From the shortlist of ten for this year's RTÉ Short Story Competition, read Neadú by Ceri Garfield...

A little boy, confined to home, finds a bird and with it a tantalising glimmer of the world beyond his boundaries...


Neadú

De dhíoscán mall, meirgeach a osclaítear doras an chró. Tá leathlámh Danny sínte i dtreo an bhalla agus an ceann eile ag tarraingt ar mhurlán an dorais. Gach rian den iarracht le feiceáil ar aghaidh an ghasúir bhig. Deoiríní allais ag sileadh anuas óna bhaithis. De tharraingt eile, tugtar dúshlán insí an tseandorais agus nochtar a bhealach roimhe.

Gach a bhfuil sa gcró beag carnaithe ó urlár go díon. Gan ach paiste lom concréide amháin díreach taobh istigh den doras, oiread is a thabharfadh spás do Danny casadh timpeall. Díríonn sé a shúile ar an tranglam ar chúl, féachaint an ann dá shlat iascaigh. Tá cáithníní deannaigh ar foluain san aer, iad lasta anseo 's ansiúd sna gathanna gréine a sceitheann isteach trí phoill an dín. Soiléireacht a amhairc truaillithe ag an mbreacsholas. Ní foláir dó dul isteach.

Ardaíonn sé cos amháin amach roimhe. Scriúnna an teanntáin ar a ghorúin ag gliogarnach go meisciúil leis an ngluaisteacht. Tuirlingíonn an chos ar an gconcréid agus socraíonn Danny ar an gcos eile a threorú ina diaidh. A chloigeann taobh istigh den fhardoras faoi seo agus a shúile ag dul i dtaithí ar an dorchadas.

Breathnaíonn sé síos i dtreo an talaimh agus feiceann rud beag cleiteach san áit a raibh sé i gceist aige an dara chos a leagan. Sciurdann sé an chos thar an gcarnán cleití, beireann greim ar bhosca lena thaobh agus íslíonn sé é féin ar a ghogaide, go cáiréiseach, le breathnú air. Éan atá ann. É donn agus liath. A shúile druidte agus a chosa sínte amach as boigeacht a chleití. Marbh.

"A mhaicín? Cá bhfuil tú in ainm Dé?!"

Roptar Danny as grinnscrúdú an éin ag an mbéic. "Istigh sa gcró a Dheaid!" a ghlaonn sé is ní ardaíonn sé a dhearc den éinín, fiú. Síneann sé méar chuige agus déanann ar bhoige an chlúimh a chuimilt.

 "Anseo atá tú!" arsa Breandán ar shroicheadh tairseach an chró dó. "Céard atá á dhéanamh agat thíos ansin a mhic ó?"

"Ag cuartú mo shlat iascaigh a bhí mé," arsa Danny go drogallach.

"Seo," arsa Breandán agus cromann sé, "cuideoidh mé leat. Ní aimseofar aon slat caite thíos ansin go cinnte!" Cuireann sé lámh timpeall ar Danny len é a ardú.

"Fan! Fan soicind!" a scairteann Danny.

"Céard ’tá ort? ’Bhfuil tú i gceart a mhic?"

"Tá. Tá, a Dheaid," ar sé agus é ag breathnú isteach i súile a athar. "Ach caithfidh mé m’éan a thabhairt liom."

Agus leis sin brúnn sé é féin amach ó Bhreandán beagán. Beireann sé greim aireach ar an éinín agus neadaíonn sé isteach ar chroí a dhearnan é go mall, séimh.

"Gealbhan Binne," arsa Breandán agus pógann sé a mhac go héadrom ar mhullach a chinn. "Anois, suas linn!"

Agus tógann sé Danny ina ghabháil nó go seasann siad aníos in aon staic amháin faoi bhun an dín, cosa Danny spréite amach faoi bhaclainn a athar. Os a gcionn tá rataí an chró uallaithe ag ’chuile chineál slat agus maide. 

"Tá mo shlat iascaigh ann!" arsa Danny, agus straois go bun na gcluas air. "Agus, an bhfeiceann tú a bhfuil thuas in airde ar fad, a Danny?"

Súile an ghasúir dírithe i dtreo na spéire. Dúradáin dusta préacharnacha á dhalladh athuair. Ansin, i ndoircheacht an phointe ab airde sa gcró, feiceann sé é. An nead. É cupánach, ciorclach, crua. Greamaithe den adhmad ag a bhfuil de chlábar ann. Stríocaí féir fite fuaite trí na ribí coirníneacha láibe. Cuireann sé cróiseáil Mhamó i gcuimhne dó, ach tá seo míle uair níos draíochtúla don ghasúirín.

"Níl gíog ná míog astu," arsa a athair.

"Níl ..."

Tá béal Danny ar leathadh ’s é mar a bheadh dealbh ann ag stánadh aníos ar an nead.

"Sin nead fáinleoige, a Danny. Cumtha de láib agus féar. Tagann siad ar ais chuige gach aon bhliain, ach is cosúil gur sciob na gealbhain binne uathu é i mbliana."

Breathnaíonn siad beirt ar an éinín arís agus ardaíonn an buachaill óg a shúile ar ais i dtreo na neide, féachaint an ndéanfaidh ceann eile acu a ghob a shá amach thar an imeall.

"Seo, ní chóir dúinn cur isteach orthu a thuilleadh. Cá bhfios nach bhfuil a máthair ag iarraidh teacht isteach len iad a bheathu ach í scanraithe romhainn anseo sa mbealach uirthi."

Casann Breandán le himeacht ach scairteann a mhac air.

"An tslat iascaigh!"

Tá a dhá lámh sínte amach chuige agus an t-éan óg ina ghlac aige fós. Bhéarfadh sé ar an slat dá mba fhéidir leis. Breathnaíonn Breandán ar a mhaicín soineanta, súile na beirte lán dóchais ’s grá.

"Ní bheidh aon iascach inniú ann, a stór," ar sé go ciúin. Titeann guaillí an ghasúirín anuas agus teannann sé an t-éan marbh isteach lena ucht. "Seo anois. Tá cluichí leagtha amach ar an mbord ag Mam duit.

Caithfidh mise dul ag obair."

Fáscann Breandán a mhac chuige agus iompraíonn sé amach as an gcró é. "Céard faoi amárach mar sin?" arsa Danny go dóchasach. Drogall ar Bhreandán é a fhreagairt.

"Ní dóigh liom é, a chroí ... Ach is iomaí rud iontach ar féidir a dhéanamh timpeall an tí, bíodh a fhios agat! Agus críochnóimid an míreanna mearaí sin le chéile nuair a thiocfaidh mé ar ais tráthnóna."

Iarracht in aisce ag Breandán é lagmhisneach an bhuachalla a dhíbirt.

Islíonn sé Danny go talún agus ligeann leis siúl siar ag an teach. Imíonn an buachaill leis go staidéarach, a dhá lámh sínte amach roimhe agus an t-éan á iompar aige ar nós cléireach chun na haltóra. Ag doras an tí tá máthair Danny, Cáit, ag baint fiailí as ceapach bláthanna. Suíonn sí aníos agus leathann meangadh gáire ar a béal ar fheiceáil a mac chuici.

Ansin breathnaíonn Cáit sna súile ar Bhreandán agus síothlaíonn an gáire chomh sciobtha céanna is a tháinig sé uirthi. De phreab a chasann sí a cloigeann, cuireann cuma na gealgháirí uirthi féin arís agus caochann súil le Danny mar ugach dó. Faireann Breandán ar dhul chun chinn mall a mhic. Feiceann sé siúl an ghasúirín ina lapadán deifreach éiginnte. Cloiseann sé fead íseal an mhiotail ar rubair an teanntáin.

Casann sé agus brúnn doras an chró chun dúnta.

***

Seomra Danny. Deasc an bhuachaillín faoi bhrat ag míreanna mearaí a bhfuil carranna den uile chrut agus dath le feiceáil ann. É suite ar aghaidh na fuinneoige amach agus solas an lae á dhoirteadh féin isteach air. Tá píosa ina ghlac ag Danny atá glébhuí, ach tá cinnte air áit cheart a aimsiú dó. Caolaíonn sé a theanga le cúinne a bhéil agus cruinníonn a mhalaí ar a chéile. Sracfhéacaint eile aige ar an bpíosa buí agus seo leis arís ag scrúdú na míreanna. Luascadh na ngéaga faoin deasc aige agus clic cleaic an teanntáin ar an gcathaoir le cloisteáil gach re seal.

"Tsíp!" a airítear agus ardaíonn Danny a cheann. Amuigh, ar leic na fuinneoige, tá éan beag donn agus liath ag breathnú isteach air. "Tsíp, tsíp!" Agus leis sin, pramsáileann sé fad na leice agus a eireaball ag preabadh suas síos leis. Breathnaíonn Danny idir é agus an t-éan óg atá sínte marbh ar bharr na deisce aige. "Tsíp!" den dara huair, agus preabann sé chun eitilte. Leanann súile Danny é san eitilt i ngoirmeacht na spéire nó go n-éalaíonn sé as amharc. "Gealbhan binne," ar sé go ciúin.

Páipéar bán. Pionsailí dathadóireachta. Na míreanna mearaí brúite i leataobh aige. Tá an gasúr cromtha chun na hoibre, é gafa go hiomlán len a bhfuil ar siúl aige. Tarraingíonn sé pictiúr den éan óg. Líníonn sé a chosa spréite, a ghob beag biorach, a shúile druidte, a chleití ag luí ar a chéile ina sraitheanna go heireaball.

