skip to main content

World Poetry Day: Read Cánóg Dhubh by Simon Ó Faoláin

To celebrate World Poetry Day, in association with Poetry Ireland, read Simon Ó Faoláin's superb poem Cánóg Dhubh - and then enjoy a variety of poems from the RTÉ Culture archives here.


Cánóg Dhubh

- do Mharcus Mac Conghail

Cros dhubh thanaí thú san aer im’ chuimhne,

An chulaith ghruama ort ar nós múnla

Ag ceilt chré umha niamhrach do mhianaigh,

Mianach a raideann do chreatlach ar an stoirm Gheimhridh,

Mianach ag ceiliúradh an fhoréigin dhiamhar san aer id’ thimpeall.

Ach ar an dteagmháil is lú dod’ chos scamallach

déanann fórsa éigin sa talamh

Daoi cré, éan tuí, fear grinn asat,

An tuirlingt ag cumadh aoire ort

Ó bhéal na talún tur neamhghéilliúl’

Nuair a thréigeann tú neamh aeir is uisce de thimpist’.

Le heaspa tuisceana an déagóra

Ar dhainséar, ar chastacht an tsaoil,

Léimeann tú gan buaireamh ón bhfaill

Don gcéad uair

agus leathann do sciatháin

Don gcéad uair,

gan cheist ná amhras

Ach go mbéarfaidh an t-aer do mheáchan,

Is déanann.

Cuireann méarnáil leictreach An Daingin soir uait

Teaspach is fiosracht ort, go gcasann tú

 – Mar a dhein na hógánaigh thiar riamh –

I dtreo shoilse an bhaile mhóir.

Chonac thú ar maidin

ós comhair an Ché Spáinneach,

Ní le dhá thaobh an bhóthair agat ach a chroílár,

tú suite ar an líne bhán,

meáchan do choirp brúite chun tosaigh ar d’ucht,

do chosa laga ag saothrú gan mhaith,

Iarsma do chlúmh gearrcaigh

ina afro áiféiseach ar chúl do chinn,

na cairteacha is na lorraithe

ag tabhairt gach cor tobann timpeall ort,

iontas ort fén bhfústar,

ar nós garsúin ó Inis Icileáin

a chuaigh sna púcaí oíche

is a dhúisigh le fáinne an lae

i lár Bangkok.

Tarrtháladh thú, is cuireadh siar thú

I mbosca bróg

chun an léimt a thabhairt athuair,

Ag filleadh ar do mhianach,

Cré umha niamhrach do mhianaigh,

Mianach a raideann do chreatlach

Mar chros dhubh thanaí ar an stoirm Gheimhridh,

Mianach ag ceiliúradh an fhoréigin dhiamhar

San aer id’ thimpeall.

About The Poet: Rugadh Simon Ó Faoláin i 1973 i mBaile Átha Cliath agus tógadh é in Iarthar Dhuibhneach. Tá trí leabhar filíochta Gaeilge foilsithe aige. I measc na ngradam atá buaite aige dá scríbhneoireacht tá Duais Glen Dimplex, Duais Strong, Duais Bhaitéar Uí Mhaicín, Duais Cholm Cille agus Duais Foras na Gaeilge. An leabhar is déanaí uaidh ná An Corrmhíol, aistriúchán Gaeilge ar an dán fada Gàidhlig A’ Mheanbhchuileag le Fearghas MacFionnlaigh.

Read Next