Nuacht an Tuaiscirt: 21 Eanáir

Nuacht an Tuaiscirt: 21 Eanáir

Covid-19

Tá Covid-19 ar chóir a bheith leath de na hothair chónaitheacha in Otharlann Leitir Ceanainn i láthair na huaire.

B'éigean othair a aistriú ó Otharlann Leitir Ceanainn go hAonad Dianchúram Otharlann na hOllscoile i nGaillimh le roinnt laethanta de bharr easpa spáis in Otharlann Leitir Ceanainn.

Tá 50 leaba máithreachais, 25 leaba péidiatraiceacha agus 20 leaba san rannóg athshlánaithe leighis san otharlann, gan trácht ar leapacha ICU agus HDU, rud a fhágann go bhfuil leath dena leapacha glactha ag othair le Covid-19, a dúirt Bainisteoir na hotharlainne, Seán Murphy.

Tá 362 leaba ar fad san otharlann, ach tá brú mór ar sheomraí aonair san otharlann de bharr an víris, a dúirt sé.

Cásanna úra

84 cás úr den víreas Covid 19 a deimhníodh i dtréimhse ceithre huaire fichead i nDún na nGall tráthnóna inne. 1,894 cás úr den víreas Covid-19 a deimhníodh sa Chondae le coicís, suas go dtí 19 Eanáir.  

1189.8 in achan 100,000 duine an ráta coicíse de chásanna atá sa chontae faoi láthair, i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta de 1,222.8 in achan 100,000.

2,488 cás úr den víreas a deimhníodh go náisiúnta tráthnóna inné agus fógraíodh go bhfuair 61 duine eile bás mar gheall ar an víreas.

Ionad altranais

Fuair ceathrar bás in ionad altranais in Inis Eoghain le roinnt laethanta de bharr ráig de Covid-19 ansin.

Bhí na cónaitheoirí agus baill foirne in Ionad Altranais príobháideach Beach Hill Manor, atá a reáchtáil ag Brindley Manor, leis an vacsaín a fháil Déardaoin s'chuaigh thart, ach cuireadh é sin ar athló, de bharr ráig den víreas a bheith san ionad altranais.

Dúirt bainistíocht an ionaid i ráiteas gur am iontach corraitheach ar fad é seo agus go bhfuil achan iarracht a dhéanamh acu i gcónaí cosaint a thabhairt do dhaoine atá faoina gcúram, le cois a dteaghlaigh.

Tástálacha

Rinneadh breis agus 7,000 teist Covid-19 ag dhá ionad tástála pobail Covid-19 i nDún na nGall ó thús na bliana.

Tá méadú anois ar líon na dteisteanna gur féidir a dhéanamh sa lá ag ionad Leitir Ceanainn, agus deis tástáil a dhéanamh ansin ar 750 duine in aghaidh an lae.

Thig 210 teist a dhéanamh go laethúil ag ionad Bhaile Dhún na nGall.

Ar an tseachtain seo caite, theip ar 8.6% do dhaoine a raibh coinne acu ag ionad tástála Covid-19 i Leitir Ceanainn, freastal ar a gcoinne, i gcomparáid le 1.6% nár fhreastal ar a gcoinne ag ionad tástála bhaile Dhún na nGall.

Plean Forbartha

Tá aighneachtaí déanta ag Coiste Cheantar Bardais na nGleanntach maidir leis an athbhreithniú atá ar bun ar an Phlean Náisiúnta Forbartha de chuid an Rialtais.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Cheantar Bardais, an Comhairleoir Nóirín Nic Gairbheith, nach bhfuil trácht ar bith san phlean reatha dona hoileáin nó don Ghaeilge, agus go gcaithfear an dá ghné sin a chur san áireamh i bplean forbartha an Rialtais.

Lena chois sin, caithfear a chinntiú go bhfaighfí an sciar chothrom den mhaoiniú do fhorbairt tuaithe, thithíocht agus do bhóithre i nDún na nGall, a dúirt an Comhairleoir Nic Gairbheith.

Dúirt sí fosta go measann sí go mbeidh cruinnithe dena ceantair bardais a n-eagrú ar an idirlíon go ceann trí mhí, de bharr Covid-19.

Breatimeacht

Beidh impleachtaí níos mó ag an Bhreatimeacht ar réigiúin na teorann agus an iarthuaisceart agus ba cheart go bhfaigheadh siad an sciar is mó de chiste tacaíochta na Breatimeachta gur fiú €1billiún é, a dúirt an Teachta Dála neamhspleách Marian Harkin atá ag déanamh ionadaíochta ar chuid de Dheisceart Dhún na nGall i nDáil Éireann.

Dúirt sí é seo i ndíospóireacht maidir leis an Bhreatimeacht leis an Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney sa Dáil inné.

Léiríonn figiúirí Fiontar Éireann go dtáinig an titim is mó ar phostanna i gcliant chomhlachtaí de chuid Fiontar Éireann i gceantar an Iar thuaisceart i 2020 áit a raibh titim 2.9% i gcomparáid leis an mheán náisiúnta de 0.4%.  

Dúirt an Teachta Harkin sa Dáil inné gurbh beith ceantar na teorann agus ceantar an iarthuaisceart is measa a buaileadh mar gheall ar dífhostaíochta de, dá bharr na Breatimeachta agus an ghéarchéim sláinte.

Caithfear a chinntiú go dtabharfar tús áite dona réigiúin seo is mó atá buailte dá bharr tionchar na Breatimeachta ón chiste tacaíochta a dúirt an Teachta Harkin.

Iascaireacht

Tá cáineadh láidir déanta arís ag an Athair John Joe Duffy ar an mhargadh do hearnáil na hiascaireachta a haontaíodh idir Aontas na hEorpa agus an Riocht Aontaithe.

Sa dara ráiteas ón Athair Duffy le seachtain deir sé go bhfuil neamart iomlán déanta ag an Aire Talmhaíochta Bia agus Mara Charlie Mc Conalogue agus ag an rialtas ar an dóigh a bhfuil siad ag caitheamh le hiascairí beag cois cósta.

Dúirt an tAthair Duffy nach leor fógra na Roinne Bia agus Mara an tseachtain seo go mbeadh cúig chalafoirt eile a gcur leis an liosta de chalafoirt a bhfuil sé ceadaithe ag iascairí a lastais a dtabhairt i dtír ann.  

Deir sé go bhfuil an t-am ann anois go mbeadh ath eagrú iomlán déanta ar an Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara agus gur cheart Aire Sóisearach Mara a cheapadh le bheith freagrach as earnáil na hiascaireachta amháin agus gur cheart ceadúnais idir thréimhse a bhronnadh ar iascairí lena lastais a dtabhairt i dtír i gcalafoirt eile go dtí go bhfuil an fhadhb seo réitithe.

Donna Ní Ghallchóir

Tá Donna Ní Ghallchóir as Cill Chartha ceaptha mar Oifigeach Forbartha ar Lár Chomhairle Pharóiste Ghleann Cholmcille.

Chuaigh sí i mbun a cuid dualgais an tseachtain seo agus tá sé dhá bhliain ó bhí duine fostaithe sa phost seo. Beidh sé mar sprioc ag an Oifigeach Forbartha Clár forbartha pobail atá maoinithe ag Údarás na Gaeltachta  chur i bhfeidhm.  

Chaith Donna 14 bliain ag obair san Indinéis.  

Beo

Baile an Droichid

Baile an Droichid

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Spórt an Lae

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

 
Tús Áite: Scéalta Spórt

Tús Áite: Scéalta Spórt

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Conspóid le hAlex Salmond agus Nicola Sturgeon

Tús Áite: Conspóid le hAlex Salmond agus Nicola Sturgeon

 
Tús Áite: Scrúduithe béil

Tús Áite: Scrúduithe béil

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: Fiosrúchán dúnmharaithe gar do Bhaile Mhistéala

