We present another story from the RTÉ Short Story Competition shortlist 2025 - read Corrán na Maidine by Niall Ó Siadhail below.
The shortlisted stories will be broadcast nightly from Monday 13th October on RTÉ Radio 1's Late Date.
About Corrán na Maidine, Niall says: "Corrán na Maidine was inspired by a placename in London, Mornington Crescent – in Irish the word for ‘crescent’ is also the word for ‘sickle’, and the image ‘the sickle of morning’ called out to me, suggested a fateful moment in someone’s life, clarity achieved in the cold light of day..."
____________________________________________________________________________
Tá smideadh ort.
Cad chuige nach mbeadh, tráthnóna Dé hAoine i lár an tsamhraidh? Tá tú óg fós. Scarann an slua os do chomhair ar an bhealach go dtí an stáisiún, an chathair ag oscailt romhat. Thiocfadh leat gáire a dhéanamh. Tá smideadh ort, agus gúna. Coirníní sa ghruaig. Mála láimhe ar do ghualainn agus beart beag clúdaithe go snasta i do bhaclainn.
Ar foluain tríd an stáisiún: síos an staighre beo, fuaim na traenach i do chluasa, na doirse ag oscailt go humhal díreach nuair a leagann tú cos ar an ardán. Tugann Londain aire duit, ó am go ham.
Tá grúpa cailíní ina seasamh in aice na ndoirse, réidh le féile nó réabh éigin, gléasta agus glórach, ag caint agus ag gáire leo. Faigheann tú suíochán i lár an charráiste, do lámha thar a chéile ag cosaint mála agus bronntanais. Tá súil agat go dtaitneoidh an mhuince le Sorcha. Níl locht ar bith ar an stíl ná ar an chaighdeán, ach tá tú neirbhíseach, mar sin féin. Casann tú an fáinne ar do mhéar, siar agus aniar.
*
Ní fada go bhfuil tú os comhair dorais, an cloigín brúite, do chroí corraithe. An bhfuil an áit cheart agat? Tá amhras ar tí sleamhnú isteach ort nuair a osclaíonn an doras agus --
'Laoise, a chroí, goitse anseo!' Caitheann Sorcha a lámha thart ort agus is beag nach bhfáisceann an croí isteach an croí amach asat. Líonann do phollairí lena cumhrán, le blianta fada de chaint agus eachtraí agus deora. ‘Bí istigh, bí istigh!’
Isteach libh agus suas an staighre, i dtreo guthanna agus ceoil. Tá Stef ag fanacht ag ceann an staighre, cuma Louise Brooks uirthi lena stíl nua gruaige, gloine prosecco ina lámh. ‘Hééé!’ ar sise, ‘nach bhfuil tú galánta!’ agus síneann a lámh shaor chugat.
‘Tá smideadh orm,’ ar tusa go hamaideach, agus déanann gáire ort féin.
‘Níl Tomaí leat?’ ar Stef, meangadh mór fiaclach uirthi mar ba ghnách.
‘Ó, bhí sé ag súil go mór le teacht, ach tháinig rud éigin chun cinn san obair. Tá sé bréan den phost sin.’
‘Fad is a bhfuil an triúr againne anseo, is linne an oíche seo,’ ar Sorcha, agus brúnn tú an bronntanas ina lámh.
Beannachtaí déanta, bronntanas glactha agus oscailte, tugtar isteach go dtí an seomra suí thú, áit a bhfuil na daoine eile. Tá Mike ann, ar ndóigh, an peata. (‘D’aimsigh tú an teach gan stró?’ ‘Stró ar bith. Tá sibh an-chóngarach le Ceamdain!’ ‘Béal dorais.’) Cuirtear cairde Shorcha in aithne duit, triúr ón obair, roinnt eile ó áiteanna éagsúla agus lánúin ar bhuail tú leo an oíche chéanna bliain ó shin.
‘Trua nach mbeidh tine againn i mbliana,’ a deir tú leo, ós rud é nach bhfuil gairdín leis an árasán nua. ‘Beidh cinnte,’ ar an fear, ‘tá plean ann tine a lasadh ar an díon.’ ‘Ar an díon?!’ Caochann Stef súil ort ó thaobh eile an tseomra.
Tá Mike ina fhreastalaí, ag líonadh gloiní agus ag ofráil thart méaróga bia. ‘Eisean a bheidh i mbun chúram na leanaí, fan go bhfeicfidh tú,’ a deir Stef i do chluas. Tá sí ina suí ar uillinn an toilg anois. ‘Tá an t-ádh léi. Ach níl sí…?’ Trasna an tseomra, tá Sorcha i lár scéal fada faoin eachtra is déanaí sa chúirt, manglam mór ina lámh, a lucht éisteachta sna trithí. Croitheann Stef a ceann go gasta, ach tá athrú le teacht ina saol féin, faigheann tú amach. Tá sí díreach i ndiaidh a fógra a chur isteach san obair. ‘Agus cad é a dhéanfaidh tú anois?’ ‘Níl cliú de laghad agam. Ach caithfidh mé éalú go ceann tamaill. B’fhéidir go Maidrid arís.’ Maidrid. Tá éad ort gur féidir léi cinneadh a dhéanamh chomh éadrom sin, ach ní ise atá geallta, ná atá i ndiaidh árasán a cheannach. Níor chuir sise roimpi riamh na rudaí normálta a dhéanamh, na rudaí a bhfuil súil leo. ‘Is aoibhinn liom do ghruaig,’ ar tusa léi agus fáisceann sí do cheann léi.
