skip to main content

Poetry Day Ireland: Cruinn Neamhdhíreach le Alan Titley

Poet Alan Titley
Poet Alan Titley

Poetry Day Ireland is an annual island-wide celebration of poetry which invites the nation to read, write, and share a poem on the day.

Presented by Poetry Ireland, the theme for this year is "Good Sports" celebrating the good sport in all of us, the drive to give it a go or to have a crack at it.

Read Alan Titley's poem Cruinn Neamhdhíreach below.


Cruinn Neamhdhíreach

D'imigh an oíche lánghealaí faoi smúid.

Chaitheas an t-oráiste d’urlacan amach.

Fuaireas buille slaite de dheasca ciorcail chaim.

Bhí an bairille agam amscaí,

An roth a dheineas bacach,

An sliotar a bhuaileas rocach,

An taoschnó a d’itheas bhí scothóg sa pholl,

Is bhí an mirlín rófhada im phóca.

Ní raibh ceol ar bith sa sféar.

Ná casachtach sa tuirne lín,

An uimhir neamhní in Ifreann

Camóg tar éis an lánstaid

Claibín an bhuidéil ite le fiacla

An balún ar tí a phléasctha

Polláire nach raibh stuáilte

Bonn airgid gan mhant as

Druma nach ndéanfadh macalla

Cnaipe nach bhféadfaí a dhúnadh

Muince ar mhuineál mhoncaí

Ach bhíos iomlán cruinn is go hálainn neamhdhíreach ar mo chasadh cam cromáin le speach ádhmhar nuair a bháigh mé an liathróid san eangach go glan tseansúil le lúbchic chasta ealaíonta mar dheasa nóiméad deireanach sin den chluiche craoibhe nuair a bhí an uile dhuine ag brath orm.

Im shamhlaíocht laistigh.

Find out more about Poetry Day Ireland here.

Read Next