Nuacht an Tuaiscirt:18Eanáir
Figiúirí Covid
D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné gur 112 cás úr de Covid 19 a deimhníodh i gCo.Dhún na nGall i dtréimhse 24 uair a' chloig.
2,207 cás úr den víreas Covid-19 a deimhníodh sa chondae le coicís, suas go dtín 16 Eanáir.
1,386.4 in achan 100,000 duine an ráta coicíse de chásanna atá sa chontae faoi láthair, i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta de 1,487.9 in achan 100,000.
2,944 cás úr den víreas a deimhníodh go náisiúnta agus fógraíodh go bhfuair trí dhuine dhéag eile bás mar gheall ar an víreas.
Bhí 113 othair in Otharlann Leitir Ceanainn ag an 8 a chlog aréir agus é deimhnithe go raibh an víreas Covid 19 orthu.
Bhí cúigear acu sin ag fáil coir leighis in aonad dianchúraim na hotharlainne agus ní raibh leaba ar bith ar fáil in aonad dianchúram na hotharlainne aréir.
Bhí triúr eile san otharlann aréir a raibh amhras go raibh an víreas orthu, de réir fhigiúirí na Roinne Sláinte.
Costais cíosa ag dul in airde
'Beidh níos lú tithe á ligean ar cíos agus rachaidh costais cíosa in airde, de bharr teastais atá le cur ar fáil ag úinéirí tí atá ag ligean tithe ar cíos feasta', dar leis an cheantálaí Éamonnn Mac Giolla Bhríde.
Dúirt sé gur chuir an Chomhairle Contae comhfhreagras chuig achan úinéir tí sa chontae atá ag ligean teach ar cíos ag lorg teastais leictreach, gáis agus teasa lena chinntiú go bhfuil caighdeán na dtithe ag leibhéal sásúil.
'Is ionann seo agus riachtanais scéim tithíochta HAP', a dúirt an Ceantalaí Mac Giolla Bhríde.
Measann sé go mbeidh níos lú tithe ar fáil le ligean ar cíos agus go mbeidh méadú mór ar chíos dá bharr seo.
Calafoirt do bhádaí cláraithe sna 6 chontae
'Caithfidh an Rialtas tuilleadh calafort a ainmniú le go dtig le hiascairí na hÉireann, a bhfuil a mbádaí cláraithe sna 6 contae theacht i dtír go háitiúil', a deir an Teachta Dála Thomas Pringle.
Faoi rialacha úra i ndiaidh imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach, cha dtig le bádaí atá cláraithe sna 6 condae ach a theacht i dtír ag Calafoirt na gCealla Beaga agus Baile Chaisleáin Bhéarra, 'achar atá ró fhada ó bhádaí beaga iascaigh le bheith sábháilte', dar leis an Teachta Pringle.
Dúirt sé gur cheart go mbeadh 6 nó 7 calafort i nDún na nGall ar fáil dona bádaí seo, in áit 2 chalafort a bheith ag freastal ar an tír uilig.
Leathanbhanda i dToraí
'Is buntáiste mhór an córas leathanbhanda ardluais atá curtha ar fáil ar oileán Thoraí', a dúirt Bainisteoir Chomharchumann an Oileáin, Marjorie Uí Chearrbhaill.
Cuireadh córas leathanbhanda ardluais ar fáil faoi scéim de chuid na Roinne Cumarsáide i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall.
Tá córas WiFi le 150MB an soicind ar fáil anois, agus é sin ar fáil san fhoirgneamh ina bhfuil oifig an Chomharchumainn, agus deis ag pobal an oileáin ar fad é a úsáid ansin.