Bí ar nós Joyce é féin, caith lá ag siúl na cathrach, ag sú na litríochta ag Cruinniú na Cásca.
1. 11 r.n, i gCearnóg Mhargadh na Feirme, cuirfidh Poetry Ireland sraith cainteanna agus léirithe inár láthair, ina measc, Vona Groarke, Nuala Ní Dhomhnaill agus an tOllamh Jim Lucey ag léamh óna gcuid saothar.
2. 12.30 i.n i dTeach Iveagh, labhróidh Eithne Shortall leis an údar iomráiteach, Dónal Ryan a bhfuil a leabhar is déanaí, All We Shall Know sna siopaí anois.
3. 3.45 i.n san Eaglais Úinitéireach, tabharfaidh Ciara Geraghty, scríbhneoir le Fighting Words spléachadh ar shaothair nua dúinn le húdair óga a cumadh tríd an gcarthanacht.
4. 4.30 i.n sa Leabharlann Náisiúnta, tabharfar spléachadh ar bhailiúchán de Litríocht na hÉireann mar a fheictear í sa Leabharlann Náisiúnta féin.
Dár ndóigh, tá go leor, leor imeachtaí eile ar siúl ar an lá, is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.