Tús Áite: Fiosrúchán dúnmharaithe gar do Bhaile Mhistéala

 
Tús Áite: 26/2/21

Tús Áite: 26/2/21

 
Aidan Joyce : Dúshlán carthanachta

Aidan Joyce : Dúshlán carthanachta

 
Brian Mac an Bhaird : Seanchaí as Muineachán

Brian Mac an Bhaird : Seanchaí as Muineachán

 
Pádraig Mac Congáil- Cultúrlann Uí Chanainn

Pádraig Mac Congáil- Cultúrlann Uí Chanainn

 
Aoi sa Chathaoir: Tadhg Mac Dhonnagáin

Aoi sa Chathaoir: Tadhg Mac Dhonnagáin

 
Na deá-scéalta: Hugh Mac Giolla Chearra

Na deá-scéalta: Hugh Mac Giolla Chearra

 
Bladhaire: Clár iomlán Dé hAoine 26/2/21

Bladhaire: Clár iomlán Dé hAoine 26/2/21

 
Lawrence O Cinnéide, agus Mossie O Scanláin

Lawrence O Cinnéide, agus Mossie O Scanláin

 
Aoife Ni Chíobháin;siúl do Womens Aid.

Aoife Ni Chíobháin;siúl do Womens Aid.

 
Tomás O Céilleachair, Máiréad Uí Lionáird.;vaicsín

Tomás O Céilleachair, Máiréad Uí Lionáird.;vaicsín

 
Josie Nic Gearailt;Beirt dearthár marbh i mBaile Mhistéala

Josie Nic Gearailt;Beirt dearthár marbh i mBaile Mhistéala

 
An Saol ó Dheas 26ú feabhra 2021

An Saol ó Dheas 26ú feabhra 2021

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
Diane Ní Channáin, Margaí Diane.

Diane Ní Channáin, Margaí Diane.

 
Fionnuala Ní Rabhartaigh, as Gort a Choirce ó dhuchas.

Fionnuala Ní Rabhartaigh, as Gort a Choirce ó dhuchas.

 
Piaras Ó Dochartaigh, TD.

Piaras Ó Dochartaigh, TD.

 
Frances Ni Géadaigh, ó Sheomra  na Nuachta.

Frances Ni Géadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár Iomlán, 26/02/2021.

Barrscéalta, Clár Iomlán, 26/02/2021.

 
Claire Burke, Priomhoifig Staidrimh.

Claire Burke, Priomhoifig Staidrimh.

 
Fiachra Ó Céilleachair, Feidhmeannach Seirbhís Sl.ainte, Oirdheiscirt.

Fiachra Ó Céilleachair, Feidhmeannach Seirbhís Sl.ainte, Oirdheiscirt.

 
Jaimsie Ó Domhnaill, Coiste Peanála Chomhairle Condae Dhún na nGall.

Jaimsie Ó Domhnaill, Coiste Peanála Chomhairle Condae Dhún na nGall.

 
Éamon Ó Cuív, T.D.

Éamon Ó Cuív, T.D.

 
Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Eoin Ó Catháin, tuairisceoir, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Eoin Ó Catháin, tuairisceoir, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta  agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 26 Feabhra 2021.

Adhmhaidin: Dé hAoine 26 Feabhra 2021.

 
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Communicorp le díol

Tús Áite: Communicorp le díol

 
Tús Áite: Léirmheas ar ‘Are You With Me?’

Tús Áite: Léirmheas ar ‘Are You With Me?’

 
Tús Áite: Titim i dtacaíocht Fhianna Fáil

Tús Áite: Titim i dtacaíocht Fhianna Fáil

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 25/2/21

Tús Áite: 25/2/21

 
Eimear McGovern, Mír na Leabhar.

Eimear McGovern, Mír na Leabhar.

 
Gael thar Sáile, Siubhán McCauley i Learpholl.

Gael thar Sáile, Siubhán McCauley i Learpholl.

 
Sarah Cullen, as ceantar na nDúnaibh.

Sarah Cullen, as ceantar na nDúnaibh.

 
Aoife agus Deirdre Granville.

Aoife agus Deirdre Granville.

 
Orlaith Nic Ghearailt : Seachtain na Gaeilge.

Orlaith Nic Ghearailt : Seachtain na Gaeilge.

 
Bladhaire, Clár Iomlán, 25/02/2021.

Bladhaire, Clár Iomlán, 25/02/2021.

 
Susan Feirtéar agus Muireann Nic Giolla Rua

Susan Feirtéar agus Muireann Nic Giolla Rua

 
Liam Ó hIfearnáin; Big Boy Foolish

Liam Ó hIfearnáin; Big Boy Foolish

 
Load More...
Bladhaire

Bladhaire

Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís