Nuacht an Tuaiscirt: 10 Meitheamh

Nuacht an Tuaiscirt: 10 Meitheamh

Ionad seiceála

Tá tromaíocht a dhéanamh ar phobal na Carraige in iar dheisceart Dhún na nGall ag Gardaí le aonaid seiceála de shíor, a dúirt an Comhairleoir Contae Niamh Kennedy, ach tá sé sin séanta ag Garda sinsearach sa réigiún.

Dúirt an Comhairleoir Kennedy ag cruinniú Choiste Cheantar Bardais Dhún na nGall an tseachtain seo go bhfuil aonaid seiceála ag Gardaí ar an Charraig de shíor, agus dá bharr go bhfuil deighilt cruthaithe idir Gardaí agus an pobal áitiúil.

Dúirt sí go dteastaíonn freagraí ó phobal na Carraige faoi líon na bpointí seiceála atá ag Gardaí sa cheantar le mí. Socraíodh ag an chruinniú comhfhreagras a chur chuig ceanncheathrú dúiche na nGardaí i mBéal Átha Seanaigh faoin cheist.

Dúirt an Ceannfort Colm Nevin go bhfuil méadú ar fud an dúiche ar aonaid seiceála ó thús na géarchéime sláinte, agus shéan sé go raibh aonaid seiceála breise sa Charraig.

Dúirt sé go raibh díomá air faoin méid a dúirt an Comhairleoir Niamh Kennedy ag cruinniú den Chomhairle an tseachtain seo, agus dúirt sé gur mór an trua nach ndearna an Comhairleoir teagmháil leis na Gardaí faoi cibé imní atá uirthi.

Urú gréine

Beidh urú gréine ar maidin inniu agus is i nDún na nGall is fearr a mbeidh radharc ar an urú gréine, idir a 10.00 ar maidin agus 12.30.

Deirtear gur seo an urú gréine is fearr le deich mbliana, agus go mbeidh léargas níos fearr air in iar thuaisceart na tíre.

Ní bheidh a leithid le feiceáil arís go Márta 2025.Beidh an chuid is fearr den urú gréine le feiceáil i nDún na nGall díreach i ndiaidh a 11.00 inniu, agus 45% de thrastomhas na gréine clúdaithe.

Bealach an N56

Tá dóchas áirithe anois go bhfaighidh níos mó daoine cead pleanála le teach a thógáil ar bhealach an N56, i gceantair nach mbíonn dlús ard tráchta, a dúirt an Comhairleoir Contae Marie Therese Ni Ghallchóir.

Dúirt sí gur tugadh eolas ag cruinnithe a bhí ag grúpa oibre atá bunaithe sa Chomhairle Contae le plé a dhéanamh ar bhóithre náisiúnta, go raibh alt i rialacha pleanála Bhonneagar Iompar Éireann, ag brath ar dhlús tráchta, go mbeadh cead bealach úr a oscailt ar an N56.

Dúirt an Comhairleoir Ní Ghallchóir go bhfuil sé dóchreidthe nach raibh eolas acu ar an alt seo roimhe seo, agus go bhfuil sé sna rialacha le 20 bliain.

Is iomaí teaghlach a bhog ar shiúl óna gceantar dúchais mar nach raibh siad in ann cead pleanála a fháil, agus dá gcuirfidh na rialacha seo i bhfeidhm go raibh seans go bhfaigheadh siad cead pleanála, a dúirt sí.

Tá sé socruithe anois go ndéanfar cuntas ar an dlús tráchta atá ar bhealach an N56, ó Leitir Ceanainn go dtí na Cealla Beaga agus ag brath ar na torthaí, deirtear go bhfuil seans go dtabharfar cead pleanála tithe a thógáil i réimsí áirithe ar bhealach an N56.

Covid-19

Beidh an t-aonad measúnaithe Covid-19 don phobal ar Bhóthar Chill Mhic Réanáin i Leitir Ceanainn ag druid amárach.

Bhí an t-aonad seo a reáchtáil ag an HSE le bliain le cuidiú bainistiú a dhéanamh ar ráigeanna Covid-19 sa phobal.

D'fhreastal breis agus 3,200 duine ar choinnithe san aonad le bliain, agus bhí an t-aonad i measc na chéad aonaid mheasúnaithe pobail sa tír, nuair a d'oscail sé ar an 14ú Aibreán.

I lár na géarchéime sláinte, bhí 19% de dhaoine a d'fhreastal ar an aonad measúnaithe a gcur chun na hotharlainne.

Dúirt an Dochtúir Paul Armstrong go raibh an t-aonad seo iontach tábhachtach le brú a bhaint de Otharlann Leitir Ceanainn i rith na géarchéime sláinte, agus dúirt sé go raibh an t-aonad i measc na n-aonad is gnóthaí sa tír le bliain.

Bealach úr

Osclóidh bealach úr Joe Bonner i Leitir Ceanainn Dé hAoine seo chugainn. Ceanglaíonn an bealach úr seo Bóthar an Phoirt le Bóthar Neil T Blaney sa bhaile.

Dhearbhaigh Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil plean acu soilse trácht a chur ar chrosbhóthar Neil T Blaney, agus go dtí go ndéanfar sin, is casadh ar chlé amháin a bheas ó Bhóthar Neil T. Blaney.

Deir an Chomhairle Contae go mbeidh deis casadh ar chlé agus ar dheis, nuair a bheas na soilse tráchta feisithe acu ansin.

Bailte Digiteacha

Tá Dún na nGall luaite in dhá rannóg sna Gradaim Bailte Digiteacha 2021, agus na buaiteoirí le fógairt ag imeacht ar líne tráthnóna inniu.

Tá Oileán Árainn mhór molta ar an ghearrliosta i rannóg na mbailte beaga, mar gheall ar an obair atá déanta ar an oileán leis an chéad mhol digiteach amach ó chósta na hÉireann a chruthú, agus obair chianda a chur chun cinn ar an oileán.

Tá Helen Nolan, bunaitheoir Ionad teaghlaigh Spraoi agus Spórt i gCarn Domhnach, luaite sa rannóg 'Laoch Digiteach' as a cuid oibre le tograí digiteacha a chur chun cinn sa cheantar.

Beidh bronnadh na ngradam ar siúl ar líne tráthnóna inniu ar a 4 a chlog.

Suíocháin taobh amuigh

Tá tacaíocht tugtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall do 200 gnó go dtí seo le suíocháin agus fearais eile a chur ar fáil amuigh faoin aer.

Tá na deontais ar fail faoi Scéim Fáilteachtais agus Turasóireachta na Comhairle Contae le cur ar chumas ostáin, tabhairní agus bialanna trealamh a chur ar fáil amuigh faoin aer.

Dúirt Ciaran Martin ó Rannóg Forbartha Eacnamaíochta na Comhairle Contae go bhfuil éileamh mór ar an scéim ó cuireadh tús leis i mí Aibreán, agus mairfidh an scéim go dtí an 30u lá de Mheán Fómhair.

Beo

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Tuairisc Spóirt

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Rosa Ó Snodaigh, a bhfuil cónaí ar i gCluainín, i dTuaisceart Contae Liatroma.

Rosa Ó Snodaigh, a bhfuil cónaí ar i gCluainín, i dTuaisceart Contae Liatroma.

 
An Comhairleoir Contae Albert Ó Dochartaigh, Sinn Fein.

An Comhairleoir Contae Albert Ó Dochartaigh, Sinn Fein.

 
Eoin Ó Catháin, Eagraí Polaitiúil RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Eoin Ó Catháin, Eagraí Polaitiúil RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

 
Ag Garda Siobhán Ní Chathmhaoil, ó Stáisiún Gardaí An Bhun Bhig.

Ag Garda Siobhán Ní Chathmhaoil, ó Stáisiún Gardaí An Bhun Bhig.

 
Aoife Nic Sheáin, as Oileán na hInse, Inis Eoghain.

Aoife Nic Sheáin, as Oileán na hInse, Inis Eoghain.

 
Frances Nic Géadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

Frances Nic Géadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár Iomlán, 15/06/2021.

Barrscéalta, Clár Iomlán, 15/06/2021.

 
Tús Áite: Covid-19

Tús Áite: Covid-19

 
Tús Áite: Páipéar Gaeilge na hArdteiste

Tús Áite: Páipéar Gaeilge na hArdteiste

 
Tús Áite: Seirbhísí Aeir

Tús Áite: Seirbhísí Aeir

 
Tús Áite: Cruinniú an G7

Tús Áite: Cruinniú an G7

 
Tús Áite: Géarchéim Stormont

Tús Áite: Géarchéim Stormont

 
Tús Áite: 14/6/21

Tús Áite: 14/6/21

 
Diarmuid Ó Ceallacháin; Muintir Bhaile na h-Abha

Diarmuid Ó Ceallacháin; Muintir Bhaile na h-Abha

 
Deirdre de Bhailís; Mol Teic an Daingin

Deirdre de Bhailís; Mol Teic an Daingin

 
Eoghan Corry agus Fionnán Mac Gearailt; Stobart Air

Eoghan Corry agus Fionnán Mac Gearailt; Stobart Air

 
Micheál Ó Muircheartaigh; Cluiche an deireadh seachtaine

Micheál Ó Muircheartaigh; Cluiche an deireadh seachtaine

 
An Saol ó Dheas 14ú Meitheamh 2021

An Saol ó Dheas 14ú Meitheamh 2021

 
Aodh Mac Laifeartaigh, iar imreoir contae agus tráchtaire spóirt.

Aodh Mac Laifeartaigh, iar imreoir contae agus tráchtaire spóirt.

 
Diane Ní Chanainn. Margaí Diane.

Diane Ní Chanainn. Margaí Diane.

 
John Conaghan, ball de Choiste  Sábháil Báigh Bhaile an Easa.

John Conaghan, ball de Choiste Sábháil Báigh Bhaile an Easa.

 
Joe Mc Hugh TD, Éilís Ní Dhochartaigh, Príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall,  Piaras Ó Dochartaigh TD,  Máire Uí Chomhaill,

Joe Mc Hugh TD, Éilís Ní Dhochartaigh, Príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall, Piaras Ó Dochartaigh TD, Máire Uí Chomhaill,

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, clár iomlán, 14/06/2021.

Barrscéalta, clár iomlán, 14/06/2021.

 
Dara McGee, stiúrthóir ealaíne.

Dara McGee, stiúrthóir ealaíne.

 
Séamus Breathnach, Comhairleoir Cathrach.

Séamus Breathnach, Comhairleoir Cathrach.

 
Seán de Buitléir, Páirtnéireacht Chiarraí Theas.

Seán de Buitléir, Páirtnéireacht Chiarraí Theas.

 
Séamus Breathnach, Comhairleoir Condae.

Séamus Breathnach, Comhairleoir Condae.

 
Padraic Ó Céidigh, Bunaitheoir/Iar-Úinéir Aer Arann agus Aer Lingus Regional.

Padraic Ó Céidigh, Bunaitheoir/Iar-Úinéir Aer Arann agus Aer Lingus Regional.

 
An tOllamh Cathal Seoighe, saineolaí le bithfháisnéis & víris, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

An tOllamh Cathal Seoighe, saineolaí le bithfháisnéis & víris, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

 
Eoin Ó Murchú, Tráchtaire Polaitiúil.

Eoin Ó Murchú, Tráchtaire Polaitiúil.

 
John Breen - Stiúrthóir Seirbhísí Chomhairle Condae Chiarraí agus Bainisteoir Cheantar Bardásach Oileán Chiarraí agus Chorcaigh Dhuibhne.

John Breen - Stiúrthóir Seirbhísí Chomhairle Condae Chiarraí agus Bainisteoir Cheantar Bardásach Oileán Chiarraí agus Chorcaigh Dhuibhne.

 
Steve Ó Cualáin, Cathaoirleach Bhord Aerfort Dhún na nGall.

Steve Ó Cualáin, Cathaoirleach Bhord Aerfort Dhún na nGall.

 
Príomhscéalta Spóirt.

Príomhscéalta Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin

Adhmhaidin

 
Cartlann Bhóthar na Léinsí 13/06/2021 - Pound

Cartlann Bhóthar na Léinsí 13/06/2021 - Pound

 
Tús Áite: Scéalta Spóirt

Tús Áite: Scéalta Spóirt

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: Árais Mháithreacha agus Leanaí

Tús Áite: Árais Mháithreacha agus Leanaí

 
Tús Áite: Comhairle Briotanach-Éireannach

Tús Áite: Comhairle Briotanach-Éireannach

 
Tús Áite: 11/6/21

Tús Áite: 11/6/21

 
Áine Uí Laoithe;

Áine Uí Laoithe;

 
Aoife Ní Chiobháin;Béile blasta

Aoife Ní Chiobháin;Béile blasta

 
Felicity Hayes McCoy;Leabhar nua ar an margadh

Felicity Hayes McCoy;Leabhar nua ar an margadh

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís