Nuacht an Tuaiscirt:15/02/21
Cead Pleanála ar bhealach an N56 ina chonspóid
D'iarr Coiste Gaeilge Chomhairle Contae Dhún na nGall go dtiocfaidh ionadaithe ó Bhonneagair Iompair Éireann os comhair chruinniú den choiste leis an tionchar diúltach atá ag a bpolasaí faoi chead pleanála ar bhealach an N56 ar an Ghaeltacht a phlé.
Glacadh le moladh a rinne Cathaoirleach an Choiste, An Comhairleoir Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig gur cheart cur i láthair a dhéanamh do Bhonneagair Iompair Éireann ar an tionchar diúltach atá ag a bpolasaí ar phobal na Gaeltachta.
Dúirt sé go bhfuil an polasaí nach féidir cead pleanála a fháil le teach a thógáil ar bhealach an N56 ag cur le bánú na Gaeltachta agus le bánú na tuaithe.
Tá ról lárnach ag Teachtaí Dála Dhún na nGall brú a chur ag leibhéal an Oireachtais an polasaí seo a athrú chomh luath agus is féidir, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.
Cásanna Covid
Bhí trí chás is fich den víreas Covid-19 in Otharlann Leitir Ceanainn ag a hocht a chlog aréir.
Bhí ceathrar acusan san aonad dianchúram.
Cha raibh leapacha ar bith saor in aonad dianchúram na hotharlainne aréir.
Deimhníodh 9 gcás úr den víreas Covid 19 i nDún na nGall tráthnóna inne de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair an Roinn Sláinte.
315 cás den víreas a deimhníodh sa Chontae le coicís anuas.
197.9 in achan 100,000 duine an ráta coicíse de chásanna atá sa chontae faoi láthair, i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta de 277.2 in achan 100,000 duine.
788 cás úr a deimhníodh go náisiúnta tráthnóna inné agus fógraíodh go bhfuair seachtar déag eile bás mar gheall ar an víreas.
Amazon agus na feirmeacha gaoithe
Deir oll chomhlacht idirnáisiúnta Amazon go mbeidh siad ag fáil a gcuid fuinnimh ó thrí cinn de fheirmeacha gaoithe ó 2022, agus ina measc sin tá feirm ghaoithe ar an Mhín Bhog in aice le Bealach Féich.
Tá infheistíocht déanta ag Amazon i dtrí cinn de fheirmeacha gaoithe sa tír, agus tá an chéad fheirm acusan, i gCorcaigh, ag feidhmiú agus ag tairgeadh leictreachais anois.
Beidh 91 Meagawatt cumhachta a thairgeadh ag feirm ghaoithe an Mhín Bhog, áit a bhfuil naoi gcinn déag de thuirbíní gaoithe, nuair a bheas sé ag feidhmiú ag deireadh na bliana seo.
Tharla sciorradh portaigh ar an fheirm ghaoithe seo i mí na Samhna, agus bhí imní sa cheantar faoin tionchar a bheadh aige ar sholáthar uisce sa cheantar.
Na seirbhísí dóiteáin agus a bhfreastal ar an bpobal
Cuireadh fios ar sheirbhísí dóiteáin Dhún na nGall 879 iarraidh anuraidh, de réir an eolais atá curtha ar fáil ag an Chomhairle Contae.
Chuidigh seirbhísí dóiteáin na 6 Chontae le seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall 94 iarraidh le linn na bliana anuraidh, deich n-uaire acusan le linn mí na Nollag.
Thug an tseirbhís dóiteáin le fios fosta go bhfuair siad sé cinn déag de ghearáin anuraidh faoi fhoirgnimh poiblí nach raibh ag cloí le sábháilteacht dóiteáin.
Ní raibh cur i láthair ar bith ar shábháilteacht dóiteáin déanta ag seirbhísí dóiteáin Dhún na nGall anuraidh de bharr tionchar shrianta Covid-19.