Tús Áite

Tús Áite

17:00 - 17:55 Luan - Aoine / Mon - Fri

Podchraoltaí

Dé Máirt 13 Aibreán

Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta

Marú Daunte Wright i Minneapolis, damáiste déanta do na fíonghoirt sa Fhrainc agus scaoileadh uisce radaighníomhach ó Fukushima isteach san aigéan – pléimid na scéalta idirnáisiúnta le Dr Bairbre Ní Chiosáin (Léachtóir ollscoile in Toulouse) agus Lisa Nic an Bhreithimh (Ceannasaí Cumarsáide agus Oideachais, Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn).

Tús Áite: Deacracht le foirm iarratais as Gaeilge ón Roinn Dlí & Cirt

Labhraímid le Dr. Fangzhe Qiu (Léachtóir sa Sean-Ghaeilge in UCD) faoin deacracht a bhí aige féin agus a bhean Lijing Peng foirm iarratais Ghaeilge a fháil ón Roinn Dlí agus Cirt agus an mhoill a cuireadh ar an bpróiseas eadóirseachta dóibh beirt.

Tús Áite: Cró Cainte – Covid-19

Labhraímid le Barry Ward (Seanadóir le Fine Gael) agus Peadar Tóibín (TD & Ceannaire Aontú) faoi choraintín éigeantach agus pasanna dóibh siúd a bhfuil an vacsaín faighte acu.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Moill ar dháileadh Johnson & Johnson, rialacha don choraintín éigeantach, pasanna vacsaíní agus eile – na scéalta móra le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).

Tús Áite: 13/4/21

Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Barry Ward (Seanadóir, Fine Gael), Peadar Tóibín (TD & Ceannaire Aontú), Dr. Fangzhe Qiu (Léachtóir sa Sean-Ghaeilge in UCD), Dr Bairbre Ní Chiosáin (Léachtóir ollscoile in Toulouse) & Lisa Nic an Bhreithimh (Ceannasaí Cumarsáide agus Oideachais, Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn).

Dé Luain 12 Aibreán

Tús Áite: Grádanna ríofa sa Ghaeilge

Níor roghnaigh ach 60% de dhaltaí Ardteiste i mbliana scrúdú scríofa a dhéanamh sa Ghaeilge. Pléimid é seo leis an bpainéal.

Tús Áite: Teannas sna 6 chondae

Pléimid an teannas agus foréigean sna 6 chondae i láthair na huaire, tionchar Phrótacal Thuaisceart Éireann agus eile leis an bpainéal.

Tús Áite: Maolú srianta

Tá roinnt mhaith srianta a bhí i bhfeidhm sa stát ó thús na bliana le maolú inniu agus scoileanna le hathoscailt go hiomlán ag an am céanna. Labhraímid faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige seo leis an bpainéal.

Tús Áite: Athrú ar dháileadh AstraZeneca

Pléifear úsáid an vacsaín AstraZeneca ag cruinniú NIAC inniu agus an chuma ar an scéal go molfaidh siad nach dtabharfaí an vacsaín ach dóibh siúd atá os cionn 60 bliain d’aois. Pléimid é seo le Dr. Joe Barry (Iar-Ollamh le Sláinte Phoiblí, Coláiste na Tríonóide) agus leis an bpainéal.

Tús Áite: 12/4/21

Ar an gclár inniu: Íte Ní Chionnaith (Saorchraoltóir agus iar-Léachtóir cumarsáide), Aonghus Ó Lochlainn (Saor Léiritheoir agus Láithreoir), Ógie Ó Céilleachair (Múinteoir meánscoile i Luimneach, Podchraoltóir agus Údar), Milène Fegan (Saor Léiritheoir teilifíse) agus Dr. Joe Barry (Iar-Ollamh le Sláinte Phoiblí, Coláiste na Tríonóide).

Dé hAoine 9 Aibreán

Tús Áite: Bás DMX (ar dheis Dé go raibh a anam) agus imeachtaí na seachtaine

Labhraímid le Conall Mac Dhonnagáin faoi bhás an rapamhránaí DMX, chomh maith leis na himeachtaí Cniotáil agus Comhrá, An Ghaeltacht faoi Bhláth agus Coirnéal an Cheoil.

Tús Áite: Scéalta Spóirt

Labhraímid le Cuán Ó Flatharta faoi phíonós d’fhoirne peile Bhaile Átha Cliath agus Muineacháin, amchlár na gcluichí CLG, Laighean i gcoinne Exeter sa rugbaí agus comórtas an Masters sa ghalf.

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Vóta ag ceardchumainn na múinteoirí mar gheall ar amlíne na vacsaíní, foréigean sna 6 chondae agus píonós d’fhoirne peile Bhaile Átha Cliath agus Muineacháin – pléimid scéalta na seachtaine le Déaglán de Bréadún (Tráchtaire agus Colúnaí le The Irish News) agus Réaltán Ní Leannáin (Údar).

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Teachtaireacht ó Chomhairle na bPobal Dílseacha sna sé chondae, vóta ag ceardchumainn na múinteoirí faoi vacsaíní agus cruinniú rialtais faoi thíortha breise a chur leis an liosta don choraintín éigeantach – na scéalta móra le hÁine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitiúil).

Tús Áite: Foréigean sna 6 chondae

Labhraímid le Feargal Mac Bhloscaidh (Léachtóir Staire, Ollscoil na Banríona) faoin bhforéigean sna 6 chondae le seachtain anuas.

Tús Áite: Bás an Phrionsa Philip

Fógraíodh bás an Phrionsa Philip, Diúc Dhún Éideann, ar maidin. Pléimid é seo le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).

Tús Áite: 9/4/21

Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Feargal Mac Bhloscaidh (Léachtóir Staire, Ollscoil na Banríona), Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitiúil), Déaglán de Bréadún (Tráchtaire agus Colúnaí le The Irish News), Réaltán Ní Leannáin (Údar), spóirt le Cuán Ó Flatharta agus siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.

Déardaoin 8 Aibreán

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Insíonn Catherine Foley scéalta dúinn ón Bray People, Echolive.ie, Roscommon Herald agus Mayo News.

Tús Áite: Tionchar inscne sa cheol traidisiúnta

Labhraímid faoi thaighde Úna Monaghan ar thionchar na hinscne sa cheol traidisiúnta sa leabhar ‘121 Stories: The impact of gender on participation in Irish traditional music’ le Máiréad Ní Mhaonaigh (Ceoltóir), Siobhán Ní Chonaráin (Príomh-Riarathóir Comhaltas Ceoltóirí Éireann) agus Séamus Ó Rocháin (Ball coiste scoil samhraidh Willie Clancy).

Tús Áite: Sárú srianta ag foireann Mhuineacháin

Tá bainisteoir fhoireann pheile Mhuineacháin Séamus McEnaney curtha ar fionraí ar feadh 12 seachtain mar gur sháraigh cuid den fhoireann srianta Covid-19. Pléimid é seo le Tomás Ó Sé (Tráchtaire agus Iar-Imreoir peile le Ciarraí).

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Teannas sna 6 chondae, cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas faoi chúrsaí teanga curtha ar ceal agus nasc ag Astra Zeneca le téachtán fola – na scéalta móra le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).

Tús Áite: Círéibeacha sna 6 chondae

Tá cruinniú fíorúil le bheith ag Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis leis na páirtithe i bhFeidhmeannas Stormont ar maidin faoin bhforéigean agus círéibeacha i gceantair dhílseachta le roinnt oícheanta anuas. Pléimid é seo le Dr Ian Malcolm (Tráchtaire ar chúrsaí Aontachtacha) agus Niall Ó Donnghaile (Seanadóir le Sinn Féin).

Tús Áite: 8/4/21

Inniu: Dr Ian Malcolm (Tráchtaire ar chúrsaí Aontachtacha), Niall Ó Donnghaile (Seanadóir le Sinn Féin), Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Tomás Ó Sé (Tráchtaire peile), Máiréad Ní Mhaonaigh (Ceoltóir), Siobhán Ní Chonaráin (Príomh-Riarathóir Comhaltas), Séamus Ó Rocháin (Ball coiste Willie Clancy) & meáin áitiúla le Catherine Foley.

Dé Céadaoin 7 Aibreán

Tús Áite: Mír na Leabhar

Tugann Áine Ní Ghlinn a léirmheas dúinn ar ‘Siamsa an Gheimhridh’ le Domhnall Ó Fotharta (Cló IarChonnacht).

Tús Áite: Mír na Meán

Tugann Gráinne Uí Chaomhánaigh a léirmheas dúinn ar Iarnród Enda, Scannáin Bhaile Andy agus Deireadh Tochta.

Tús Áite: Gaeilge mar phríomhtheanga tí sna 6 chondae

Tá an Ghaeilge mar phríomhtheanga tí ag 529 leanbh i scoileanna sna 6 chondae i mbliana de réir figiúirí atá faighte le déanaí ó Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann. Pléimid é seo le Ciarán Dunbar (Iriseoir ón Belfast Telegraph) agus Ciarán Mac Giolla Bhéin (Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta).

Tús Áite: Círéibeacha i gceantair dhílseachta sna 6 chondae

Labhraímid le Séamus Mac Cionnaith (Iriseoir ón Irish News) faoi na círéibeacha i gceantair dhílseachta sna 6 chondae le cúpla oíche anuas.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Vóta ag ceardchumainn na múinteoirí faoi vacsaíní, cásanna Covid-19 a tholgaítear lasmuigh, easaontas sa rialtas faoin liosta tíortha do choraintín éigeantach agus cruinniú Von der Leyen le hErdowan – na scéalta móra le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).

Tús Áite: 7/4/21

Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Séamus Mac Cionnaith (Iriseoir ón Irish News), Ciarán Dunbar (Iriseoir ón Belfast Telegraph), Ciarán Mac Giolla Bhéin (Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta), mír na meán le Gráinne Uí Chaomhánaigh agus mír na leabhar le hÁine Ní Ghlinn.

Dé Máirt 6 Aibreán

Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta

Triail Derek Chauvin, taisteal idir an Nua Shéalainn agus an Astráil, tionchar na gcomhlachtaí príobháideacha ar an bpolaitíocht sna Stáit Aontaithe, fear a chuir é féin sa phost agus rás báid – na scéalta idirnáisiúnta le Seaghán Mac an tSionnaigh (Scríbhneoir) agus Úna Ní Bhroiméil (Léachtóir le Stair Mheiriceá).

Tús Áite: Google gan an Ghaeilge

Diúltaíodh do Dhiarmaid Mac Mathúna (Bunaitheoir GaelGram) fógra as Gaeilge a chur ar Google le déanaí toisc nach bhfuil an Ghaeilge i measc na dteangacha atá ceadaithe nuair a thagann sé chuig a gcuid fógraíochta. Labhraímid leis agus le hAengus Ó Snodaigh (TD & Urlabhraí Gaeilge Shinn Féin) faoi seo.

Tús Áite: Múinteoirí agus Vacsaíní

Tá ceardchumainn na múinteoirí ag bualadh le chéile inniu agus feachtas aontaithe beartaithe acu chun brú a chur ar an rialtas tosaíocht a thabhairt do mhúinteoirí sa chlár vacsaínithe. Pléimid é seo le Ruth Mhic Adaim (Príomhoide Ghaelscoil Shliabh Rua) agus Breandán Ó Dufaigh (Príomhoide Choláiste Oiriall).

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Múinteoirí in ord tosaíochta na vacsaíní agus cearta breise ag daoine atá vacsaínithe – na scéalta móra le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).

Tús Áite: 6/4/21

Inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Ruth Mhic Adaim (Príomhoide Ghaelscoil Shliabh Rua), Breandán Ó Dufaigh (Príomhoide Choláiste Oiriall), Diarmaid Mac Mathúna (Bunaitheoir GaelGram), Aengus Ó Snodaigh (TD & Urlabhraí Gaeilge Shinn Féin), Seaghán Mac an tSionnaigh (Scríbhneoir) & Úna Ní Bhroiméil (Léachtóir le Stair Mheiriceá).

Dé hAoine 2 Aibreán

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Labhraímid le Conall Mac Dhonnagáin faoi uibheacha Cásca, Coirnéal an Cheoil, Ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Joe Steve Uí Neachtain agus Tug Aire Dhuit Fhéin.

Tús Áite: Scéalta Spóirt

Labhraímid le Cuán Ó Flatharta faoi threoirlínte Covid-19 briste ag peileadóirí Bhaile Átha Cliath agus Mumhan i gcoinne Toulouse amárach sa rugbaí.

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Maolú ar shrianta faoi scáil ag conspóid faoi ord tosaíochta na vacsaíní, cinneadh an PPS i dtaca le sochraid Bobby Storey, aighneas faoi choraintín éigeantach, conspóid Ospideál an Choim agus Dessie Farrell curtha ar fionraí – scéalta na seachtaine le hÁine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitiúil) agus Séamus Mac Cionnaith (Iriseoir le The Irish News).

Tús Áite: Tionchar na paindéime ar an Eaglais

Inniu Aoine an Chéasta ach don dara bhliain as a chéile ní bheidh aon searmanais eaglasta a bhfuil cead ag daoine freastal orthu ar bun timpeall na tíre. Pléimid é seo le Cian Molloy (Saoririseoir) agus Bláthnaid Ó Brádaigh (Iar-bhall de Choiste Tréadach Ardeaglas BhÁC).

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Mearthástáil le cur ar bun i gcoláistí tríú leibhéal, treoirlínte Covid-19 agus briseadh na Cásca – na scéalta móra le Gráinne Ní Aodha (Iriseoir ón Journal).

Tús Áite: 2/4/21

Ar an gclár inniu: Gráinne Ní Aodha (Iriseoir ón Journal), Cian Molloy (Saoririseoir), Bláthnaid Ó Brádaigh (Iar-bhall de Choiste Tréadach Ardeaglas BhÁC), Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire polaitiúil), Séamus Mac Cionnaith (Iriseoir le The Irish News), spóirt le Cuán Ó Flatharta agus siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.

Déardaoin 1 Aibreán

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Insíonn Edel Mhic Amhlaidh scéalta dúinn ón Southern Star, Anglo-Celt, Impartial Reporter agus Cork Beo.

Tús Áite: Cearta gan obair a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta oibre

Ón lá inniu beidh cearta breise ag fostaithe gan freagra a thabhairt ar ríomhphoist nó glaonna lasmuigh d'uaireanta oibre oifigiúla. Pléimid an difríocht a dhéanfaidh a leithéid le Stella O’Malley (Síctheirpeoir & Údar).

Tús Áite: An scéal is déanaí le Covid-19

Labhraímid leis an Ollamh Martin Cormican (Ceannasaí Cliniciúil do Rialú Ionfhabhtuithe, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) faoi chonspóid ord tosaíochta na vacsaínithe, conspóid fhoireann Átha Cliath, coraintín éigeantach le leathnú agus baol go mbeidh an ceathrú tonn chugainn go luath.

Tús Áite: Leathnú ar choraintín éigeantach idirnáisiúnta

Tá díomá léirithe ag Cumann Lúthchleas Gael gur sháraigh cuid d’fhoireann peile Bhaile Átha Cliath treoirlínte Covid-19 nuair a bhuaileadar le chéile do sheisiún traenála le déanaí. Pléimid é seo le Seán Kelly (Feisire Eorpach le Fine Gael & Iar-Uachtarán CLG) agus Liam Ó Néill (Iar-Uachtarán CLG).

Tús Áite: Sárú treoirlínte Covid-19 ag foireann peile Bhaile Átha Cliath

Pléimid leathnú an chórais choraintín éigeantach idirnáisiúnta go mbeadh tíortha eile san áireamh le Seán Kelly (Feisire Eorpach le Fine Gael & Iar-Uachtarán CLG).

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Thóg dochtúir ó Ospidéal an Coombe vacsaíní abhaile chuig a chlann, coinní i gcomhair vacsaíní do dhaoine a fuair cheana iad, argóint ag lucht an fhreasúra leis an Aire Sláinte agus leathnú ar choraintín éigeantach in óstáin – na scéalta móra le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).

Tús Áite: 1/4/21

Inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Seán Kelly (Feisire Eorpach le Fine Gael & Iar-Uachtarán CLG), Liam Ó Néill (Iar-Uachtarán CLG), An tOllamh Martin Cormican (Ceannasaí Cliniciúil do Rialú Ionfhabhtuithe, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte), Stella O’Malley (Síctheirpeoir & Údar) agus nuachtáin áitiúla le hEdel Mhic Amhlaidh.

Dé Céadaoin 31 Márta

Tús Áite: Mír na Meán

Tugann Antoin Beag Ó Colla a léirmheas dúinn ar an ngrúpa damhsa ‘Cairde’ ar Molscéal, podchraoladh ‘Ar do Rothar’ agus iris CLG ‘Cuaille’ agus pléimid a agallamh ar an gclár Barrscéalta ar maidin.

Tús Áite: Dianghlasáil

Pléimid an dianghlasáil agus a thionchar le Diarmaid Ó Cadhla (ón bhfeachtas ‘Ar son na fírinne agus cúram ceart sláinte’) agus Dr Ciarán Ó Fearraigh (Dochtúir Teaghlaigh).

Tús Áite: Athrú ar ord tosaíochta do na vacsaíní

Pléimid ord tosaíochta na vacsaíní agus an t-athrú a d’fhógair an rialtas inné le Dr Joe Barry (Iar-Ollamh le Sláinte Phoiblí, Coláiste na Tríonóide) agus Declan Glynn (Leas Ard-Rúnaí Aontas Múinteoirí Éireann), chomh maith le tuairimí ó mhúinteoirí agus daoine atá ag plé le cúram leanaí.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Bróga do pháistí ina n-earraí riachtanacha, tosaíocht ar bhonn aoise sa chlár vacsaínithe agus clarú ar líne don vacsaín – na scéalta móra le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).

Tús Áite: 31/3/21

Inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Dr Joe Barry (Iar-Ollamh le Sláinte Phoiblí, Coláiste na Tríonóide), Declan Glynn (Leas Ard-Rúnaí an TUI), Dr Ciarán Ó Fearraigh (Dochtúir Teaghlaigh), Diarmaid Ó Cadhla (ón bhfeachtas ‘Ar son na fírinne agus cúram ceart sláinte’) agus Mír na Meán le hAntoin Beag Ó Colla.

How to Get this Podcast

  1. Download and Install Podcast Software

    You will have to download and install software to be able to subscribe to podcasts, and download the latest shows. There are a number of freely downloadable programmes that allow you to access podcasts. Some of the most popular applications are iTunes, Juice and Doppler, for a list of more options go to www.podcastingnews.com. RTÉ is not resposible for the content of external websites or applications.

  2. Subscribe to this Podcast

    Copy the URL from below or from the address bar of this page and then insert it into your podcast software, look for an ADD or SUBSCRIBE option and follow the instructions. URL: Your software will automatically inform you of any new editions to the podcast without the need to subscribe again. If you have iTunes installed you can use this One Click Subscription.

  3. Listen to your podcast

    The podcast will be downloaded in mp3 format or mp4 if it's video, once the download is fully complete you can simply listen to or watch the programme on your computer, or transfer the file to a portable device (mp3 player, iPod etc) and listen to it at your convenience.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

tusaite@rte.ie 

+353 1 2082021

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithreoir/Presenter: Fachtna Ó Drisceoil
Léiritheoir/Producer: Sinéad Ní Uallacháin

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís