Nuacht an Iarthair:1 Feabhra

Nuacht an Iarthair:1 Feabhra

Cead pleanála do phainéil ghréine

Tá fáilte curtha ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív roimh an scéala  nach mbeidh aon chall do scoileanna ná do na hionaid pobail cead pleanála a fháil le painéil ghréine a chur ar a gcuid foirgintí.

Dúirt an Teachta Ó Cuív go bhfuil sé thar am é seo a dhéanamh agus go laghdóidh na painéil ghréine na costais a bhíonn ar na hionaid agus na scoileanna chomh maith le laghdú a dhéanamh  ar an truailliú atá á dhéanamh don timpeallacht.

Dúirt sé go dtabharfaidh na painéil ghréine sampla maith do dhea-chleachtais agus don ghlúin óg chomh maith leis an bpobal.

Córas nua adhlactha i gCladhnach

'Tá sé i gceist córas nua le daoine a adhlacadh  a úsáid sa reilig phríobháideach atá i gCladhnach', a dúirt úinéir na háite, Bobby MacDonnacha.

Bainfear leas as an gcóras tuama os cionn talún sa reilig ma bhíonn daoine ag iarradh an bealach sin a úsáid.

Bíonn córas mar seo in úsáid go hiondúil nuair a chuirtear sagairt in uaigh gar do shéipéil.

Dúirt MacDonnacha go bhfuil sé i gceist aige trí scór áit a leagan amach don saghas seo adhlactha sa reilig i gCladhnach.

'Beidh costais do thart ar €8000 ar na huaigheanna seo agus ar an tsochraid', a dúirt MacDonnacha.

Fágann sé seo go mbeidh sé níos éasca an uaigh a choinneal agus nach mbeidh an oiread cothabhála le déanamh.

Tá éileamh ar a léithid sa gceantar agus chuir siad tús an tseachtain seo leis an réamhobair le tabhairt faoin obair seo sa reilig.

Togra fuinnimh inathnuaite ar an gCeathrú Rua

'Tá súil go mbeidh an obair tosaithe ar thogra fuinnimh inathnuaite ar eastáit tionsclaíochta na Ceathrún Rua chomh luath agus a bhíonn cead obair thógála mar seo a dhéanamh arís' a dúirt Bainisteoir Chomharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua.

Bhí súil go mbeadh an obair tosaithe ar an togra fuinnimh ag tús na míosa seo caite ach mar gheall ar shrianta Covid b'éigean é a chur siar.

Beidh 4 láthair ar an eastát  go mbeidh deis carranna a lochtú ann ó thaobh cúrsaí leictreachais.

Tá €201,200 ceadaithe inniu don eagraíocht 'Éirim an Iarthair' i nGaillimh le cúrsaí traenála a chur ar fáil don fhoireann agus le uasghrádú a dhéanamh ar na córais teicneolaíochta atá acu.

Tá sé fógraithe ag an Aire Stáit, Anne Rabbitte a bhfuil freagracht uirthi do na seirbhísí a chuirtear ar fáil do dhaoine le míchumas, a bhfuil €20m ar fáil  inniu as an gciste atá ag an Rialtas, leis na seirbhísí atá ann a neartú agus le caighdeán maireachtála na ndaoine atá ag brath ar na seirbhísí sin a fheabhsú.

Beo

Baile an Droichid

Baile an Droichid

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Spórt an Lae

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

 
Tús Áite: Scéalta Spórt

Tús Áite: Scéalta Spórt

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Conspóid le hAlex Salmond agus Nicola Sturgeon

Tús Áite: Conspóid le hAlex Salmond agus Nicola Sturgeon

 
Tús Áite: Scrúduithe béil

Tús Áite: Scrúduithe béil

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: Fiosrúchán dúnmharaithe gar do Bhaile Mhistéala

Tús Áite: Fiosrúchán dúnmharaithe gar do Bhaile Mhistéala

 
Tús Áite: 26/2/21

Tús Áite: 26/2/21

 
Aidan Joyce : Dúshlán carthanachta

Aidan Joyce : Dúshlán carthanachta

 
Brian Mac an Bhaird : Seanchaí as Muineachán

Brian Mac an Bhaird : Seanchaí as Muineachán

 
Pádraig Mac Congáil- Cultúrlann Uí Chanainn

Pádraig Mac Congáil- Cultúrlann Uí Chanainn

 
Aoi sa Chathaoir: Tadhg Mac Dhonnagáin

Aoi sa Chathaoir: Tadhg Mac Dhonnagáin

 
Na deá-scéalta: Hugh Mac Giolla Chearra

Na deá-scéalta: Hugh Mac Giolla Chearra

 
Bladhaire: Clár iomlán Dé hAoine 26/2/21

Bladhaire: Clár iomlán Dé hAoine 26/2/21

 
Lawrence O Cinnéide, agus Mossie O Scanláin

Lawrence O Cinnéide, agus Mossie O Scanláin

 
Aoife Ni Chíobháin;siúl do Womens Aid.

Aoife Ni Chíobháin;siúl do Womens Aid.

 
Tomás O Céilleachair, Máiréad Uí Lionáird.;vaicsín

Tomás O Céilleachair, Máiréad Uí Lionáird.;vaicsín

 
Josie Nic Gearailt;Beirt dearthár marbh i mBaile Mhistéala

Josie Nic Gearailt;Beirt dearthár marbh i mBaile Mhistéala

 
An Saol ó Dheas 26ú feabhra 2021

An Saol ó Dheas 26ú feabhra 2021

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
Diane Ní Channáin, Margaí Diane.

Diane Ní Channáin, Margaí Diane.

 
Fionnuala Ní Rabhartaigh, as Gort a Choirce ó dhuchas.

Fionnuala Ní Rabhartaigh, as Gort a Choirce ó dhuchas.

 
Piaras Ó Dochartaigh, TD.

Piaras Ó Dochartaigh, TD.

 
Frances Ni Géadaigh, ó Sheomra  na Nuachta.

Frances Ni Géadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár Iomlán, 26/02/2021.

Barrscéalta, Clár Iomlán, 26/02/2021.

 
Claire Burke, Priomhoifig Staidrimh.

Claire Burke, Priomhoifig Staidrimh.

 
Fiachra Ó Céilleachair, Feidhmeannach Seirbhís Sl.ainte, Oirdheiscirt.

Fiachra Ó Céilleachair, Feidhmeannach Seirbhís Sl.ainte, Oirdheiscirt.

 
Jaimsie Ó Domhnaill, Coiste Peanála Chomhairle Condae Dhún na nGall.

Jaimsie Ó Domhnaill, Coiste Peanála Chomhairle Condae Dhún na nGall.

 
Éamon Ó Cuív, T.D.

Éamon Ó Cuív, T.D.

 
Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Eoin Ó Catháin, tuairisceoir, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Eoin Ó Catháin, tuairisceoir, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta  agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 26 Feabhra 2021.

Adhmhaidin: Dé hAoine 26 Feabhra 2021.

 
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Communicorp le díol

Tús Áite: Communicorp le díol

 
Tús Áite: Léirmheas ar ‘Are You With Me?’

Tús Áite: Léirmheas ar ‘Are You With Me?’

 
Tús Áite: Titim i dtacaíocht Fhianna Fáil

Tús Áite: Titim i dtacaíocht Fhianna Fáil

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 25/2/21

Tús Áite: 25/2/21

 
Eimear McGovern, Mír na Leabhar.

Eimear McGovern, Mír na Leabhar.

 
Gael thar Sáile, Siubhán McCauley i Learpholl.

Gael thar Sáile, Siubhán McCauley i Learpholl.

 
Sarah Cullen, as ceantar na nDúnaibh.

Sarah Cullen, as ceantar na nDúnaibh.

 
Aoife agus Deirdre Granville.

Aoife agus Deirdre Granville.

 
Orlaith Nic Ghearailt : Seachtain na Gaeilge.

Orlaith Nic Ghearailt : Seachtain na Gaeilge.

 
Bladhaire, Clár Iomlán, 25/02/2021.

Bladhaire, Clár Iomlán, 25/02/2021.

 
Susan Feirtéar agus Muireann Nic Giolla Rua

Susan Feirtéar agus Muireann Nic Giolla Rua

 
Liam Ó hIfearnáin; Big Boy Foolish

Liam Ó hIfearnáin; Big Boy Foolish

 
Load More...
Bladhaire

Bladhaire

Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís