Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 11 Bealtaine 2014
Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee, beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.
Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain in Árainn Mhór i 1953
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dToraigh i 1956
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i gConamara agus in Árainn (1949,1951)
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dTír Eoghain i 1951
The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series, presented by Ian Lee, we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date. The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.
1. Liam Ó Briain ag cur síos ar an eolas a bhí aige ar phríosúin agus é sna hÓglaigh. 2. Seán Ó Roilleáin, Co Mhaigh Eo, le sean- scéal. 3. Cáit Nic Giolla Bhríde le seanchas fá oileáin Ghaeltachta Dhún na nGall. 4. Nollaig Ó Gadhra ag caint le Seán Ó Conghaile ó Chonamara.
Liam Ó Briain ag cur síos do Phroinsias Ó Conluain ar an eolas a chuir sé ar phríosúin agus é sna hÓglaigh thart fá 1916. Taifeadead 1966.
Seán Ó Roilleáin ag inse an tsean-scéil 'Bainne na Seacht mBliana' do Chiarán MacMathúna i Ros Dumhach sa bhliain 1975.
Cáit Nic Giolla Bhríde ó Ghaoth Dobhair le seanchas fá oileáin Ghaeltachta Dun na nGall. Proinsias Ó COnluain a thaifead.
Seán Ó Conghaile ag caint le Nollaig Ó Gadhra ó Chnoc na hAille Indreabhán, ag caint faoi athbheochan bheith á dhéanamh ar phatrúin agus ar thurasanna srl.
Teideal: Planxty Davis
Ceoltóir(í): Nic Jones
Albam: Penguin Eggs / Topic / TSCD 411
Fad: 9:50
+353 1 2082021
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee