Nuacht an Tuaiscirt: 29 Aibreáin

Nuacht an Tuaiscirt: 29 Aibreáin

Covid-19

Deimhníodh 33 cás úr den víreas Covid-19 i nDún na nGall tráthnóna inné, an tríú líon a b'airde de chásanna sna 6 Condae Fichead, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte.

459 cás den Víreas Covid-19 a deimhníodh sa Chondae le ceithre lá dhéag anuas.

Tá ráta na gcásanna i nDún na nGall i measc achan 100,000 duine ag 288.3 an ráta is airde sa tír go fóill, i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta de 121.2.

Bhí dhá othar déag leis an víreas Covid 19 ag fáil cóir leighis in Otharlann Leitir Ceanainn aréir.

Trí chás úr den víreas a deimhníodh san otharlann le ceithre huaire fichead.

Duine amháin acu sin a bhí ag fáil cóir leighis in Aonad Dianchúram na hotharlainne aréir dá bharr Covid 19.

Bhí othar eile san otharlann aréir a raibh amhras go raibh an víreas orthu, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte.

Fine Gael

Tá páirtí Fhine Gael i nDún na nGall ag díriú ar na chéad toghcháin áitiúla eile, agus súil ag an pháirtí Comhairleoirí a bheith tofa sna ceantair bardais nach bhfuil Comhairleoir ag an pháirtí faoi láthair, a dúirt Cathaoirleach Fhine Gael i nDún na nGall, Harold Ó Dochartaigh.

Dúirt sé gur dearnadh plé ar an ábhar sin ag cruinniú cinn bliana Fhine Gael Dhún na nGall an tseachtain seo.

Caithfidh ceannasaíocht an pháirtí éisteacht le baill an pháirtí agus cinneadh a dhéanamh maidir le hiarrthóirí a roghnú don toghchán áitiúil an iarraidh seo, a dúirt sé.

Píolóta

B'eigean do phíolóta as Dún na nGall a scaoileadh amach as an chóras choraintín éigeantach i mBaile Atha Cliath Dé Domhnaigh dhul arais isteach i gcoraintín mar gheall ar earráid sa chóras riaracháin.

Tugadh cead do Lee Brennan, atá ag obair san Iodail an choraintín éigeantach in Ostán an Radisson Blu i mBaile Atha Cliath a fhágailt Dé Domhnaigh agus phill sé na bhaile go Dún na nGall.

Cuireadh in iúl do la arna mhárach go raibh earráid déanta agus nár chóir gur ligeadh do an choraintín éigeantach a fhágailt luath.

Dúirt Lee Brennan go raibh an córas lochtach agus éagothrom agus go mbeidh sé Dé Luain seo chugainn ar a luaithe sula mbeidh cead aige an tóstán a fhágailt ar an choinníoll go bhfaighidh sé toradh tástála diúltach PCR.

Comhaontas Glas

Tá fáilte curtha ag Cathaoirleach an Chomhaontas Glais i nDún na nGall Michael White roimh an scéim píolótach atá seolta ag Airí an Chomhaontais ghlais na Teachtaí Joe O'Brien agus Eamonn Ryan an tseachtain ait a dtabharfar rothair agus rothair leitreacha athchóirithe ar lámh do dhaoine atá faoi bhuntáiste agus atá ar ioncaim íseal.

Dúirt Michael White gur céim mór chun tosaigh atá sa togra píolótach trí bliana seo áit a mbeidh taisteal inbhuanaithe a chur chun cinn sa Chondae go háirithe anois le linn na géarchéime sláinte agus níos mó daoine sa Chondae i mbun rothaíochta.

Dumpáil mhídhleathach

Tá achainí déanta ag Coiste Pharóiste Anagaire ar dhaoine gan a bheith ag dumpáil bruscair ag an dá reilig sa pharóiste.

