I bpodchraoladh na míosa seo tá Ferdia McCrann ag caint faoi réamhaisnéisí le raon fada agus an mbealach a n-oibríonn said.

Tá a fhios againn go léir na réamhaisnéis aimsire ar an raidió a thugann réamhaisnéisí dúinn ar feadh 3-4 lá nó ar an teilifís nó ar an idirlíon a thugann seachtain dúinn, ach cé chomh fada is atá réamhaisnéisí fadraoin.

Is féidir iad a roinnt ina raonta ama fo-séasúracha, mar shampla ó 10 lá go 2 mhí agus ansin séasúrach 3 mhí nó an bhealach ar fad amach go dhá bhliain. Is raon an-fhada é seo, mar sin tá an fhaisnéis an-difriúil le réamhaisnéis ghearrthréimhse, níl sé ag caint faoi uasteocht nó a mbeidh sé ag cur báistí ar feadh aon lae amháin, tá sé níos mó faoi treochtannaí.

Is féidir an cheist a fiosrú, cén fáth a bhfuil suim againn i réamhaisnéis fhadtéarmach? Tá impleachtaí aige ar fuinneamh agus ar fheirmeoireacht, mar shampla go fo-séasúrach, b'fhiú a fháil amach an bhfuil tréimhse fuar ag druidim nó tonn teasa. Ar scála séasúrach d’fhéadfá a bheith ag tuar an mbeidh samhradh tirim nó geimhreadh fuar agat, rud atá an-tábhachtach don fheirmeoireacht, an mbeidh níos mó ama agat sa séasúr fáis, nó a ndéanfaidh na barraí go maith.

Tá eolas faoi triomachaí an-tábhachtach do sheirbhísí bainistíochta uisce, mar shampla, le go mbeidh a fhios acu cén cineál samhraidh ar chomhar go mbeadh siad ag súil leis.

Tá sé tábhachtach go háirithe don earnáil fuinnimh, smaoineamh a bheith acu ar an gcineál aimsire a bheidh ann. Má tá sé á thaispeáint gur geimhreadh an-fhuar a bheidh ann, tiocfaidh méadú ar an éileamh ar fhuinneamh. Tháirgtear a lán fuinnimh ón aimsir, mar shampla gréine agus gaoth, agus tá suim mhór ag na comhlachtaí fuinnimh sa réamhaisnéis fadraoin ar na cúiseanna seo freisin. Mar sin, ar bhealach is féidir leis an aimsir tionchar a imirt ar an eacnamíocht.

Pléann Ferdia na téamaí seo agus labhraíonn sé faoi múnlaí, teleconnections agus athrú aeráide le taighdeoir sinsearach ag Met Éireann, Eoin Whelan.

Má tá suim agat i meitéareolaíocht, athrú aeráide nó ba mhaith leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge, éist le Podchraoladh Met Éireann ag rte.ie/podcasts nó cibé áit a bhfaigheann tú do podchraoltaí.