For Poetry Day Ireland 2025, twelve poems have been selected following a national call out to respond to this year's theme, May Day - read MAYDAY! by Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin below.
MAYDAY!
Mar tá an ship ag dul fé
tá fáinne an lae ag tachtadh an tsaoil
ag imeacht le teas agus tinte agus aer
fainic fén spéir mar a gcasfar na seolta leat.
Éirigh suas agus
éist leis an gcoileach ag glaoch
na bláthanna ag teannadh isteach leis an bhféar
coiscéimeanna seannaigh coiscéimeanna broic
agus ná bí ag broic le do chairde.
Fiú nuair ab fhearr leat a bheith id mhurúch
agus titim fé thoinn i ríochtaibh ar leith
i riochtaibh ar leith is d'eireaball a iompú
leis an saol is a raibh ann de shiamsaíocht.
Ná luigh ar do dhroim gan féachaint
in airde ar na scamaill tamall
ná líon do scámhóga gan nóta a ligean amach
thar do bheola is do dhéad.
cruthaigh clairinéad samhraidh | séid anam i bhfáinne an lae
mar tá an bád ag dul fé
Poetry Day Ireland 2025 will take place on Thursday, 1st May - find out more here.