Cuireadh fógra in airde le gairid ag iarraidh ar dhaoine gan a bheith ag dumpáil bruscar ach deir an choiste go bhfuil daoine go fóill ag caitheamh bruscair a bhíonn ar uaigheanna taobh thiar de shean-teach na paróiste sa tsean reilig agus taobh thiar de bhalla atá ar thalamh phríobháideach sa reilig úr.

Iarrtar ar dhaoine nuair atá siad ag glanadh uaigheanna an bruscar a thabhairt leo na bhaile.

Ghabh an Coiste buíochas le hachan nduine a chuidigh leis an lá glantacháin a bhí ar siúl sa pharóiste ar an tseachtain is chuaigh thart.

Táillí

Dúirt an Comhairleoir Condae Michael McClafferty go bhfuil sé ró-fhurast ag daoine cur in éadan forbairtí atá beartaithe ag daoine nó ag comhlachtaí agus gur cheart an táille de €20 le cur in éadan aon fhorbairt a ardú go dtí cúpla céad euro.

Dúirt sé go bhfuil barraíocht bac agus moille a gcur ar phleananna ina bhfuil sé beartaithe ag dreamanna forbairt a dhéanamh agus daoine fostaíocht a chruthú.

Ní aontaíonn an Comhairleoir Micheal Choilm mac Giolla Easpaig leis an mholadh seo, dúirt se nach n-aontaíonn se gur cheart an táille a ardú mar go bhfuil go leor daoine nach mbeadh sé ar a gcumas táillí níos airde a íoc.

Liúntas cuardaitheora poist

Léirítear go bhfuil 470 duine i nDún na nGall ag fáil liúntas cuardaitheora poist ar feadh deich mbliana, de réir na bhfigiúirí a foilsíodh an tseachtain seo.

Sin an dara líon is airde de dhaoine atá ag fáil liúntas cuardaitheora poist sa tír.

16,000 duine sa tír atá ag fáil liúntas cuardaitheora poist le níos mó ná cúig bliana, 1,000 duine acu sin i nDún na nGall.

Cuaille cumarsáide

Tá iarratas pleanála déanta ag Eir le cuaille cumarsáide a chur in airde i gCionn Caslach.

Lorg Eir cead an tseachtain seo chun cuaille cumarsáide 18 méadar in airde a chur in airde, ag malartán Eir i gCionn Caslach, le cois trealamh cumarsáide a fheistiú ar an suíomh.

Baineann an togra seo le soláthar leathanbhanda a chur ar fáil sa cheantar do sheirbhís guthán póca Eir Mobile.

Beidh roinnt miasanna cumarsáide ar an chuaille cumarsáide a bhfuil cead pleanála a lorg fána choinne.

Beo

Béal Maidine

Béal Maidine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

 
Tús Áite: Scéalta Spóirt

Tús Áite: Scéalta Spóirt

 
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: Cibirionsaí ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Tús Áite: Cibirionsaí ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

 
Tús Áite: 14/5/21

Tús Áite: 14/5/21

 
Clare Sands- amhrán úr eisithe aici

Clare Sands- amhrán úr eisithe aici

 
Mír teilifíse : Póilín Nic Géidigh

Mír teilifíse : Póilín Nic Géidigh

 
Pádraig Ó Conghaile : IMLÉ

Pádraig Ó Conghaile : IMLÉ

 
Edel Ní Bhraonáin : Iron month

Edel Ní Bhraonáin : Iron month

 
Ceol beo : Billow wood Bríd O'Donnell agus Harry Lawlor

Ceol beo : Billow wood Bríd O'Donnell agus Harry Lawlor

 
Na deá-scéalta le Julie Jay

Na deá-scéalta le Julie Jay

 
Bladhaire : Clár iomlán Aoine 14/5/21

Bladhaire : Clár iomlán Aoine 14/5/21

 
Aoife Ní Chíobháin;Cócaire na nGort nDubh

Aoife Ní Chíobháin;Cócaire na nGort nDubh

 
Dairena Ní Chinnéide; Cnuasach nua filíochta

Dairena Ní Chinnéide; Cnuasach nua filíochta

 
Ailín Ní Chonchúir;Cúrsa gaeilge in Ollscoil Mha Nuad.

Ailín Ní Chonchúir;Cúrsa gaeilge in Ollscoil Mha Nuad.

 
Denise Ui Bheaglaoich,agus Lasse Ó Maolchatha; Gnónna ag oscailt

Denise Ui Bheaglaoich,agus Lasse Ó Maolchatha; Gnónna ag oscailt

 
An Saol ó Dheas 14ú Bealtaine 2021

An Saol ó Dheas 14ú Bealtaine 2021

 
Aoife Ní Eochaidh.

Aoife Ní Eochaidh.

 
Seán Ó Neachtain agus Dónáll Ó Droighneáin.

Seán Ó Neachtain agus Dónáll Ó Droighneáin.

 
Cormac Ó Comhraí, staraí.

Cormac Ó Comhraí, staraí.

 
Iris Aniar 14 Bealtaine 2021

Iris Aniar 14 Bealtaine 2021

 
Ciarán Mac Giolla Phádraig, Aon Scéal, Caifé.

Ciarán Mac Giolla Phádraig, Aon Scéal, Caifé.

 
Dónal Ó Muircheartaigh, Drioglann an Daingin.

Dónal Ó Muircheartaigh, Drioglann an Daingin.

 
Anthony Molloy Comhairleoir Condae.

Anthony Molloy Comhairleoir Condae.

 
Eoin Ó Catháin, tuairisceoir polaitíochta.

Eoin Ó Catháin, tuairisceoir polaitíochta.

 
Ciarán Ó Cruadhlaoich, nia Francis Quinn, Baile Uí Mhurchú

Ciarán Ó Cruadhlaoich, nia Francis Quinn, Baile Uí Mhurchú

 
Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta - pacáiste.

Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta - pacáiste.

 
Eoghan Ó Neachtain, iar-oifigeach airm.

Eoghan Ó Neachtain, iar-oifigeach airm.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin.

Adhmhaidin.

 
Tús Áite: Léirmheas ar ‘How to Avoid a Climate Disaster’

Tús Áite: Léirmheas ar ‘How to Avoid a Climate Disaster’

 
Tús Áite: Suíomhanna Gaeilge na bPáirtithe Polaitiúla

Tús Áite: Suíomhanna Gaeilge na bPáirtithe Polaitiúla

 
Tús Áite: Iosrael agus An Phalaistín

Tús Áite: Iosrael agus An Phalaistín

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 13/5/21

Tús Áite: 13/5/21

 
Gearóid Ó Cíobháin :Aisteoir as Ciarraí

Gearóid Ó Cíobháin :Aisteoir as Ciarraí

 
Frank Ó Tormaigh : COGG

Frank Ó Tormaigh : COGG

 
Clara Murray : ESB Scienceblast

Clara Murray : ESB Scienceblast

 
Aoi sa Chathaoir : Liam Ó Cuinneagáin

Aoi sa Chathaoir : Liam Ó Cuinneagáin

 
Féile Nasc : Cormac Chambers

Féile Nasc : Cormac Chambers

 
Bladhaire: Clár iomlán Déardaoin 13/5/21

Bladhaire: Clár iomlán Déardaoin 13/5/21

 
Dr. Breandán Ó Cíobháin;Sceilig Mhichíl

Dr. Breandán Ó Cíobháin;Sceilig Mhichíl

 
Jamie Ó Flannúra;Báid Fungi gan Fungi

Jamie Ó Flannúra;Báid Fungi gan Fungi

 
Aivaras Uosis;Acadamh Cispheile Lanzarotte

Aivaras Uosis;Acadamh Cispheile Lanzarotte

 
An Comhairleoir Contae Séamus Chosaí Mac Gearailt;Bóithre achrannacha

An Comhairleoir Contae Séamus Chosaí Mac Gearailt;Bóithre achrannacha

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Bladhaire

Bladhaire

Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís