skip to main content

Poetry Day Ireland 2025: Lá Binn Bealtaine by Alan Titley

Poet Alan Titley
Poet Alan Titley

For Poetry Day Ireland 2025, twelve poems have been selected following a national call out to respond to this year's theme, May Day - read Lá Binn Bealtaine by Alan Titley.


Lá Binn Bealtaine

Ar an taobh seo den Bhealtaine:

I ndubhlán an rógheimhridh

Sruth ón sliabh ag tuileachtain

Gluaiseann mong mhná Mhanannáin

Níl trá gan mórshuathadh tonn

Gach macha lán de linnte

Go scairtfidh cuach os clúid na coille.

Ar an taobh thall den Bhealtaine:

Srutha teo ag tál gan scíos

Cranna cumhra úll fan slí

Úire ag scéith i mbarr gach luis

Teilgeann grian gheal a ga

Ceolann lon laoi lán

Milbheart fial gach bláth.

Ach inniu Lá Bealtaine Binn

Nach leor sin, leor sin dúinn?

Poetry Day Ireland 2025 will take place on Thursday, 1st May - find out more here.

Read Next