag RTÉ. Cuirfidh na torthaí seo bonn eolais faoin gcéad Ráiteas Seirbhíse Poiblí eile de chuid RTÉ, ráiteas atá cosúil le cairt nó sainordú ón bpobal, lucht féachana RTÉ. Treoróidh an ráiteas seo an méid a dhéanfaidh RTÉ sna blianta amach romhainn agus cuirfidh sé le forbairt fhadtéarmach na heagraíochta.
Nuair a bheidh dréachtráiteas faofa ag Bord RTÉ níos déanaí in 2021, rachaidh sé ansin chuig an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán lena fhaomhadh, faoi réir comhairliúcháin le hÚdarás Craolacháin na hÉireann. Nuair a bheidh toiliú ón Aire faighte ag ráiteas RTÉ, foilseofar é ar an www.rte.ie in éineacht le torthaí an chomhairliúcháin seo.
Féach ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí anseo