Major Theme - {title}
Conradh na Gaeilge agus Éirí Amach na Cásca 1916
Fógra do bhailiúchán ar son na teanga a bhí ar siúl i rith Seachtain na Gaeilge 1913 Photo: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, EPH G11

Conradh na Gaeilge agus Éirí Amach na Cásca 1916

le Brian Ó Conchubhair

Nuair a ghabh Óglaigh na hÉireann agus an tArm Cathartha seilbh de lann agus de lasair ar fhoirgnimh áirithe i lár Bhaile Átha Cliath, ar Luan Cásca 24 Aibreán 1916, ba bhaill de Chonradh na Gaeilge fórmhór na bhfear agus na mban úd faoi airm de réir dealraimh. Nuair a fógraíodh Forógra na Poblachta go gairid ina dhiaidh sin, ba bhaill aitheanta de Chonradh na Gaeilge seisear den seachtar a shínigh an cháipéis réabhlóideach. Faoin cheann seachtaine, agus lár na cathrach scriosta, cuireadh an réabhlóid faoi chois agus gabhadh na ceannairí. As an seisear déag a cuireadh chun báis - ba Ghaeilgeoirí a bhformhór, ar bhaill de Chonradh na Gaeilge iad: Éamonn Ceannt, Tomás Ó Cléirigh, Seán Mac Diarmada, Tomás Mac Donnchadha, Micheál Ó hAnnracháin, Pádraig Mac Piarais, Liam Mac Piarais, Joseph Mary Plunkett, Ruairí Mac Easmainn, Seán Heuston, Conchúr Ó Colbaird, Edward Daly agus Thomas Kent. Ní hamháin sin, ach ba é an scoláire Eoin Mac Néill, ar chomhbhunatheoir Chonradh na Gaeilge é agus arbh uachtarán an Chonartha é ó 1915 ar aghaidh, ceannaire na nÓglach a bhí tar éis dúshlán Shasana a thabhairt. Thuigfí dá bharr gur cheárta cheart cheilge ba ea Conradh na Gaeilge, eagraíocht tiomnaithe don réabhlóidaíocht mhíleata agus do chogaíocht, seachas eagraíocht neamhpholaitiúil neamhsheicteach a bhí tiomnaithe do chúrsaí cultúir agus teanga amháin. 

(Ar chlé) Dubhghlas de hÍde mar fhear óg (Ar dheis) Eoin Mac Néill, comhbhunaitheoir Chonradh na Gaeilge in éineacht le de hÍde. (Íomhánna: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann)

Bunú Chonradh na Gaeilge
Bunaíodh Conradh na Gaeilge ag deireadh na bliana 1893 tar éis do Dhubhghlas de hÍde a óráid cháiliúil faoi dhíghalldú na hÉireann agus faoi dhíghalldú mhuintir na hÉireann a thabhairt uaidh in 1892. De réir a chéile d’fhás Conradh na Gaeilge, faoi stiúir de hÍde agus a leathbhádóir, Eoin Mhic Néill, ó ghrúpa beag ball dílis san ardchathair go gach cuid den tír, agus níos faide ó bhaile. Bunaíodh craobhacha sa Ghaillimh (24 Eanáir 1894), Corcaigh (22 Aibreán 1894), Doire (1894), Ros Mhic Thriúin, Loch Garman (Bealtaine 1894), Na hAoraí, Corcaigh (Nollaig 1894) agus Londain Shasana (Deireadh Fómhair 1896). Faoin mbliain 1896, bhí 43 craobh cláraithe le Conradh na Gaeilge, ocht gcinn díobh siúd thar lear. Cuireadh an fás mear sa bhallraíocht i gcathair Bhaile Átha Cliath i leith na léachta conspóidí ‘The Turning of the Tide’ leis an Athair Peter C. Yorke, Gaillimheach ar shagart in San Francisco é, ar an 6 Meán Fómhair 1899. Faoin mbliain 1901, bhí 30 craobh san ardchathair agus sna bruachbhailte; faoin mbliain 1903 maíodh gurbh ann do 500 craobh ar fud na tíre. D’ainneoin nár thuilleadar ach £43 i dtáillí ballraíochta sa bhliain 1895, d’ardaigh an figiúr sin go £2,000 faoin mbliain 1900. Leis an teacht isteach substaintiúil airgid seo, bhíothas in ann foireann lán-aimseartha a fhostú. I measc na foirne seo, áirítear na timirí a thaistil ar rothair agus ar ghluaisrothair ó cheann ceann na tíre, ag eagrú ranganna, ag bunú craobhacha, ag síor-spreagadh shoiscéil an Chonartha agus ag gríosú Gaeilgeoirí. Faoi 1904, mhaígh an Conradh breis agus 50,000 ball i 600 craobh.

Tháinig tuilleadh feabhais ar scéal na ballraíochta an bhliain dar gcionn nuair a tuairiscíodh go raibh 100,000 ball cláraithe i 900 craobh ar fud an domhain. Ba ann do chraobhacha in Albain (Glaschú), Sasana (Londain, Learpholl, Manacháin, Portsmouth, Southampton, Rugby, Birmingham, Leicester, Wigan, Oldham, Salford, Coventry, Bolton), an Bhreatain Bheag (Cardiff); an Airgintín (Piedad; Buenos Aires), Stáit Aontaithe Mheiriceá (Chicagó; Nua Eabhrac; Holyoke; Rhode Island), an Nua-Shéalainn (Miltown; Balcluttra), an Afraic Theas (Capetown; Kimberley). D’eagraítí ranganna le linn an gheimhridh ina múintí léamh agus scríobh don phobal, go leor acu nár fhan ró-fhada i mbunscoileanna na tíre agus ar dheis oideachasúil fíorluachmhar é seo dóibh. An méid a d’fhoghlaimítí sna ranganna idir léamh, scríobh, dhamhsa, amhránaíocht, aithriseoireacht agus stair, chuirtí ar taispeántas é ag ócáidí éagsúla le linn an Fhómhair agus an Earraigh ag aonaigh, ag seilgí, ag aeraíochtaí agus ag feiseanna.

Óglaigh na hÉireann, Gin Chonradh na Gaeilge?
Bunaíodh Óglaigh na hÉireann mar eagraíocht tar éis d’Eoin Mac Néill, leathbhádóir de hÍde i mbunú Chonradh na Gaeilge in 1893, alt dar teideal ‘The North Began’ a fhoilsiú ar an 1 Samhain 1913 i An Claidheamh Soluis, nuachtán Chonradh na Gaeilge. Ar an 25 Samhain, tionóladh cruinniú ag rinc oighir an Rotunda san ardchathair chun Óglaigh na hÉireann a bhunú. D’fhreastail 7,000 duine ar an gcruinniú úd agus chláraigh breis agus 3,000 óglach an oíche sin de réir an tseanchais agus ba chonraitheoirí a bhformhór. Os rud é gurbh é Mac Néill údar an ailt, ba eisean a ceapadh mar cheannaire na nÓglach ach bhí Gaeilgeoirí agus Conraitheoirí eile ar an ardán an oíche sin – Pádraig Mac Piarais, Ua Rathghaille, Tomás Mac Donnchadha, Piaras Béaslaí – agus iad go mór chun cinn sa ghluaiseacht mhíleata nua. Ar ndóigh, d’fhan na Fíníní ar chúl stáitse ag déanamh cúl dín de Mhac Néill. Nuair a reáchtáladh cruinniú eile thiar sa Ghaillimh le hÓglaigh an Iarthair a eagrú, ba iad Eoin Mac Néill, Pádraig Mac Piarais agus Ruairí Mac Easmainn a sheas ar an ardán os comhar an tslua: conraitheoirí aitheanta an triúr acu.

Príomhleathanach An Claidheamh Soluis, nuachtán seachtainiúl an Chonartha, ón 13 Meitheamh 1903. (Íomhá: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann)

Más i nGaeilge féin a bhí ainm na heagraíochta, Óglaigh na hÉireann, ba i mBéarla a breacadh na rialacha agus ba trí mhéan an Bhéarla a d’fheidhmigh an eagraíocht. Mheall na hÓglaigh go leor d’fhuinnimh agus de bhrí Chonradh na Gaeilge tar éis 1913 de réir mar a bheartaigh Bráithreachas na Poblachta na heagraíochtaí éagsúla cultúrtha a thabhairt faoina smacht: Conradh na Gaeilge, Cumann Lúthchleas Gael, Coillteoirí Náisiúnta na hÉireann agus araile.

Ceist an Chogaidh Mhóir
Nuair a fógraíodh go raibh An Bhreatain Mhór ag dul chun cogaidh, achtaíodh An tAcht Fionraíoch (1914) chun Féinriail, nó ‘Hóm Rúl,’ a chur ar an méar fhada go deireadh an chogaidh. Ghríos John Redmond, ceannaire an Pháirtí Éireannaigh, na hÓglaigh le clárú san arm chun deimhin a dhéanamh de, trína gcuid íobairtí ar pháirc an chatha, go dtuillfí Féin Riail agus rialtas dúchais d’Éirinn tar éis an Chogaidh. Chruthaigh sin scoilt: chuaigh a bhformhór, na hÓglaigh Náisiúnta, le Redmond agus chuaigh an mionlach, Óglaigh na hÉireann, le Mac Néill, leis an bPiarsach, leis an Ua Rathghaille agus le hÉamonn Ceannt. 

Mar eagraíocht neamhpholaitiúil, neamhsheicteach, níor thóg Conradh na Gaeilge aon seasamh i leith an Chogaidh. Ach níorbh ionann seasamh diongbháilte na heagraíochta – dearcadh de hÍde – agus dearcadh gach baill. B’ann do Réamainnigh Ghaeilge agus d’Aontachtóirí Gaeilge chomh maith le Sinn Féinithe Gaeilge agus Fíníní Gaeilge. B’ann do Liam Mac Giolla Bhríde/William Gibson agus don Fheisire Tomás Ó Domhnaill, Gaeilgeoirí agus Conraitheoirí cruthanta a spreag fir óga na hÉireann chun go liostálfaidís go beo san arm; b’ann do Chonraitheorí a labhair i nGaeilge ag cruinnithe earcaíochta agus ar caitheadh i bpríosún iad; agus b’ann do Chonraitheoirí (Seán Mac Giollarnáth agus Peadar Ó hAnnracháin) a scríobh ailt, amhráin agus ranna grinn ag caitheamh anuas ar an gcogadh agus ar ról na nÉireannach san choimhlint. Má bhí An Claidheamh Soluis neodrach, níorbh amhlaidh don iris Ghaeilge, Ná Bac Leis, páipéar beag réabhlóideach a foilsíodh i 1915.

(Ar chlé) Liam Mac Giolla Bhríde/William Gibson, (2nd Baron Ashbourne), ball de Chonradh na Gaeilge agus bolscaire ar son an Chogaidh Mhóir (Ar dheis) Michael O’Leary, cainteoir dúchais Gaeilge agus laoch le linn an Chogaidh (Íomhánna: Leabharlann Náisiúntana hÉireann agus Leabharlann na Comhdhála)

An tÉirí Amach
Tar éis Ard Fheis na bliana 1915, níorbh ann a thuilleadh do de hÍde mar uachtarán agus ba é Mac Néill, ceannaire na nÓglach, a ceapadh go sealadach ina áit. Agus é i gceannas, mar dhea, ar an gConradh agus ar na hÓglaigh, níorbh aon lá iontais é go samhlófaí dlúthnasc idir an dá eagraíocht – ach bhaist nuachtáin na linne ‘réabhlóid Shinn Féin’ seachas ‘réabhlóid Chonradh na Gaeilge’ ar an Éirí Amach. Mar is eol ní raibh Mac Néill ar aon tuairim leo siúd i mBráithreachas na Poblachta a mheas gur ghá éirí amach míleata i 1916. Ba chiallmhaire an cur chuige, dar leis, fanúint go mbeadh tréimhse an chogaidh istigh agus ansin, agus an síocháin i réim, leas a bhaint as na hÓglaigh, mar bhagairt, le brú a chur ar an Rialtas an méid a ghealladar a chur i gcrích, ‘Hóm Rul’ d’Éirinn – díreach mar a dhein na hÓglaigh i gCúige Uladh. Ach ní mar a shíltear a bhítear: bhí an Bráithreachas meáite réabhlóid a chur ar bun, le beannacht nó beag beann ar bheannacht Uí Néill.

Agus an réabhlóid curtha faoi smacht agus na ceannaircigh ceansaithe, cuireadh an Conradh faoi chois go sealadach. Tionóladh Ard Fheis na bliana 1916 san ardchathair ach bhí formhór na n-oifigeach faoi ghlas. Fógraíodh neamhspleáchas an Chonartha agus a sheasamh neamhpholaitiuil an athuair. Cé gur mhór an gradam don Chonradh an dlúthnasc le ceannairí an Éirí Amach, chothaigh sé nasc buan idir cúis na teanga agus cúis an tréan-náisiúnachais, íomhá a dhein dochar fadtéarmach do bhunchuspóirí de hÍde go mbeadh an eagraíocht neamhpholaitiúil.

Labhraíonn Dr Regina Uí Chollatáin, UCD, faoi chomhthéacs chinneadh de hÍde éirí as uachtarántacht an Chonartha

Is féidir dul thar fóir le tionchar Chonradh na Gaeilge ar imeachtaí na réabhlóide ach ní féidir neamhshuim nó beag is fiú a dhéanamh den ról a d’imir an Conradh in oiliúint na gceannairí ná in ullmhú mheon na gcosmhuintire don réabhlóid. Bhí baill Chraobh an Chéitinnigh agus craobhacha eile na hardchathrach rannpháirteach san Éirí Amach, ach ba bhaill go leor acu leis de Chumann Lúthchleas Gael, de Chumann na mBan, agus d’eagraíochtaí deonacha eile. Ní le camáin ná le sliotair, áfach, a gineadh meon réabhlóideach na hÉireann ach le smaointe úra dúshlánacha. Agus ba é an Conradh príomhfhoinse na smaointeoireachta nua intleachtúla a rop trí Éirinn sna blianta roimh an Éirí Amach. 

Is Ollamh Comhlach é Brian Ó Conchubhair in Ollscoil Notre Dame. Tá sé ina stiúrthóir ar Ionad na dTeangacha san ollscoil sin agus ina uachtarán ar an gComhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann. Ta sé ag teagasc in Université Sorbonne Nouvelle - Paris faoi láthair.

RELATED CONTENT

RTÉ

Century Ireland

The Century Ireland project is an online historical newspaper that tells the story of the events of Irish life a century ago.