Úrscéalta na Gaeilge

Úrscéalta na Gaeilge

10:00 - 10:30 Dé Domh / Sun

Úrscéalta na Gaeilge Dé Domhnaigh 15 Iúil 2018

D’eagraigh Ollscoil Notre Dame seimineár i mBaile Átha Cliath i 2015 le plé a dhéanamh ar na húrscéalta Gaeilge is fearr a scríobhadh sa Fichiú haois.  Chuir an comhlacht foilsitheoireachta Cló Iar Chonnacht leabhar i dtoll a chéile ina dhiaidh sin bunaithe ar ábhar an tseimineáir, agus foilsíodh an leabhar i dtús na bliana 2018.  Sa tsraith seo, cloisfidh muid aistí raidió bunaithe ar na húrscéalta sin, ina measc  Cré na Cille, An Béal Bocht , Mo Bhealach Féin , An Uain Bheo, Cuaifeach mo Londubh Buí, Desiderius a Dó agus Séadna.  

In 2015, the University of Notre Dame organised a seminar to discuss the best novels in Irish of the Twentieth Century.  Publishers Cló Iar-Chonnacht published a book based on the seminar earlier this year, 2018.  In this series, writers present radio essays based on these novels, including Cré na Cille, An Béal Bocht , Mo Bhealach Féin , An Uain Bheo, Cuaifeach mo Londubh Buí, Desiderius a Dó and Séadna.   

Na Cláracha

1.  Brian Ó Conchubhair, duine d'eagarthóirí an leabhair, le cur i láthair na sraithe.  

2.   Alan Titley ag caint ar an leabhar Séadna le Peadar Ua Laoighaire.

3.   Liam Ó Dochartaigh ag caint ar an leabhar Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna.

4.   Caoimhín Mac Giolla Léith ag caint ar an leabhar An Béal Bocht le Myles na gCopaleen.

5.    Máire Ní Annracháin ag caint ar an leabhar Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain.

6.   Tadhg Ó Dúshláine ag caint ar an leabhar Néal Maidine agus Tine Oíche le Breandán Ó Doibhlin

7.    Máirín Nic Eoin ag caint ar an leabhar Dé Luain le hEoghan Ó Tuairisc. 

8.    Antain Mag Shamhráin ag caint ar an leabhar An Uain Bheo le  Diarmaid Ó Súilleabháin.

9.    Máirtín Coilféir ag caint ar an leabhar Méirscrí na Treibhe le hAlan Titley a foilsíodh i 1978.   

10.  Pádraig Ó Siadhain ag caint ar an leabhar Cuaifeach Mo Londubh Buí le Séamas Mac Annaidh.   

11. Gréagóir Ó Dúill ag caint ar an leabhar Éagnairc  le Pádraig Ó Siadhail.   

12. Brian Ó Broin ag caint ar An leabhar An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil.  

 13. Gearóid Denvir ag caint ar an leabhar Desiderius a Dó le Pádraig Ó Cíobháin.   

Úrscéalta na Gaeilge

Sa tsraith seo, cloisfidh muid aistí raidió bunaithe ar na húrscéalta Gaeilge is fearr a scríobhadh sa Fichiú hAois,

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

rnag@rte.ie 

+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú + Léiriú / Presented & Produced: Eibhlín de Bhailís 

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís