skip to main content

Imeachtaí iontacha do pháistí ag Cruinniú na Cásca

Blaiseadh den saol cultúrtha do dhaoine óga na tíre seo a bheidh in Cruinniú na Cásca. Bailigh le cairde, ceap plean agus bain sult as na himeachtaí seo a leanas!

Dé Luain, 17 Aibreán a thiocfaidh an earnáil cultúrtha le chéile ar fud Chathair Bhaile Átha Cliath le himeachtaí saor in aisce a chur ar fáil do phobal na hÉireann.

Cuimseoidh an lá mór-réimsí na healaíona ina measc, an scannánaíocht, an fhilíocht, ceol agus an chruthaitheacht sa teicneolaíocht. Seo cuid de na himeachtaí a sheas amach ó sceideal an lae a d'fheilfeadh dár dhaoine óga:

  1. Taispeánfar an scannán Éireannach, Song of the Sea/ Amhrán na Mara (i mBéarla agus i nGaeilge) bunaithe ar bhéaloideas na tíre seo a bhuaigh gradaim náisiúnta agus idirnáisiúnta i bPictiúrlann an Lighthouse ag tosú ag 11.05 r.n.
  2. Don té ar spéis leo an chéad Instagram nó Snapchat a chruthú, reachtáilfear ceardlann idirghníomhach ar aip a chruthú i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ag 3.30 i.n.
  3. Glacfaidh Imaginosity, an Músaem Náisiúnta na bPáistí seilbh ar Fhaiche Stiabhna, áit a mbeidh seisiúin scéalaíochta agus clós súgartha idirghníomhach ann don lá ar fad.
  4. Déanfar gleo ag ceachtanna dromadóireachta ó scoil dromadóireachta Afro Éire i bhFaiche Stiabhna a thosóidh ag 11.30 r.n. ar feadh an lae. 
  5. Bain triail as do chéimeanna seite ag Céilí mór i gCé Theach an Chustaim óna 11 r.n.

Go here for more on the Cruinniú na Cásca programme.

Read Next