Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 29 Meán Fómhair 2013
Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee, beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.
Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain in Árainn Mhór i 1953
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dToraigh i 1956
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i gConamara agus in Árainn (1949,1951)
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dTír Eoghain i 1951
The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series, presented by Ian Lee, we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date. The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.
1.Máire Ní Cheadagáin Oiléan Chléire. 2. Niall Ó Dubhghtaigh, Gort a' Choirce. 3. Seán Ó Cadhain Indreabhán, Coamara 4.Mairtín Ó Fathaigh, cainteoir ó dhúchas Gaeilge ó Bhaile Locha Riach.
Máire Ní Cheadagáin ar Oiléan Chléire le sean-scéal, comhrá agus amhrán do Liam Ó Muirthile sa bhliain 1974.
Niall Ó Dubhghtaigh, seanchaí cáiliúil ó Ghort a' Choirce, ag caint ar an saol i dTír Chonaill, An Lagán agus imirce sa bhliain 1953.
Seán Ó Cadhain (Johnny a' Táilliúra) ó Indreabhán, Conamara, ag caint le Mairtín Davy Ó Coisdealbha fá spailipínteacht ar an Aichréidh agus amhrán aige sa bhliain 1974.
Mairtín Ó Fathaigh, cainteoir ó dhúchas Gaeilge ó Bhaile Locha Riach Co. na Gaillimhe agus a bhí céad bliain d'aois, ag caint le Nollaig Ó Gadhra fá chúrsai Gaeilge agus eachtraí ón stairsa bhliain 1970.
+353 1 2082021
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithriú agus Léiriú / Presented + Produced: Ian Lee