Nuacht an Tuaiscirt: 28 Aibreán

Nuacht an Tuaiscirt: 28 Aibreán

Ionad Tastála

Seolfaidh Comhlacht Randox Ionad Tastála do Covid 19 in Óstán Radisson Blu i Leitir Ceanainn an tseachtain seo.

Cosnóidh an seirbhís úr seo €89 agus cuirfear torthaí ar fail lá arna mhárach. Dúirt Sophie Boyd, Bainisteoir Tionscadail Seirbhís Tástála Randox go bhfuil lúcháir orthu an tseirbhís tástála a leathnú go Leitir Ceanainn le freastal ar Dhún na nGall.

Dúirt an Doctúir Teaghlaigh Ciarán Ó Fearraigh atá lonnaithe i Sraith an Urláir ar Adhmhaidin inniu go gcaithfear níos mó ionaid tástála a chur ar fáil i nDún na nGall le déileáil leis an mhéadú atá tagtha ar chásanna sa Chondae le roinnt seachtainí anuas.

Dúirt sé in ainneoin go bhfuil ionad tástála sealadach lonnaithe anois i Leitir Ceanainn gur chóir seo a bheith déanta i bhfad roimhe seo agus go raibh sé deacair a rá cén fáth go bhfuil an víreas ag scaipeadh arís agus ardú ar chásanna sa Chondae.

Covid-19

Deimhníodh 39 cás úr de víreas Covid-19 i nDún na nGall tráthnóna inné de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte. Ba sin an dara líon a b'airde de chásanna sna 6 Condae Fichead don dara lá as a chéile.

Bhí naoi n-othar leis an víreas Covid 19 ag fáil cóir leighis in Otharlann Leitir Ceanainn aréir, an líon céanna ar an lá roimhe sin.

Duine amháin acu sin a bhí ag fáil cóir leighis in Aonad Dianchúram na hotharlainne aréir dá bharr Covid 19.

Bhí dhá othar eile san otharlann aréir a raibh amhras go raibh an víreas orthu, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, ag an 8 a chlog aréir.

Forbairt Dhún Luiche

Tá Oifigeach Tionscadal a lorg ag Forbairt Dhún Luiche faoi láthair le Struchtúr dlíthiúil a ullmhú don Phlean Bainistíochta Comhtháite ata curtha le chéile ag Grúpa Geall shealbhóirí na hEaragala.

Dúirt Padraig O Gallchóir, ball de Fhorbairt Dhún Luiche go bhfuil sé tábhachtach struchtúr fad téarmach don cheantar a chur le cheile leis an bhuntáiste is fearr a fháil don cheantar ar fad, ní amháin don Earagail.

Dúirt sé go bhfuil Plean Forbartha curtha le cheile ag an Ghrúpa agus go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh úinéirí talamh agus muintir na haite páirteach sna forbairtí.

Otharcharr

Léiríonn figiúirí ó Fheidhmeanacht na Seirbhísí Sláinte an tseachtain seo gur ghlac sé uair agus 38 bomaite ar otharcharr láthair éigeandála i nDún an nGall a bhaint amach.

Go náisiúnta ghlac sé níos mó ná uair a chloig ar otharcharrann láthair éigeandála a bhaint amach 282 iarraidh idir Mí Iúil agus Mí na Nollag anuraidh.

Sé naoi mbomaite dhéag an sprioc ama atá leagtha síos ag Feidhmeanacht na Seirbhísí sláinte le hotharcharr láthair éigeandála a bhaint amach.

Praghsanna tithe

Is i gceantar Eircode Leitir Ceanainn is daoire i nDún na nGall, atá luach tithe cónaithe i láthair na huaire do réir suirbhé ar luach tithe cónaithe atá déanta ag an Phríomh Oifig Staidrimh.

Clúdaíonn ceantar Eircode Leitir Ceanainn, F92, an ceantar ó Ghaoth Dobhair go na Dúnaibh go Leitir Ceanainn, áit a raibh meán luach de €146,000 ar theach i mí Feabhra.

Bhí an luach a ba shaoire i mí Feabhra i gceantar Eircode F93, ceantar Leifear, a chlúdaíonn ó Shraith an Urláir go Leifear go hInis Eoghain, áit a raibh an meán luach ag €125,000.

Bhí Dún na nGall i measc na gcontaetha is mó sa tír nár fhreastal baill den phobal ar dhualgais giúiré anuraidh.

Do réir an eolais an tseachtain seo ó Sheirbhís na gCúirteanna, níor fhreastal 14.7% de dhaoine i nDún na nGall a fuair fógra le bheith ar giúiré anuraidh, ar an Chúirt Chuarda dá ndualgas giúiré.

Bhí chor a bheith 8,000 duine nár fhreastal ar sheirbhís giúiré anuraidh gan aon leithscéal a thabhairt roimh réidh.

Oifig Scannáin

Tá maoiniú faighte ag Oifig Scannáin Dhún na nGall ó Creative Ireland le Duais Sparánachta Gearrscannáin a sheoladh don chéad uair i nDún na nGall.

Beidh deontas de €10,000 le bronnadh ar scannánaí i gcomhair costais scannánaíochta le dráma gairid nó clár doiciméide suas le dhá bhomaite dhéag ar fhad a chur le chéile, agus a bheas a scannánú i nDún na nGall i mbliana.

Sé'n aidhm atá leis an sparánacht seo ná le daoine a ghríosadh le tabhairt faoi scannánaíocht sa chontae ar bhonn cruthaitheach.

Beidh Oifig Scannáin Chomhairle Contae Dhún na nGall ag glacadh le hiarratais go dtí'n Aoine an 14ú Bealtaine.

Beo

Scoth na Seachtaine

Scoth na Seachtaine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Béal Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

 
Tús Áite: Scéalta Spóirt

Tús Áite: Scéalta Spóirt

 
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: Cibirionsaí ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Tús Áite: Cibirionsaí ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

 
Tús Áite: 14/5/21

Tús Áite: 14/5/21

 
Clare Sands- amhrán úr eisithe aici

Clare Sands- amhrán úr eisithe aici

 
Mír teilifíse : Póilín Nic Géidigh

Mír teilifíse : Póilín Nic Géidigh

 
Pádraig Ó Conghaile : IMLÉ

Pádraig Ó Conghaile : IMLÉ

 
Edel Ní Bhraonáin : Iron month

Edel Ní Bhraonáin : Iron month

 
Ceol beo : Billow wood Bríd O'Donnell agus Harry Lawlor

Ceol beo : Billow wood Bríd O'Donnell agus Harry Lawlor

 
Na deá-scéalta le Julie Jay

Na deá-scéalta le Julie Jay

 
Bladhaire : Clár iomlán Aoine 14/5/21

Bladhaire : Clár iomlán Aoine 14/5/21

 
Aoife Ní Chíobháin;Cócaire na nGort nDubh

Aoife Ní Chíobháin;Cócaire na nGort nDubh

 
Dairena Ní Chinnéide; Cnuasach nua filíochta

Dairena Ní Chinnéide; Cnuasach nua filíochta

 
Ailín Ní Chonchúir;Cúrsa gaeilge in Ollscoil Mha Nuad.

Ailín Ní Chonchúir;Cúrsa gaeilge in Ollscoil Mha Nuad.

 
Denise Ui Bheaglaoich,agus Lasse Ó Maolchatha; Gnónna ag oscailt

Denise Ui Bheaglaoich,agus Lasse Ó Maolchatha; Gnónna ag oscailt

 
An Saol ó Dheas 14ú Bealtaine 2021

An Saol ó Dheas 14ú Bealtaine 2021

 
Aoife Ní Eochaidh.

Aoife Ní Eochaidh.

 
Seán Ó Neachtain agus Dónáll Ó Droighneáin.

Seán Ó Neachtain agus Dónáll Ó Droighneáin.

 
Cormac Ó Comhraí, staraí.

Cormac Ó Comhraí, staraí.

 
Iris Aniar 14 Bealtaine 2021

Iris Aniar 14 Bealtaine 2021

 
Ciarán Mac Giolla Phádraig, Aon Scéal, Caifé.

Ciarán Mac Giolla Phádraig, Aon Scéal, Caifé.

 
Dónal Ó Muircheartaigh, Drioglann an Daingin.

Dónal Ó Muircheartaigh, Drioglann an Daingin.

 
Anthony Molloy Comhairleoir Condae.

Anthony Molloy Comhairleoir Condae.

 
Eoin Ó Catháin, tuairisceoir polaitíochta.

Eoin Ó Catháin, tuairisceoir polaitíochta.

 
Ciarán Ó Cruadhlaoich, nia Francis Quinn, Baile Uí Mhurchú

Ciarán Ó Cruadhlaoich, nia Francis Quinn, Baile Uí Mhurchú

 
Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta - pacáiste.

Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta - pacáiste.

 
Eoghan Ó Neachtain, iar-oifigeach airm.

Eoghan Ó Neachtain, iar-oifigeach airm.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin.

Adhmhaidin.

 
Tús Áite: Léirmheas ar ‘How to Avoid a Climate Disaster’

Tús Áite: Léirmheas ar ‘How to Avoid a Climate Disaster’

 
Tús Áite: Suíomhanna Gaeilge na bPáirtithe Polaitiúla

Tús Áite: Suíomhanna Gaeilge na bPáirtithe Polaitiúla

 
Tús Áite: Iosrael agus An Phalaistín

Tús Áite: Iosrael agus An Phalaistín

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 13/5/21

Tús Áite: 13/5/21

 
Gearóid Ó Cíobháin :Aisteoir as Ciarraí

Gearóid Ó Cíobháin :Aisteoir as Ciarraí

 
Frank Ó Tormaigh : COGG

Frank Ó Tormaigh : COGG

 
Clara Murray : ESB Scienceblast

Clara Murray : ESB Scienceblast

 
Aoi sa Chathaoir : Liam Ó Cuinneagáin

Aoi sa Chathaoir : Liam Ó Cuinneagáin

 
Féile Nasc : Cormac Chambers

Féile Nasc : Cormac Chambers

 
Bladhaire: Clár iomlán Déardaoin 13/5/21

Bladhaire: Clár iomlán Déardaoin 13/5/21

 
Dr. Breandán Ó Cíobháin;Sceilig Mhichíl

Dr. Breandán Ó Cíobháin;Sceilig Mhichíl

 
Jamie Ó Flannúra;Báid Fungi gan Fungi

Jamie Ó Flannúra;Báid Fungi gan Fungi

 
Aivaras Uosis;Acadamh Cispheile Lanzarotte

Aivaras Uosis;Acadamh Cispheile Lanzarotte

 
An Comhairleoir Contae Séamus Chosaí Mac Gearailt;Bóithre achrannacha

An Comhairleoir Contae Séamus Chosaí Mac Gearailt;Bóithre achrannacha

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Bladhaire

Bladhaire

Tús Áite

Tús Áite

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís