Súil Siar 1919

Súil Siar 1919

17:30 - 18:00 Dé Domhnaigh / Sunday

Súil Siar - 1919 Dé Domhnaigh 17 Samhain 2019

Sraith staire faoi mbliain 1919 i stair na hÉireann.  Bliain thar a bheith cinniúnach ab ea 1919 i stair na tíre, agus tabharfaidh an tsraith seo siar sinn go dtí imeachtaí na bliana sin agus an tábhacht a bhí leo.  Gach seachtain, pléifidh Dónall Ó Maolfabhail agus painéal staraithe an bhliain chorrach seo i stair na tíre.

10 Samhain
Pléifidh Cormac Ó Comhraí agus Feargal Mac an Bhloscaigh an fháilte a cuireadh roimh na saighdiúirí a d’fhill ón gCogadh Mhór, agus mar a thaobhaigh cuid acu le Gluaiseacht na Saoirse. 

17 Samhain
Pléifidh an tOllamh Emeritus le Stair Gearóid Ó Tuathaigh agus an Dr Kerron Ó Luain an chéad Dáil. 

24 Samhain
Pléifidh an Dr Caitríona Clear agus an Dr Mary Clancy cearta na mban, agus ról na mban i nGluaiseacht na Saoirse. 

1 Nollaig
Pléifidh na staraithe Liam Cahill agus Aindrias Ó Cathasaigh stailceanna móra na bliana 1919, agus Sóivéid Luimnigh.

8 Nollaig
Pléifidh an Dr Pádraig McGonagle agus an Dr Úna Ní Bhroiméil turas Eamon de Valera ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus an scoilt i measc Ghaeil Mheirceá ag an am. 

15 Nollaig
Pléifidh an Dr Tomás Mac Conmara agus an staraí Cormac Ó Comhraí an fáth gur mhéadaigh ar líon na nionsaithe i gcoinne an RIC i samhradh 1919. 

22 Nollaig
Pléifidh an tOllamh Emeritus le Stair Gearóid Ó Tuathaigh agus an Dr Kerron Ó Luain mar a cuireadh an chéad Dáil faoi chois i mí Mheán Fómhair. 

29 Nollaig
Sa chlár deireanach pléifidh na staraithe Cormac Ó Comhraí agus Feargal Mac an Bhloscaigh Micheál Ó Coileáin agus 'The Squad'. 

This is a history series on the year 1919, and its historic importance.  Dónall Ó Maolfabhail and a panel of historians will convene every week to look at the momentous events of that year and their importance, starting  with the lasting shadow of World War I on Irish society in the first programme.  Other topics that will be discussed include the first Dáil, the rights and role of women in the Independence Movement, the Limerick Soviet, De Valera in America, the attacks on the RIC, the Dáil being outlawed in September, and Michael Collins and 'The Squad'. 

Súil Siar 1919

Sa tsraith seo cloisfidh muid faoi imeachtaí na bliana 1919 in Éirinn, bliain chinniúnach i stair na tíre. Cloisfear scéalta maidir le hiar-shaighdiúirí, an Chéad Chogadh Domhanda,

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

rnag@rte.ie 

+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Láithriú & Léiriú / Presented & Produced: Dónall Ó Maolfabhail, Scun Scan Productions. 

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís