skip to main content

5 Bhuaicphointe Chruinniú na Cásca

Ar an Luan, 17 Aibreán a bheidh an lá is mó i saol cultúrtha na hÉireann le fada an lá. Reachtáilfear Cruinniú na Cásca mar chuid de Chlár Éire Ildánach ar fud Bhaile Átha Cliath agus ar fud na tíre, gan dabht. Idir cheardlanna idirghníomhacha, taispeántais chruthaitheacha agus cur i láthair ó chuid de na healaíontóirí is spéisiúla sa tír, beidh lá iomlán ann do pháistí agus do dhaoine fásta, araon. 

1. Ceardlann Léaráide sa Dánlann Eolaíochta le Laureate na nÓg, PJ Lynch agus Paper Panther, a thabharfaidh léargas ar an earnáil seo atá faoi bhláth in Éirinn. 

2. Caint ar ról na mban i sochaí na hÉireann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, á chur i láthair ag Sinéad Gleeson, áit a mbeidh Lenny Abrahamson, Lynn Ruane, Úna Mullally agus Deirdre Kinahan i mbun chainteanna ar stair agus staid reatha na mban in Éirinn.

3. Sraith cainteanna á gcur i láthair ag Raidió na Gaeltachta sa Generator Hostel, i gCearnóg Mhargadh na Feirme; i measc na n-aíonna, tá Bláthnaid Rua Ní Chofaigh, Fiachna Ó Braonáin, Anne Mc Cabe, Gearóid Ó Cairealláin, Eilís Ní Chinnéide agus Dara Ó Cinnéide.

4. Syrian Experiences in Ireland, Adams Suite sa Shelbourne Hotel Sorcha Pollack, údar an cholún New to the Parish, The Irish Times ag caint le Razan Ibrahim, Debbie Beirne and Maisa al-Hariri (Aistritheoir agus agus iarrthóir tearmainn)

5. Ceardlanna ceardaíochta i bhFaiche Stiabhna áit a mbeidh pobail éagsúla ag teacht le chéile, an lucht siúil agus an pobal Pólannach san áireamh. Beidh teaghlaigh spreagtha le dul i mbun péinteála, cniotála agus puipéad a chruthú le ceol Chopin.

Read Next