Dathaíonn sé glaise a bhoilg, doinn agus dubha a dhroma. Luíonn sé ar an bpeann leis an eireaball a dhathú, áit a bhfuil idir dhubh agus dhonn ní ba dhorcha fós. Ansin, suíonn sé siar le breathnú ar an éan agus a phictiúr le chéile. É sásta leis an méid sin agus tosaíonn ar éan leac na fuinneoige a tharraingt.

Imeartas na samhlaíochta. Cruinneas na cuimhne. Saoirse. Saothraíonn sé na pinn ina rothlú donn, dubh, cleiteach. Líníonn sé buí an ghoib, gormliath timpeall na súile agus duibhe na súile féin. Spréitear eití amach óna chéile. Síntear gob agus ceann araon chun na spéire. Scuabtar cosa an éinín suas leis san eitlit.

***

Níos deireanaí tráthnóna, i ngáirdín chúil an tí, luíonn teas na gréine ar an mbeirt atá ag súgradh san uisce. Bairille mór líonta agus Danny mar a bheadh damhsóir istigh ann, gach liú áthais as agus splaiseanna móra á gcaitheamh i ngach taobh aige. Cáit go ríméadach idir gháirí agus chomhpháirtíocht san ealaín seo.

Scaoileann sí a cloigeann siar ag ligint gáire aisti. Ansin osna uaithi agus í ag ligint uirthi go bhfuil sí nach mór tugtha ag na hiarrachtaí seo ar fad. Scréach áthais óna mac faoi seo. É sna tríthí gáire sa mbairille.

Gach ball coirp ar croitheadh leis an ngáire. Faoi dhromhchla an uisce oibríonn sé a dhá chos go stuama fuinniúil. Anois ruathar eile le déanamh ag a mham. Ardaíonn sí a dá lámh le chéile amhail is gur ghob mór amháin iad. Cromann sí os cionn an bhairille. Osclaíonn sí amach a lámha agus sánn san uisce iad de smeach.

"Slán!" arsa Danny, ag éalú uaithi agus gliondar ar a ghlór aige. Sánn a mham a lámha san uisce arís agus arís eile, ag iarraidh breith ar cheann, géag nó eile. Danny ag léim is ag damhsa as a bealach uirthi. Splaiseanna. Spliseanna! Plabanna móra agus braonacha an uisce ag plobarnach chun na spéire.

Tá Breandán tagtha abhaile faoi seo agus é ag breathnú ar an mbeirt trí fhuinneog na cistine. Stopann Cáit dá ruathar ar a mic óg agus amach le Breandán.

"Slán arís!!" arsa Danny de ghlam na buaicgháire, "ní bhfaighfidh tú go brách mé!" Ligeann sé liú glórmhór na buaice! Agus ansin, ar fheiceáil Breandán chucu: "Deaide! Táimíd ag iascach, féach! Is mise iasc mór agus tá mamaí ina corréisc ’s í ag iarraidh breith orm."

Breathnaíonn Breandán ar a mhac. Feiceann sé aoibh an ghliondair air agus gile a shúile. Teannann sé lámh timpeall ar Cháit, atá féin fliuch ó bhonn go baithis, agus pógann ar a leiceann í. "Fáilte abhaile," arsa a chorréisc leis ag baint plaic as a ghualainn le gob láimhe an éin hréigigh. Gáire iontais ar Danny faoi seo. "Tá tú aimsithe aici ar an gcéad iarracht!" Gáireann Breandán. Gáireann sé ar nós nár gháir sé le fada.

Luíonn Danny siar agus leagann a chloigeann ar imeall an bhairille. Síneann sé a chosa amach agus déanann iad a oibriú go mall, láidir, suas agus síos san uisce. Tá a thuismitheoirí ag breathnú air go sona, a dheaide ag caitheamh corr steallóg ina threo. Meangadh mór croíúil ar bhéal Danny agus breathnaíonn sé aníos ar fhairsingeacht na spéire os a chionn. Tá na cosa á bpumpáil go láidir aige fós. Amach uaidh, in ard na spéire, daingníonn a shúile den aon fháinleog amháin atá ag rothlú ’s ag rince i spás mór gorm na saoirse.

Ceri Garfield is an artist and writer from Mullagh, West Clare. She works part-time in a local café and lends a hand in her family's pub. Her creative work is primarily nature based; she's "fascinated by the beauty of our natural world and our innate complexity as it reveals itself in quiet moments." She has only recently embarked on her writing career, having taken a course with Ré Ó Laighléis last year. She write short stories in Irish and English and also stories for children. 

This is one of 10 stories from the shortlist of the 2020 RTÉ Short Story Competition.  Read the rest of the stories here, tune into an Arena special at 7pm on Monday 28 September when the judges will announce their overall winners, and listen to a story from the shortlist on air every night from Monday 28 September to Friday 9 October at 11.20pm on RTÉ Radio 1. 

Neadú will be read by Bríd Ní Neachtain.