*
Ar ball beag tá tú ag lorg oighir sa chistin.
‘Tusa an cailín ón leabharlann?’
Dústrainséir atá san fhear sa t-léine ghlas, ach nuair a amharcann tú go grinn air tagann aithne ort. Is ea, na súile donna sin, agus an ghruaig atá ag liathadh roimh am.
‘Leabhair seandálaíochta, nach ea?’
‘Sin é. Am ar bith nach mbím sa leabharlann, is i measc fothrach agus seanchaisleán a gheobhaidh tú mé.’
‘Nach cuma bhreá air sin.’
‘Déarfainn go mbíonn sibh amuigh sna háiteanna sin an t-am ar fad in Éirinn?’
Ritheann sé leat go mbeadh níos mó eolais ag an Sasanach seo.
‘Bhuel, ba bhreá liom, is dócha, ach, ní bhíonn an deis againn, i ndáiríre.’
‘Trua sin. Ba bhreá liomsa turas mór a dhéanamh in Éirinn.’
Ar chúis éigin, goilleann sé ort nach bhfuil turas dá leithéid beartaithe agat. Radharcanna galánta ar an chósta thiar, stair agus seanchas, ainmneacha na bplandaí ar fad. Fios do bhaile féin. Thig leat é a shamhlú. Ach ní bheadh mórán suime ag Tomaí ina leithéid. Gan smaointiú, casann tú an fáinne ar do mhéar.
Buaileann Mike isteach sa chistin, buíochas le Dia. ‘Á, anseo atá sibh. Tagaigí anois, tá sé in am don tine chnámh.’
‘Don tine chnámh?’ ar an fear sa t-léine ghlas.
‘Oíche Fhéile Eoin atá ann,’ a deir tú, ‘Imeacht mór dúinn sa bhaile. Beidh mé libh i gceann bomaite.’
Isteach sa tseomra folctha leat agus amach leis an ghuthán. Fógraí ar bith. Scríobhann tú téacs gearr chuig Tomaí: Cad é mar atá an oíche? Tá an chraic go maith anseo. Na cailíní ag cur do thuairisce x
Tagann tú ar an dream ar fad ar dhíon an fhoirgnimh, iad cruinnithe timpeall beárbaiciú aon uaire ar an urlár. Tá Stef ar a gogaide á lasadh, agus ligeann sí do na bladhairí éirí ard go leor sula seasann sí arís.
‘Óicé!’ ar sise leis an tslua, ‘Ar mhaithe le duine ar bith nach raibh i láthair roimhe: caithfidh tú léim thar an tine trí huaire agus achainí a dhéanamh don bhliain atá romhainn.’
Agus trasna na tine léi: a haon, a dó, a trí. ‘Ar aghaidh leat anois, Ní Cheallaigh,’ a deir sí le Sorcha, ‘tá sé déanta agat roimhe!’
Sula dtig le Sorcha bogadh, tá na bróga bainte díot agus tá tú ag léim thar an tine: a haon, a dó, a trí. ‘Sin é an stuif, a Laoise Ní Ghormaile!’ a bhéiceann Stef, iontas ina guth. Tá iontas ort féin, ach ní thiocfadh leat a rá cad é dó a ndearna tú achainí. Tá bonn na gcos nimhneach ach is cuma leat: mothaíonn tú fiáin. ‘Ó, an bhfuil leamhacháin againn fosta?’

‘Anseo, anseo! Tagaigí isteach!’
Tá an triúr agaibh i seomra codlata Shorcha, agus rún le sceitheadh aici.
‘Tugaigí neamhaird ar an phraiseach. Nuair a bhí mé ag pacáil tháinig mé ar bheart grianghraf nach bhfaca mé le fada. Shíl mé go raibh siad caillte ach bhí siad istigh i mbosca éigin agus bhí orm an ceann seo a phriontáil amach daoibh.’ Tugann sí pictiúr frámáilte duit agus do Stef, agus tá ceann eile ina lámh féin. An pictiúr céanna atá sna frámaí: triúr cailíní, fós sna déaga, spéaclaí gréine ar a n-aghaidh lonrach agus trá taobh thiar díobh. ‘Nach raibh Malaga galánta?’
Tá lámha na gcailíní thart ort anois, sa tseomra codlata. Tá an bheirt eile ag caint, iontas agus mothúchán le braith i nguth Stef, ach tá tú féin balbh, na súile dírithe ar na haghaidheanna sa ghrianghraf, a gabhadh níos mó ná deich mbliana ó shin, ag déanamh iontas de shástacht agus de shaoirse na gcailíní céanna, gan cíos, cás ná cathú orthu. Am, turas, mothúcháin a bhí dearmadta agat. Gan choinne, éiríonn tonn ionat agus pléascann tú amach ag caoineadh.
Baintear siar as an bheirt eile, asat féin. ‘Ó, a stóirín, tar anseo!’ Tagann an triúr agaibh go dlúth le chéile agus déanann tú iarracht in aisce an sruth deor a stopadh. ‘Tá brón orm,’ do ghuth i dtrithí, ‘Níl rud ar bith cearr, níl rud ar bith cearr.’ Tá greim docht acu ort agus tú ag teacht chugat féin, éirí agus titim do bhrollaigh ag laghdú agus an creathán ag imeacht ó do ghuth.
‘Tá brón orm, tá sé seo galánta,’ agus fáisceann tú an pictiúr le do chroí, ‘agus tá brón orm nach raibh mé i dteagmháil le tamall. Caithfidh muid níos mó a dhéanamh le chéile. Mothaím uaim go mór sibh.’ Éiríonn na deora arís ach tá tú ag gáire ort féin fosta. An triúr agaibh, ag caoineadh agus ag gáire, amhail is dá mbeadh sibh ar ais in Áras na Mac Léinn.
Ligeann tú gáire amaideach amach arís nuair a fheiceann d’aghaidh i scáthán an tseomra folctha: súile panda. Ní bhacfá leis an smideadh a réiteach ach tá daoine eile ag an chóisir seo fós, agus beidh ort traein a ghlacadh abhaile gan mhoill. Ach…
Amach leis an ghuthán. Freagra ar bith ó Thomaí. Cuireann tú glaoch ar a uimhir ach níl aon fhreagra. D’fhéadfá téacs eile a chur ach cén mhaith a bheadh ann? Is dócha go bhfuil sé ar an ól nó ina chodladh. Múchann tú an guthán agus cuireann ar ais i do mhála é, in aice leis an phictiúr fhrámáilte. Tá sé socraithe: níl tú ag dul abhaile anocht. Beidh spás in aice le Stef sa tseomra breise.
Ar ais sa tseomra suí leat, agus gártha ón dream nuair a thagann tú isteach. Táthar ag damhsa anois, agus is fada an lá, ach caitheann tú díot na bróga agus téann tú ag damhsa leo, an ceol ard i do chluasa, do chroí ag preabadh, agus bladhairí áthais ag líonadh do chuid féitheacha.
*
Nuair a mhúsclaíonn tú, solas na maidine ag líonadh an tseomra trí chuirtíní lánoscailte, ritheann sé leat go bhfuil an lá ag éirí níos giorra arís cheana féin, agus tá fonn ort imeacht. Ligeann Stef gnúsacht aisti faoin duivé ach tá sí fós ina codladh. Éiríonn tú go ciúin, an gúna ort go fóill, agus amach leat go dtí an seomra folctha.
Tá smideadh ort, smeartha faoi na súile. Níl tinneas cinn ort ach ní fada go mbeidh. Ligeann tú don sconna go dtéann an t-uisce agus níonn tú d’aghaidh. D’fhéadfá imeacht anois ach glacann tú do chuid ama: bonnsmideadh, mascára, balsam béil.
Níl duine ar bith sa tseomra suí. Ag deireadh na hoíche ní raibh ach an triúr agaibhse fágtha; bhí Mike ina chodladh cheana agus na haíonna eile imithe. Cuireann boladh an alcóil déistin ort ach aimsíonn tú na bróga agus tá tú réidh le dul.
Amuigh ar an tsráid, tá leoithne ann, leoithne úr atá go deas ar do chraiceann. Tugann tú aghaidh ar an tiúb arís, ar stáisiún níos cóngaraí ná Ceamdain, agus ag na geataí sméideann fear meánaosta a cheann leat. Tagann grúpa focal i do cheann: Tá smideadh ort.
Tá smideadh ort. Focail shimplí, b’fhéidir, ach caitheadh leat iad inné mar a bheadh gríosach thine iontu, agus loisceadh do chraiceann nochta. Chreid tú gur ort féin a bhí an locht, cibé locht a bhí ann, agus mhothaigh tú an dó an oíche ar fad. Ach anois tá corrán na maidine tite, tá an t-aer glan agus do chuid smaointe soiléir. Is féidir ceangal a ghearradh. Ar an staighre bheo síos, casann tú an fáinne ar do mhéar. Baineann tú díot é.
____________________________________________________________________________
About The Author: Originally from Tyrone, Niall Ó Siadhail is an Irish language writer, translator and teacher based in Dublin. His story Beir an Solas leat won first prize at Oireachtas na Gaeilge in 2024. He is currently working on a collection of short stories, as well as his first novel, which is about a jazz musician in London.
Listen to the RTÉ Short Story Competition 2025 stories nightly on Late Date from Monday 13 October (full broadcast schedule here). Tune into Arena for interviews and updates, and join us for the live Arena/RTÉ Short Story finale in the Pavilion Theatre in Dún Laoghaire on Friday 24 October! Tickets are on sale here