Nuacht an Tuaiscirt:29Márta

Nuacht an Tuaiscirt:29Márta

Covid

Deimhníodh 45 cás úr den choróinvíreas i gCo.Dhún na nGall tráthnóna inné.

Seo an dara líon ab airde de chásanna sa tír, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair an Roinn Sláinte.

5 othar a bhí in Otharlann Leitir Ceanainn aréir leis an víreas, laghdú de bheirt ar an lá roimhe sin.

Bhí beirt san aonad dianchúram leis an víreas. 

Éadóchas ar lucht gnó 

'Tá éadóchas ar go leor de lucht gnó Dhún na nGall faoi láthair, agus iad bliain iomlán anois ag déileáil le srianta Covid-19', a dúirt Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall, Micheál Ó Tonnaigh.

'Tá go leor imní ar lucht gnó sa chontae, go háirithe iadsan atá druidte le tamall fada', a dúirt sé. 

Dúirt sé go bhfuil an easpa cinnteachta faoi cén uair a dtig le gnóanna foscailt arís agus cé chomh fada gur féidir leo fanacht fosclaithe, ag cur go leor imní ar lucht gnó sa chontae. 

Cásanna Covid

Thug Stiúrthóir Scoltacha Bhord Oideachais Dhún na nGall, Martin Gormley le fios go raibh roinnt cásanna de Covid 19 i scoltacha an bhoird ach gur cásanna iad a tháinig ón phobal.

Thug sé moladh d'fhoirne scoile agus sláinte ag cruinniú míosúil an bhoird Dé hAoine.

Dúirt sé gur éirigh go maith leis an chianfhoghlaim ach go bhfuil siad ag dúil go mór fáilte a chuir roimh na ndaltaí uilig ar ais sna Scoltacha ar an12ú den mhí seo chugainn.

Dúirt sé go raibh deacrachtaí ag roinnt daltaí le córais leathanbhanda ach gur deacrachtaí iad siúd nach raibh an Bord in ann a réiteach.

Seirbhís dóibh siúd le neamhord itheacháin

Beidh seirbhís á chur ar bun i Sligeach do dhaoine as réigiún an iarthuaiscirt a bhfuil neamhord itheacháin orthu.
Earcaíodh bia eolaí breise i réigiún sláinte an iarthair le gairid le freastal ar Dhún na nGall, Sligeach, Muineachán, An Cabhán agus Liatroim.
Dúirt John Hayes, Bainisteoir Ceantair Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san iarthuaisceart, go mbeidh dul chun cinn déanta roimh dheireadh na bliana ar an tseirbhís seo.

Cead d'iascairi a bhfuil báid leo cláraithe sna 6 chondae

Dúirt an Comhairleoir Condae Liam Blaney ag cruinniú de Choiste Iascaigh na Comhairle Condae go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh cead ag bádaí atá cláraithe sna 6 Condae a theacht i dtír in níos mó ná 5 chalafort sa Chondae.

Dúirt sé gur cheart cead a thabhairt d'iascairí a theacht i dtír ag poirt níos lú ar nós Baile Uí Fhuaruisce i bhFánaid  agus Machaire Rabhartaigh.

Cheistigh sé fosta na hamanna  a bhfuil cead ag na bádaí seo a theacht i dtír, dúirt sé 'nach ndéanann sé ciall ar bith nach bhfuil cead acu a theacht i dtír ag an deireadh seachtaine agus ag uaireanta airithe i rith na seachtaine'.

Dúirt an tAire Mara Charlie McConalogue a bhí i láthair ag an chruinniú  go dtuigeann se go bhfuil deacrachtaí ag iascairí ach dúirt sé go gcoinneoidh se súil ar an cheist agus go ndéanfar a athbhreithniú ar na socruithe más gá. 

Eiteán Bhólachta

'Cé go bhfuil leibhéal eiteán bhólachta íseal go maith faoi láthair, tá méadú leanúnach ar chásanna ó 2016', a dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue.

Dúirt an tAire go bhfuil a Roinn ag obair le achan dream san earnáil lena chinntiú go bhfuil achan ghné den straitéis maidir le heiteán bhólachta 2021-2030 a chur i bhfeidhm le réitigh a fháil den aicíd.

Bhí thar 17,000 cás d'eiteán bhólachta sa tír ar fad i 2019, agus astu sin bhí 219 cás de i nDún na nGall.

Struchtúr ealaíona lámh leis an N56

Tá socrú déanta anois ar an dearadh don struchtúr ealaíona atá le cur in aice le bealach úr an N56 ag Leitir Mhic an Bhaird.

Tá ciste airgid de €64,000 ag Bonneagair Iompair Éireann don togra ealaíona seo ag Mín a Ghabhann i Leitir Mhic an Bhaird.

Beidh píosa ealaíona a chur ar bhealach an N56 ag Cúl Buí i Leitir Ceanainn fosta, dírithe ar théama Cholmcille. 

Beo

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Tuairisc Spóirt

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Eoin Ó Catháin, tuairisceoir polaitíochta.

Eoin Ó Catháin, tuairisceoir polaitíochta.

 
Doiminic Ó Brolacháin, iar bhall cothionóil, SDLP

Doiminic Ó Brolacháin, iar bhall cothionóil, SDLP

 
Máirín Mhic Gearailt, bean tí, Corca Dhuibhne.

Máirín Mhic Gearailt, bean tí, Corca Dhuibhne.

 
Máire Denvir, Concos.

Máire Denvir, Concos.

 
Anna Uí Ghallachóir, Árainn Mhór.

Anna Uí Ghallachóir, Árainn Mhór.

 
Seán Mac Eoin, Príomhoifigeach Roinn na Gaeltachta.

Seán Mac Eoin, Príomhoifigeach Roinn na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé Máirt 20 Aibreán 2021.

Adhmhaidin: Dé Máirt 20 Aibreán 2021.

 
Tús Áite: Cosc orthu siúd a bhí sa phríosún a bheith ar choiste stáit

Tús Áite: Cosc orthu siúd a bhí sa phríosún a bheith ar choiste stáit

 
Tús Áite: Earraí míosta

Tús Áite: Earraí míosta

 
Tús Áite: An Ghaeilge in Éire Aontaithe

Tús Áite: An Ghaeilge in Éire Aontaithe

 
Tús Áite: Sár-Léig Eorpach sa sacar

Tús Áite: Sár-Léig Eorpach sa sacar

 
Tús Áite: Méadú tréimhse idir dáileoga

Tús Áite: Méadú tréimhse idir dáileoga

 
Tús Áite: 19/4/21

Tús Áite: 19/4/21

 
Dara Ó Cinnéide;Craobhacha CLG na Mumhan

Dara Ó Cinnéide;Craobhacha CLG na Mumhan

 
Aoife Ní Sheaghdha;Toghchán an Údaráis chughainn

Aoife Ní Sheaghdha;Toghchán an Údaráis chughainn

 
Dónal Ó Liatháin;2M do G Teic Bhaile an Sceilig

Dónal Ó Liatháin;2M do G Teic Bhaile an Sceilig

 
Pa Daly;TD Sinn Fein

Pa Daly;TD Sinn Fein

 
Micheál Ó Cinnéide;Comhar Chreidmheas Chorca Dhuibhne.

Micheál Ó Cinnéide;Comhar Chreidmheas Chorca Dhuibhne.

 
An Saol ó Dheas 19ú Aibreán 2021

An Saol ó Dheas 19ú Aibreán 2021

 
Seamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Seamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Edward Ó Sé, Seirbhís Dóiteáin na Ceathrún Rua.

Edward Ó Sé, Seirbhís Dóiteáin na Ceathrún Rua.

 
Mícheál Choilm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

Mícheál Choilm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

 
Antoin Ó Lachtnáin, Cearta Digiteach Éireann.

Antoin Ó Lachtnáin, Cearta Digiteach Éireann.

 
Éamon Ó Cuív, T.D.

Éamon Ó Cuív, T.D.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé Luain 19 Aibreán 2021.

Adhmhaidin: Dé Luain 19 Aibreán 2021.

 
Clár Iomlán 18/04/2021

Clár Iomlán 18/04/2021

 
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

 
Tús Áite: Scéalta Spóirt

Tús Áite: Scéalta Spóirt

 
Tús Áite: Súil siar na seachtaine

Tús Áite: Súil siar na seachtaine

 
Tús Áite: Coireanna fuatha

Tús Áite: Coireanna fuatha

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: Toghchán Údarás na Gaeltachta

Tús Áite: Toghchán Údarás na Gaeltachta

 
Tús Áite: 16/4/21

Tús Áite: 16/4/21

 
Cártaí poist Bheal Feirste - Dónal O'Connor

Cártaí poist Bheal Feirste - Dónal O'Connor

 
Gael thar Sáile : John Woods

Gael thar Sáile : John Woods

 
Pauline Scanlon : Atlantic Arc

Pauline Scanlon : Atlantic Arc

 
Ó Bhéal na mBan : Aimee Ní Chonaing agus Caitríona Ní Chonaill

Ó Bhéal na mBan : Aimee Ní Chonaing agus Caitríona Ní Chonaill

 
Aoi sa Chathaoir : John Spillane

Aoi sa Chathaoir : John Spillane

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Bladhaire

Bladhaire

Iris Aniar

Iris Aniar

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís