Nuacht an Tuaiscirt: 6 Aibreán
Covid-19
Triúr othar leis an víreas Covid-19 a bhí in Otharlann Leitir Ceanainn aréir, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair an Roinn Sláinte.
Bhí duine eile san otharlann aréir a raibh amhras go bhfuil an víreas orthu. Tá titim 15% ar líon na n-othar leis an víreas Covid 19 in otharlanna na tíre le seachtain anuas.
Comharchumann Ghaoth Dobhair
Tá pleananna ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair síniú breise a chur le hionad an Chomharchumainn sa Chrannóg agus athchóiriú a dhéanamh ar chuid den fhoirgneamh reatha.
Lorg an Comharchumann tairiscintí ó ailtirí le gairid le dearadh a dhéanamh ar shíniú breise agus le hathchóiriú a dhéanamh ar an sean chuid den fhoirgneamh.
Beidh costas de idir €1.2m agus €1.5m ag baint leis an síniú breise agus leis an athchóiriú atá le déanamh ar an fhoirgneamh.
Dúirt Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Cathal Ó Gallachóir go bhfuil brú mór spáis sa Chrannóg le tamall, de bharr an oiread ranganna agus imeachtaí a bhíonn ar siúl ansin.
Córas uisce
Thréaslaigh an Comhairleoir Contae Michael McClafferty le Uisce Éireann agus le Farren Construction as an obair a rinne siad le gairid ar chóras uisce reatha An Fháil Carraigh agus Ghort an Choirce.
Bhí an obair seo ag teastáil go géar sa cheantar, a dúirt an Comhairleoir McClafferty, de bharr píopaí a bheith ag réabadh ansin go minic.
Beidh sé ina fhaoiseamh mór anois ag pobal na háite go bhfuil na píopaí úra leagtha ansin, a dúirt sé.
Gadaíocht
Bhí an ráta eachtraí gadaíochta do réir daonra a ba lú sa tír i nDún na nGall anuraidh.
Tharla 332 eachtra gadaíochta i measc achan 100,000 duine sa chontae anuraidh, an líon a ba lú in aon chontae sa tír sa bhliain 2020.
Léirítear fosta gur tharla 408 ionsaí i measc achan 100,000 duine i nDún na nGall anuraidh agus go raibh 342 coir a bhain le cúrsaí drugaí i measc achan 100,000 duine sa chontae.
Ba choireanna maidir le mí-iompar poiblí ba mhó a tuairiscíodh agus 510 coir dá mhacasamhail i measc achan 100,000 duine i nDún na nGall anuraidh.
Siondróm Tuirse Ainsealach
Tá éilimh ar thacaíocht ó theaghlaigh in Inis Eoghain a bhfuil Siondróm Tuirse Ainsealach ar bhall teaghlaigh, a dúirt an Comhairleoir Contae Albert Doherty.
Dúirt sé go bhfuil gearáin ó theaghlaigh faoin easpa tacaíochta atá ar fáil daofa ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte agus mhol sé go gcuirfidh grúpa tacaíochta ar bun sa phobal do dhaoine a bhfuil an siondróm orthu agus dá dteaghlaigh.