skip to main content

Poetry Day Ireland: Aiteall le Laoighseach Ní Choistealbha

Poet Laoighseach Ní Choistealbha
Poet Laoighseach Ní Choistealbha

Poetry Day Ireland is an annual island-wide celebration of poetry which invites the nation to read, write, and share a poem on the day.

Presented by Poetry Ireland, the theme for this year is "Good Sports" celebrating the good sport in all of us, the drive to give it a go or to have a crack at it.

Read Laoighseach Ní Choistealbha's poem Aiteall below.


Aiteall

An Droichead Beo, Ollscoil Luimnigh, 24ú Iúil 2022

.

Ar theacht don aiteall,

is mé ag siúl ar an Droichead Beo,

lonraíonn an ghrian

ar achan rud fliuch,

déantar gloine den chruinne,

tagann moill ar imeacht na haimsire go tobann:

itheann ealaduileasc abhann;

bogann snáthaidí móra go réidh fríd an aer íonghlan;

síneann trí bhroigheall a sciatháin amach sa teas;

teitheann splanc ghorm an chruidín faoin droichead.

Gan fuaim na fearthainne, géaraíonn mo chluas:

lúbann siansa ceoil chugam ón Cheoláras.

Cloisim méadranóm an cheoil:

fear óg ag bualadh sliotair in éadan anbhalla

taobh le Scoil an Leighis.

Éiríonn an solas tiubh arís. Brostaíonn daoine

thar an droichead,

agus titeann ribíní airgead an uisce.

Buaileann braonta an tsolais

ar dhuilleogana gcrann

a fhásanntaobh leis an droichead.

Cloisim díoscán an adhmaid

agus na crainn ag sú na bailce isteach:

fásann siad méadar sa bhomaite mhall seo, díreach,

Cloisim na braonta ag titim ar na duilleoga:

bualadh bos fonnmhar sa Cheoláras thall,

agus pléascann siad ar mo scáth fearthainne:

na mílte sliotairíní criostail in éadan balla

(From Solas Geimhridh agus Dánta Eile, Barzaz, 2023

Find out more about Poetry Day Ireland here.

Read Next