€20 milliún do Phlean Caipitil Sláinte Dhún na nGall

Tá sé fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta Bia agus Mara Charlie McConalogue go bhfuil chóir a bheith €20 milliún de mhaoiniú ceadaithe do thograí i gCo Dhún na nGall faoi Phlean Caipitil 2023 Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte.

Tá Dún na nGall i measc na gcontaetha is mó sa tír a bhfuil maoiniú ceadaithe daofa faoin bplean.

Faoin bPlean Caipitil tá píosa sa mbreis le cur le hOispís Dhún na nGall i Leitir Ceanainn.

Tá sé beartaithe 4 sheomra leapa sa mbreis a chur ar fáil san Oispís le freastal ar theaghlaigh agus 4 sheomra leapa atá ansin cheana féin a úsáid mar ionaid riaracháin agus ionaid leighis.

San áireamh sa phlean fosta tá sé beartaithe cur leis na seirbhísí scagdhealaithe duán in Otharlann Leitir Ceanainn.

Leanfar ar aghaidh leis na forbairtí ag Campas Otharlann Naomh Conaill i Leitir Ceanainn agus beidh síniú breise á chur leis an mol galair ainsealach le cur leis na seirbhísí atá ansiúd cheana féin.

Tá Ionaid Príomhúil leighis Leifir agus Bhaile Úr Uí Chuinneagáin luaite sa bPlean chomh maith.

Beidh obair uasghrádaithe á dhéanamh ar na hotharlanna pobail i mBéal Átha Seanaidh, i mBun Cranncha agus i gCarn Domhnach chomh maith le hOtharlanna Pobail an Chlocháin Léith agus an Fháil Charraigh faoi phlean caipitil Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte a fógraíodh inniu.

Pointí pionóis tiomána

Tá an líon is ísle pointí pionóis sna 6 Contae fichead ag tiománaithe Dhún na nGall de réir na bhfigiúirí is deireanaí atá eisithe ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.

13,360 tiománaí sa Chontae seo a raibh pointí pionóis acu as a bheith ag sárú rialacha tiomána in 2022, sin 11.5%.

Tá an ráta tiománaithe le pointí pionóis ar a gceadúnais tiomána íseal i gcontaetha eile i gceantar na teorann chomh maith le ceantar an iarthuaiscirt.

11.8% de thiománaithe i gcontae Shligigh a bhfuil ar a laghad pointe pionóis amháin nó níos mó acu, 12.3% i gContae Lú agus Liatroma, 12.9% i gContae Mhuineacháin agus 13% i gContae Mhaigh Eo.

Is i gContae Ubh Fhaillí atá an céatadán is airde tiománaithe le pointí pionóis ar a gceadúnas tiomána le 19.2% de thiománaithe le pointí pionóis ar a gceadúnas ag deireadh na bliana anuraidh, de réir na bhfigiúirí.

30 post nua geallta

Tá Comhlacht Donegal Fish sna Cealla Beaga le 30 post úr a chruthú sa chomhlacht.

Tá an comhlacht próiseála éisc i measc 44 comhlacht bia mara ar fud na tíre a bheas ag baint tairbhe as an mhaoiniú de €26.8m a d'fhógair an tAire Talamhíochta Bia agus Mara Charlie McConalogue faoi Chiste Tacaíochta Caipitil de chuid an Rialtais ar an tseachtain a chuaigh thart.

Beidh an comhlacht ag díriú ar iasc mar mhurlas agus bolmán a phróiseáil agus a phacáistiú sa mhonarcha sna Cealla Beaga don mhargadh thar lear.

"An t-iascach i mbaol de bharr cuótaí"

Tá tionscal na hiascaireachta i mbaol de bharr cailleadh cuótaí, dar le hAodh Ó Domhnaill, Príomhfheidhmeannach Chumann Próiseálaithe Éisc na hÉireann.

Dúirt sé go bhfuil sé náireach mar atá rudaí, bíodh is go bhfuil farraigí na tíre chomh saibhir agus atá.

Dúirt sé go gcaithfear moltaí an tascfhórsa faoi thionchar an Bhreatimeachta ar an earnáil, a chur i bhfeidhm go gasta, le gur féidir cúiteamh a íoc le hiascairí na tíre atá thíos leis, de bharr imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach.

Tá sé imníoch, a dúirt sé, go gcaithfear an 28M Euro de mhaoiniú atá ar fáil faoi chiste an Bhreatimeachta, a íoc ar ais leis an Eoraip, mura mbeidh sé curtha ar fáil d’iascairí roimh dheireadh na bliana seo.

Dúirt Aodh Ó Domhnaill go bhfuil siad dóchasach go n-íocfar an cúiteamh seo leo, ach bheadh sé náireach an t-airgead a aisíoc ar ais leis an Aontas Eorpach, a dúirt sé.

2 long pléasúir le bheith sna Cealla

Tá sé deimhnithe go mbeidh dhá bhád pléisiúir eile ag teacht i dtír sna Cealla Beaga le linn an tsamhraidh i mbliana.

Fágann sé sin gur 30 long turasóireachta a bheas ag teacht i dtír ag céibh na gCeall Beag i mbliana.

Fógraíodh le roinnt laethanta go mbeidh an bád an Riveria ag tabhairt a céad cuairte ar na Cealla Beaga ar an 20ú lá de Mheitheamh, agus go mbeidh ceithre chuairt á dtabhairt ag an Riveria ar an chalafort idir sin agus deireadh mhí Lúnasa.

Tiocfaidh an Silver Shadow, bád 186 méadar ar fhad, i dtír sna Cealla Beaga ar an 6ú Lúnasa.

Bhéarfaidh breis agus 50,000 paisinéir cuairt ar na Cealla Beaga i mbliana.

Leac le nochtú i gcuimhne ar Sheosamh Mac Grianna

Dhéanfar leac cuimhneacháin i gcuimhne ar an scríbhneoir iomráiteach as Rann na Feirste, Seosamh Mac Grianna, a nochtadh i mBaile Átha Cliath ar maidin inniu.

Beidh an leac á nochtadh ag Páirc Naomh Áine, Rath Éanaigh, áit ar chaith Seosamh Mac Grianna roinnt blianta ina chónaí ansin sna 1950idí.

D’fhág Seosamh an teach sin i bPáirc Naomh Áine in 1957 agus chuaigh sé ar ais go Rann na Feirste.

Is í an Comhairleoir Donna Cooney, ar son Ard Mhéara Bhaile Átha Cliath a dhéanfaidh an leac cuimhneacháin a nochtadh inniu.

Ba í Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath a rinne an socrú an leac cuimhneacháin a chur in airde anseo i gcuimhne ar Sheosamh Mac Grianna.