Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

16:10 - 17:00 Dé Luain / Mon

rnag@rte.ie

Siúlach Scéalach Dé Domhnaigh 28 Aibreán 2013

Sa tsraith seo á cur i láthair ag Ian Lee, beidh seoda seanchais agus scéalaíochta a thaifead Radió Éireann le cluinstin. I 1947 fuair Radió Éireann Aonad Taistil Taifeadta den chéad uair agus thug siad cuairt ar gach aon cheantar Gaeltachta sa tír le saoithiúlacht na Gaeilge a thaifeadadh agus a chuir ar fáil don phobal.

Chomh maith leis na príomh-Ghaeltachtaí, déanadh taifid i mbreac-Ghaeltachtaí agus in áiteacha nach bhfuil ina nGaeltachtaí a thuilleadh, agus beidh na taifid sin mar chuid den tsraith fosta. Ar na daoine a thaifead ábhar do Radio Éireann sna blianta tosaigh sin bhí Proinsias Ó Conluain, Ciarán MacMathúna, Séamus Ennis agus Seán MacRéamoinn.

Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dToraigh i 1956 
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i gConamara agus in Árainn (1949,1951)
Pictiúirí ón seal a chaith Proinsias Ó Conluain i dTír Eoghain i 1951

The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series, presented by Ian Lee, we'll hear gems from the archives recorded by the unit. Séamus Ennis and Seán MacRéamoinn were the first two outside broadcasting officers appointed, and Proinsias Ó Conluain and Ciarán MacMathúna became broadcasting officers at a later date.  The idea of the outside broadcasting unit was primarily to record speech and music in Irish-speaking areas, some of which are no longer Gaeltachtaí.

Siúlach Scéalach

Seoda seanchais agus scéalaíochta ó Chartlann Fuaime RTÉ. Cús síos ar Shean-Phádraic Ó Conaire ó dhaoine a riabh aithne acu air agus fosta léirmheas ar a chuid scríbhneoireachta.

1. Mr Conroy uncal do Phádraic Ó Conaire. 2. Piaras Béaslaí ag caint air.

3. Sean Mac Giollarnáth. 4. Tadhg Ó Catháin. 5. Colm Ó Gaora. 6. Liam Ó Briain. 7. Tadhg Ó Catháin

Mr Conroy uncal do Phádraic Ó Conaire.

Mr Conroy, a thóg Sean Phádraic i Ros Muc nuair a fuair a athair féin bás, ag cur síos ar an tréimhse sin.

Piaras Béaslaí ag caint ar Phádraic Ó Conaire

Piaras Béaslaí ag cus síos ar an aithne a bhí aige ar Shean-Phádraic ó Conaire i Londain agus sa bhaile in Éirinn.

Sean Mac Giollarnáth ar Shean-Phadraic Ó Conaire

Seán MacGiollarnáth ag léirmheas aige ar shaothar agus ar Ghaeilge Shean-Phádraic.

Tadhg Ó Catháin le cúpla scéal faoi Shean-Phádraic.

Tadhg Ó Catháin, a raibh Sean-Phádraic ar lóistín aige le scéalta ina thaobh.

Colm Ó Gaora ar Shean-Phádraic

Colm Ó Gaora ó Ros Muc le scéal faoin mhóid in aghaidh an ólácháin a d'iarr sé ar Phádraig thógáil le bheith sna hÓglaigh.

Liam Ó Briain ar Shean-Phádraic ó Conaire

Liam Ó Briain ar an aithne a bhí aige ar Shean-Phádraic Ó COnaire agus na hiarrachtaí a déanamh postanna fháil dó i nGaillimh.

Tadhg Ó Catháin

Tadhg Ó Catháin agus an scéal aige faoi Shean-Phádraic agus an stoirm mhór.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

+353 1 2082021

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís