Nuacht an Tuaiscirt: 9 Meitheamh

Nuacht an Tuaiscirt: 9 Meitheamh

Oifig an Ombudsman

Rinneadh 142 gearán le Oifig an Ombudsman i nDún na nGall anuraidh, do réir tuarascáil bhliantúil an ombudsman Peter Tyndall a foilsíodh ar maidin inniu.

As an 3,418 gearán a rinneadh sa tír ar fad anuraidh, rinneadh 4.15% dena gearáin sin i nDún na nGall.

Rinneadh 40 gearán maidir le Comhairle Contae Dhún na nGall anuraidh, do réir na tuarascála. Aontaíodh go raibh cúis gearáin maidir le sé cinn acusan agus aontaíodh le cuid de ghearán amháin i gcoinne na Comhairle Contae.

Ní raibh cúis le ábhar gearáin maidir le trí ghearán déag i gcoinne Chomhairle Contae Dhún na nGall agus tarraingíodh siar aon ghearán déag faoin Chomhairle Contae.

Scéim chúitimh

Déanfaidh an tAire Tithíochta Darragh O'Brien cur i láthair ar scéim cúitimh Mica do Airí Rialtais inniu, agus beidh eolas a chur ar fáil daofa gur seans go gcosnóidh an scéim cúitimh thar billiún euro.

Tá idir 5,000 agus 6,000 teach cónaithe i nDún na nGall ina bhfuil na brící lochtacha agus faoi scéim cúitimh reatha an rialtais, sé cúiteamh 90% de chostas athchóirithe nó ath thógala an tí atá i gceist.

Mar atá faoi láthair, íocfar cúitimh de idir €49,500 agus €247,500.

Tá an feachtas maidir le scéim cúitimh 100% ag bailiú nirt, agus beidh agóid ag daoine atá ag tacú le scéim cúitimh 100% i mBaile Átha Cliath Dé Máirt seo chugainn.

Vacsaín

Beidh tús a chur go luath le dáileamh an vacsaín i gcoinne Covid-19 i roinnt cógaslanna san iar thuaisceart.

D'fhógair Cógaslann Uí Dhónaill i Srath na Corcra i nGaoth Dobhair inniu go mbeidh an vacsaín Johnson & Johnson a dháileamh acu ina gcógaslann ón Déardaoin seo chugainn an 17ú lá de Mheitheamh.

Is do dhaoine thar 50 bliain d'aois a bheas sé ar fáil agus caithfear coinne a dhéanamh lena fháil.

Íocfaidh an Rialtas €35 le cógaslanna ar son achan vacsaín a thabharfar do bhaill don phobal, an suim céanna atá a íoc le dochtúirí teaghlaigh, le cois suim de €10 do achan othar a chuirtear isteach ina gcóras lárnach.

Rinne breis agus míle cógaslann ar fud na tíre iarratas le bheith páirteach i scéim ina mbeadh an vacsaín a dháileamh ar an phobal, agus bhí siad cáinteach ar an mhoill tús a chur leis an dáileamh sna cógaslanna.

Lidl

Rialaigh Breitheamh Ard Chúirte i bhfábhar Cumann Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus i gcoinne Ollmhargadh Lidl, maidir leis an úsáid a bhain Lidl as brandaí ar bhainne dá gcuid.

D'úsáid Lidl branda Coolree Creamery ar bhainne a fuair siad ó Chomharchumann Arrabawn i mBaile Shuingeáin, agus dúirt an IFA ina n-argóint nach raibh a leithid de uachtarlann ann agus Coolree Creamery.

Theip ar Lidl san Ard Chúirt san chás clúmhillte i gcoinne an IFA, agus rinneadh rialú eatramhach costais a bhronnadh ar an eagraíocht feirme.

Lá Naomh Colm Cille

Beidh imeachtaí ar siúl ar fud Dhún na nGall inniu ar pháirt de Lá Naomh Colm Cille agus mar pháirt fosta do chomóradh 1,500 bliain bhreith Cholm Cille i mbliana.

Beidh Easpag Rath Bhotha, Alan Mac Eochagáin, i measc grúpa beag daoine a bheas ag siúl go Gartán inniu, áit bhreithe Naomh Colm Cille.

Tá sé beartaithe Slí Cholm Cille a fhorbairt ó Ghleann Cholm Cille go Toraigh, go Doire agus ar aghaidh go hAlbain.

Beidh imeachtaí ar siúl inniu fosta i nGleann Cholm Cille, Gleann Domhain, Leitir Ceanainn, Fanaid agus Doire agus tá 22 Tobar Naofa tiomnaithe don Naomh ar fud Dhún na nGall, agus beidh paidreacha a rá ag cuid dena toibreacha beannaithe sin inniu.

Údarás na Gaeltachta

Ta réimse gnóanna ag feidhmiú ó ionaid Údarás na Gaeltachta i Machaire Rabhartaigh i láthair na huaire.

Tá dhá chomhlacht bídh, comhlacht turasóireachta, comhlacht teicneolaíochta agus dhá ghrúpa pobail ag feidhmiú ansin.

Cé go raibh éiginnteacht mar gheall ar Covid-19, dhéanfar an bialann ag an chéibh a oscailt go luath. Sé comhlacht Narosa, comhlacht atá ag plé le réimse leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí uisce san earnáil turasóireachta a bheas ina bhun an samhradh seo.

Táthar ag súil go mbeidh an bialann oscailte i lár na míosa seo ag brath ar shrianta sláinte poiblí.

Garda Costa

Ba ábhar náire gur cuireadh moill ar Gharda Costa an Bhun Bhig a dhul na farraige ag an deireadh seachtaine mar go raibh carranna fágtha ag an sleamhnán ar an Bhun Bheag, a dúradh ag cruinniú de Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach inné.

Dúirt an Comhairleoir Contae Micheal Choilm Mac Giolla Easpaig go gcaithfear bosca buí a chur ag an sleamhnán láithreach bonn, agus go gcaithfear cosc iomlán a chur ar fheithicil páirceáil ansin feasta.

Dúirt sé fosta gur cheart fíneáil a ghearradh ar dhaoine a fhágann feithicil ansin, nó na feithicil a thógáil ar shiúl.

Stobart Air

Tá an dream ar leo Stobart Air, a chuireann seirbhísí aeir Aer Lingus ar fáil idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath, i ndiaidh teagmháil a dhéanamh le póilíní ar Oileán Mhanainn, faoi imní atá orthu faoi infheisteoir le seilbh a ghlacadh ar an chomhlacht.

Deir comhlacht aeir Ettyl gur léirigh siad imní le póilíní ar Oileán Mhanainn faoi pháipéarachas, agus go bhfuil siad anois i mbun cainte le dreamanna eile le maoiniú a chur ar fáil daofa.

Tá imní le tamall faoi chumas chomhlacht Ettyl maoiniú a aimsiú le Stobart Air a cheannacht. Rinne úinéirí Stobart, Esken, margadh le Ettly i mí Aibreán an comhlacht a cheannacht, agus tá Esken iad féin ag déanamh fiosrúcháin anois.

Chaill Stobart Air €38.6M anuraidh, agus ní raibh ach 5% dá sceideal ag feidhmiú an mhórchuid den bhliain anuraidh, agus b'iad sin eitiltí PSO idir Baile Átha Cliath go Dún na nGall agus Ciarraí.

Tá conradh ag Stobart seirbhísí réigiúnach Aer Lingus a sholáthar go deireadh 2022, agus is ag Emerald Airlines a bheas an conradh ina dhiaidh sin.

Beo

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Tuairisc Spóirt

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Rosa Ó Snodaigh, a bhfuil cónaí ar i gCluainín, i dTuaisceart Contae Liatroma.

Rosa Ó Snodaigh, a bhfuil cónaí ar i gCluainín, i dTuaisceart Contae Liatroma.

 
An Comhairleoir Contae Albert Ó Dochartaigh, Sinn Fein.

An Comhairleoir Contae Albert Ó Dochartaigh, Sinn Fein.

 
Eoin Ó Catháin, Eagraí Polaitiúil RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Eoin Ó Catháin, Eagraí Polaitiúil RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

 
Ag Garda Siobhán Ní Chathmhaoil, ó Stáisiún Gardaí An Bhun Bhig.

Ag Garda Siobhán Ní Chathmhaoil, ó Stáisiún Gardaí An Bhun Bhig.

 
Aoife Nic Sheáin, as Oileán na hInse, Inis Eoghain.

Aoife Nic Sheáin, as Oileán na hInse, Inis Eoghain.

 
Frances Nic Géadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

Frances Nic Géadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár Iomlán, 15/06/2021.

Barrscéalta, Clár Iomlán, 15/06/2021.

 
Tús Áite: Covid-19

Tús Áite: Covid-19

 
Tús Áite: Páipéar Gaeilge na hArdteiste

Tús Áite: Páipéar Gaeilge na hArdteiste

 
Tús Áite: Seirbhísí Aeir

Tús Áite: Seirbhísí Aeir

 
Tús Áite: Cruinniú an G7

Tús Áite: Cruinniú an G7

 
Tús Áite: Géarchéim Stormont

Tús Áite: Géarchéim Stormont

 
Tús Áite: 14/6/21

Tús Áite: 14/6/21

 
Diarmuid Ó Ceallacháin; Muintir Bhaile na h-Abha

Diarmuid Ó Ceallacháin; Muintir Bhaile na h-Abha

 
Deirdre de Bhailís; Mol Teic an Daingin

Deirdre de Bhailís; Mol Teic an Daingin

 
Eoghan Corry agus Fionnán Mac Gearailt; Stobart Air

Eoghan Corry agus Fionnán Mac Gearailt; Stobart Air

 
Micheál Ó Muircheartaigh; Cluiche an deireadh seachtaine

Micheál Ó Muircheartaigh; Cluiche an deireadh seachtaine

 
An Saol ó Dheas 14ú Meitheamh 2021

An Saol ó Dheas 14ú Meitheamh 2021

 
Aodh Mac Laifeartaigh, iar imreoir contae agus tráchtaire spóirt.

Aodh Mac Laifeartaigh, iar imreoir contae agus tráchtaire spóirt.

 
Diane Ní Chanainn. Margaí Diane.

Diane Ní Chanainn. Margaí Diane.

 
John Conaghan, ball de Choiste  Sábháil Báigh Bhaile an Easa.

John Conaghan, ball de Choiste Sábháil Báigh Bhaile an Easa.

 
Joe Mc Hugh TD, Éilís Ní Dhochartaigh, Príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall,  Piaras Ó Dochartaigh TD,  Máire Uí Chomhaill,

Joe Mc Hugh TD, Éilís Ní Dhochartaigh, Príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall, Piaras Ó Dochartaigh TD, Máire Uí Chomhaill,

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, clár iomlán, 14/06/2021.

Barrscéalta, clár iomlán, 14/06/2021.

 
Dara McGee, stiúrthóir ealaíne.

Dara McGee, stiúrthóir ealaíne.

 
Séamus Breathnach, Comhairleoir Cathrach.

Séamus Breathnach, Comhairleoir Cathrach.

 
Seán de Buitléir, Páirtnéireacht Chiarraí Theas.

Seán de Buitléir, Páirtnéireacht Chiarraí Theas.

 
Séamus Breathnach, Comhairleoir Condae.

Séamus Breathnach, Comhairleoir Condae.

 
Padraic Ó Céidigh, Bunaitheoir/Iar-Úinéir Aer Arann agus Aer Lingus Regional.

Padraic Ó Céidigh, Bunaitheoir/Iar-Úinéir Aer Arann agus Aer Lingus Regional.

 
An tOllamh Cathal Seoighe, saineolaí le bithfháisnéis & víris, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

An tOllamh Cathal Seoighe, saineolaí le bithfháisnéis & víris, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

 
Eoin Ó Murchú, Tráchtaire Polaitiúil.

Eoin Ó Murchú, Tráchtaire Polaitiúil.

 
John Breen - Stiúrthóir Seirbhísí Chomhairle Condae Chiarraí agus Bainisteoir Cheantar Bardásach Oileán Chiarraí agus Chorcaigh Dhuibhne.

John Breen - Stiúrthóir Seirbhísí Chomhairle Condae Chiarraí agus Bainisteoir Cheantar Bardásach Oileán Chiarraí agus Chorcaigh Dhuibhne.

 
Steve Ó Cualáin, Cathaoirleach Bhord Aerfort Dhún na nGall.

Steve Ó Cualáin, Cathaoirleach Bhord Aerfort Dhún na nGall.

 
Príomhscéalta Spóirt.

Príomhscéalta Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin

Adhmhaidin

 
Cartlann Bhóthar na Léinsí 13/06/2021 - Pound

Cartlann Bhóthar na Léinsí 13/06/2021 - Pound

 
Tús Áite: Scéalta Spóirt

Tús Áite: Scéalta Spóirt

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: Árais Mháithreacha agus Leanaí

Tús Áite: Árais Mháithreacha agus Leanaí

 
Tús Áite: Comhairle Briotanach-Éireannach

Tús Áite: Comhairle Briotanach-Éireannach

 
Tús Áite: 11/6/21

Tús Áite: 11/6/21

 
Áine Uí Laoithe;

Áine Uí Laoithe;

 
Aoife Ní Chiobháin;Béile blasta

Aoife Ní Chiobháin;Béile blasta

 
Felicity Hayes McCoy;Leabhar nua ar an margadh

Felicity Hayes McCoy;Leabhar nua ar an margadh

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís