Nuacht an Tuaiscirt: 15 Eanáir
Covid-19
Ba i gceantar bardais Bhaile na nGallóglach is mó a tháinig méadú ar líon na gcásanna Covid 19 i nDún na nGall idir an naoú lá fichead de mhí na Nollag agus an t-aonú lá déag do mhí Eanáir, de réir na bhfigiúirí is deireanaí atá eisithe. 336 cás úr a deimhníodh sa cheantar sa tréimhse coicís sin. 2,440 cás in achan 100,000 duine an ráta i gceantar Bhaile na nGallóglach anois i gcomparáid le ráta de 1,786 sa choicís roimhe sin agus tá sé ar an dara ceantar déag is measa sa tír ina bhfuil cásanna den víreas Covid 19. 693 cás úr a deimhníodh sa choicís céanna i gceantar bardais Leitir Ceanainn, 2,326 an ráta ansin faoi láthair agus tá sé ar an cheathrú ceantar déag is measa sa tír ina bhfuil cásanna den víreas Covid 19. Ba i gceantar bardais na nGleanntach is lú a dtáinig méadú ar chásanna Covid 19 in ainneoin go bhfuil dhá oiread cásanna sa cheantar sin le coicís. 233 cás úr a deimhníodh agus sé 974 an ráta ansin anois, an ráta is lú sa Chondae go fóill. I gceantar Bardais Dhún na nGall deimhníodh 310 cás úr agus 1,410 an ráta ansin faoi láthair, i comparáid le ráta de 676 sa choicís roimhe sin. Deimhníodh 229 cás úr i nDeisceart Inis Eoghain agus tá ráta 1,024 ansin faoi láthair, i dTuaisceart Inis Eoghain deimhníodh 184 cás úr agus tá ráta 1,085 ansin anois. Deimhníodh 372 cás úr den víreas i gceantar Leifear/Shrath an Urláir i dtréimhse coicíse agus sé'n ráta sa cheantar sin anois nó 1,437 cás in achan 100,000 duine.
Covid-19
D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné gur 154 cás úr den víreas Covid-19 a deimhníodh i nDún na nGall i dtréimhse ceithre huaire fichead. 2,462 cás úr den víreas Covid-19 a deimhníodh sa chondae le coicís, suas go dtín 13ú de mhí Eanáir. 1,546 in achan 100,000 duine an ráta coicíse de chásanna atá sa chontae faoi láthair, i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta de 1,497 in achan 100,000. 3,955 cás úr den víreas a deimhníodh go náisiúnta agus fógraíodh go bhfuair ocht nduine agus fiche eile bás mar gheall ar an víreas. Ar a hocht a chlog aréir in Otharlann Leitir Ceanainn bhí 91 othair a raibh sé deimhnithe go bhfuil an víreas Covid 19 orthu. Bhí cúigear acu sin ag fáil coir leighis in Aonad Dianchúram na hotharlainne agus bhí duine eile san otharlann aréir a raibh amhras ann go raibh an víreas orthu. De réir na bhfigiúirí ní raibh ach 8 leaba ghinearálta ar fáil san otharlann ag an am sin aréir agus ní raibh leaba ar bith ar fáil in aonad Dianchúram na hOtharlainne.
Oibreacha Bóthair
Is ábhar díomá nár dúradh le Comhairleoirí Contae go mbeadh deireadh sealadach a chur le hoibreacha bóthair neamhriachtanach de bharr Covid-19, a dúirt an Comhairleoir Noel Jordan. Dúirt sé go bhfuair sé roinnt glaonna ón phobal le roinnt laethanta faoi bhóithre a bhí i ndroch dhóigh de bharr na haimsire, agus nach raibh eolas aigesean nó ag Comhairleoirí eile nach raibh oibrithe bóthair na Comhairle ar dualgas. Dúirt sé go dtuigeann sé go maith cén fáth nach bhfuil na hoibrithe ag obair faoi láthair, ach ba cheart go mbeadh na Comhairleoirí curtha ar an eolas faoi seo, a dúirt an Comhairleoir Jordan. Ba cheart go mbeadh eolas ag na Comhairleoirí agus iad ag iarraidh cuidiú leis an phobal oiread agus is féidir, a dúirt sé.
Otharlann Pobail an Chlocháin Léith
Ba cheart spás a úsáid in Otharlann Pobail an Chlocháin Léith seachas Ionad Sláinte príobháideach a thógáil ar an Chlochán Liath, a deir an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig. Dúirt sé go ndearna sé achainí ar Rannóg Pleanála na Comhairle an cead pleanála don ionad sláinte príobháideach a dhiúltú, mar gur cheart an spás a úsáid san Otharlann Pobail, nó cur leis an otharlann. Bheadh freastal níos fearr a dhéanamh ar an phobal agus seirbhísí sláinte poiblí ar fáil san otharlann ar an Chlochán Liath, seachas comhlacht príobháideach a bheith ag dul i mbun ionad leighis príobháideach ar an bhaile, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.