Nuacht an Tuaiscirt. 31 Márta
Dumpáil mhídhleatach
Ba cheart do Chomhairle Contae Dhún na nGall a bheith i bhfad níos déine agus iad ag déileáil le daoine atá ag dumpáil go mídhleathach, a dúirt an Comhairleoir Contae Terry Crossan.
Glacadh le rún uaidh ag cruinniú den Chomhairle an tseachtain seo go mbeadh an Chomhairle níos déine feasta agus iad ag déileáil le daoine a bhíonn ag dumpáil sa chontae.
D'eisigh Comhairle Contae Dhún na nGall 673 fíneáil maidir le heachtraí dumpála sa chontae idir 2015-2020, de réir an eolais atá curtha ar fáil an tseachtain seo don Chomhairleoir Gary Doherty.
As an 673 fíneáil, níl íoctha go dáta ach 388 acusan.
Cosaint ó thuilte
Lorg an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh eolas ón Aire Stáit Patrick O'Donovan a bhfuil cúramaí Oifig na nOibreacha Poiblí air maidir leis na beartais atá a gcur i bhfeidhm ag an Roinn le ceantracha éagsúla i gCondae Dhún na nGall a chosaint ó thuilte.
Luaigh an Teachta Ó Dochartaigh ceantracha go sonrach ina bhfuil fadhb mhór le tuilte, ina measc Gaoth Dobhair ait a bhfuil fadhb leanúnach le tuilte ag Abhainn an Chládaigh, Baile Dhún na nGall áit a ndéanann tuillte dochar den charrchlós ansin go minic agus ceantracha Bhéal Átha Féich agus Sraith an Urláir áit a dtéann Abhainn na Finne thar bruach go rialta.
Léirigh an Teachta Piaras Ó Dochartaigh a mhíshástacht maidir leis an mhoill na scéimeanna seo a thabhairt chun críche agus dúirt sé go mbeidh sé ag cur brú ar an Rialtas a chinntiú go mbeidh na hoibreacha riachtanacha seo déanta chomh luath agus is féidir.
Forbairt scoile ceadaithe
D'fhógair an Roinn Oideachais tráthnóna inne go bhfuil maoiniú ceadaithe anois le tabhairt faoi fhorbairtí ag Pobalscoil na Rosann ar an Chlochán Liath.
Faoin mhaoiniú a ceadaíodh beifear ag cur le líon na seomraí ranga sa Phobalscoil chomh maith le seomra ceoil, seomra grafaicí agus seomra teicneolaíochta a chur leis an scoil.
Táthar ag súil go gcuirfidh an fhoireann deartha tús leis an phróiseas pleanála taobh istigh de chúpla mí agus beidh tairiscintí a lorg o chonraitheoirí ina dhiaidh sin le tabhairt faoin obair.
Earraí sláintíochta ar fáil
Glacadh le rún ag cruinniú na seachtaine seo de Chomhairle Contae Dhún na nGall ón Chomhairleoir Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig go mbeadh teacht, saor in aisce, ar earraí sláintíochta in achan fhoirgneamh poiblí feasta.
Thréaslaigh an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig le feachtas atá ar bun i bPobalscoil na Rosann le dul i ngleic le hanás míosta do chailíní na scoile.
Uasdhátú Chovid-19
Bhí sé othar leis an Víreas Covid-19 in Otharlann Leitir Ceanainn aréir, méadú de dhuine amháin ar an lá roimhe sin.
Bhí duine eile san otharlann aréir a raibh amhras go bhfuil an víreas orthu.
Deimhníodh 13 chás úr den víreas Covid-19 i nDún na nGall tráthnóna inné, de réir na bhfigiúirí is deireanaí.
Luath tithe ardaithe
Tá ardú leanúnach ar luach na dtithe i nDún na nGall o thús na bliana, de réir an tuairisce is deireanaí ó Daft.ie.
Deirtear sa tuairisc a foilsíodh inniu go bhfuil ardú 4% ar luach na dtithe sa Chondae, sa chéad trí mhí den bhliain i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh. Sé €156,000 an meánluach ar theach i nDún na nGall i láthair na huaire de réir na tuairisce.