Nuacht an Iarthair: 6 Aibreán
Tástálacha Covid-19
Beidh idir 300,000 agus 400,000 tástáil don Covid-19, curtha ar fáil ag an gcomhlacht CLS a bhfuil saotharlanna acu i nGaillimh agus i gConamara faoi dheireadh na bliana seo.
Tá sé le feiceáil a deir príomhfheidhmeannach an chomhlachta, Evelyn O Toole le Nuacht an Iarthair, go bhfuil fostóirí ar a mbionda ag iarraidh a gcuid foirne a ligean ar ais isteach san áit oibre agus go bhfuil borradh mór faoi ordaithe le tástáil don Chovid, dhá bharr seo.
Tuairim's 2% don dream atá 'théis tástáil a dhéanamh thrí CLS, atá 'théis toradh dearfach don víreas corónach a fháil a deir an príomhfheidhmeannach. Is in sna saotharlanna, sa nGort Mór i Ros Muc agus ar Bhóthar Thuama i nGaillimh a phróiseáiltear na torthaí tástála don Chovid 19 a dhéanann CLS.
Comhartha fón póca
Is beag sásamh atá dhá fháil ag an gComhairleoir Condae, Dáithí Ó Cualáin, uaidh na comhlachtaí cumarsáide, Vodafone agus 3 Ireland, faoi chomh dona agus atá an comhartha fón póca ón Spidéal anoir thrí cheantar Indreabháin.
Deir an comhairleoir freisin go bhfuil teagmháil déanta aige leis an rialtóir cumarsáide, Comreg, faoi chomh dona agus atá an tseirbhís i gCois Fharraige agus nach bhfuil scéal ná scuan cloistithe aige uathu ach oiread.
Bheadh imní ar an Teachta Ó Cuív, go bhfágfar ceantracha Gaeltachta agus an Ghaeilge in áit na leith-phingine, mura gceapfar duine eicint sa bpost a bhfuil an teanga a dtoil acu.
Tá pócaí do Saile Chúna agus Púirín ina gcéas uilig a deir Ó Cualáin, agus ní cás le áiteachaí thar a chéile é amach faoin tír ach an oiread.
Tá go leor go leor ag braith ar an bhfón póca ar na saolta seo a dúirt an Comhairleoir Ó Cualáin de bharr nach líne talún ag an oiread daoine agus a bhí.
Níl sé sách maith go bhfuil cuistiméirí, atá ag íoc as seirbhís fágthaí ar an bhfaraor géar, ceal comhartha graíúil fón póca a bheith ar fáil.
Bord Oideachais agus Oiliúna
Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, gur mó cúram atá dhá dhéanamh don Bhéarla in obair Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, ná mar atá don Ghaeilge.
Is léir a deir sé go bhfuil méid sin amhlaih má bhreathnaítear ar phost an Stiúrthóra Breisoideachais agus Oiliúna atá fógartha agus gan oiread agus tagairt amháin don Ghaeilge i bhfógra an fholúntais chéanna.