Translator HK Ní Shioradáin introduces Muicín, the new Irish language play from LemonSoap Productions, written by Ultan Pringle (and translated by HK) and coming to Dublin's Project Arts Centre later this month.
Tá an t-ádh dearg linn mar dhrámadóirí le Gaeilge i mBaile Átha Cliath mar níl áis ar bith ar fáil! Mar lucht féachana, ní raibh dráma ar bith i nGaeilge ar ardán Amharclann na Mainistreach an bhliain seo caite. An t-aon dea-scéal atá cloiste agam ná go mbeidh stáitse i gClub Chonradh na Gaeilge, ach ní bheidh an Club ar oscailt arís go ceann cúpla bliain eile. Cheapfá go bhfuilimid i bponc ceart ach fós féin, tá dúil mhór mhillteach in athbheochan na Gaeilge. Gan mórán feiceálacht sna healaíona, tá seans againn mar ealaíontóirí an radharc sin a mhúnlú lenár bhfís uaillmhianach nuálach nua-aimseartha féin a thacaíonn leis an suim mhór nua sa Ghaeilge.
Faraor, a mhalairt atá ag tarlú leis na saothair mhóra atá feicthe againn ar an stáitse le déanaí sa phríomhchathair. Níl ach dá mhórdhráma churtha ar an ardán le déanaí - Beckett sa Chreig, aistriúchán ar shaothar gearra Beckett san Fhéile Amharclannaíocht Bhaile Átha Cliath (an t-aon dráma i nGaeilge san fhéile) nó Na Peirsigh, aistriúchán ar dhráma ársa na Gréige in Amharclann na Mainistreach. Dhá dhráma canónach, dothuigthe dóibh siúd nach bhfuil aon chur amach acu ar an drámaíocht, gan trácht ar an nGaeilge. Nílim ag caitheamh anuas ar na léirithe iad féin (léiriúchán ardchaighdeánach a bhí iontu, cinnte) ach ag cur na ceiste: conas a fhreastalaíonn siad ar phobal na Gaeilge agus conas a spreagann siad lucht féachana nua chun na hamharclainne nó chun na teanga fiú?
Caithfimid aghaidh a thabhairt ar mhianta an tslua. Tiocfaidh na háiseanna agus an fheiceálacht nuair a dhéanaimid i gceart é. Agus nach iontach an dúshlán!
Fós féin, tá misneach agam. Tá ealaíontóirí aonaracha ag baint éachta amach lena gcuid drámaí. Cúpla bliain ó shin, níor chreid mé mo shúile nuair a léigh mé an script don dráma 'Grindr, Saghdar, agus Cher' le hEoin McEvoy, Ciara Ní É, agus Sam Ó Fearraigh, inar chum mé an ceol don léiriú. Agus an dráma ar siúl sa Taibhdhearc, chuir sé gliondar ar mo chroí dráma nua-aimseartha, aiteach is greannmhar a fheiceáil ar an ardán, dráma ina bhfuil tionchar rábach aige ar an lucht féachana agus rath ar an dráma lena chamchuairt timpeall na tíre. Ní raibh gá le seit ollmhór nó feisteas galánta toisc gur mheall an scéal thú. Chuir sé ina luí orainn go bhfuil an-tábhacht go deo le drámaí beaga a chur ar an stáitse chun lucht féachana a spreagadh chun na hamharclainne i dtús báire.
Ba sin an fáth gur bheartaigh mé tabhairt faoin dráma Muicín (a bheidh sa Project Arts Centre ón 24-27ú Feabhra). Ba léir ó fhreagairt an lucht féachana go raibh seoid cruthaithe ag an scríbhneoir Ultan Pringle lena dhráma Piglet (2023). Thug Pringle cuireadh dom aistriúchán a dhéanamh ar a dhráma agus tá dráma dúghrinn nua-aimseartha le téamaí suntasacha ag teacht ar an ardán dá thoradh. Don chéad uair riamh, measaim, beidh canúint Jennifer Coolidge á chloisteáil sa Ghaeilge (tá an príomhcharachtar gafa le scannáin Coolidge). Tá an dráma aisteach is nuálach ach fós féin sothuigthe, dírithe ar an lucht féachana.
Caithfimid aghaidh a thabhairt ar mhianta an tslua. Tiocfaidh na háiseanna agus an fheiceálacht nuair a dhéanaimid i gceart é. Agus nach iontach an dúshlán!
Muicín is at the Project Arts Centre, Dublin from February 24th-27th 2026 - find out more here