Nuacht an Iarthair: 15 Eanáir
Vacsaín
Is amárach atá sé i gceist an vacsaín do Covid-19 a chur ar fáil do na hothair agus den fhoireann oibre in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua. Dheimhnigh Feidhmeannacht na seirbhísí sláinte go bhfuil súil acu go mbeidh siad á thabhairt do na hothair san ionad ar dtús ar maidin amárach agus go bhfuil socrú déanta leis an bhfoireann iomlán go mbeidh sé á chur ar fáil dóibh i rith an lae. Tá an vacsaín curtha ar fáil do roinnt mhaith tithe altranais phríobháideacha agus poiblí san Iarthair le seachtain anuas.
Covid-19
Taispeáineann figiúirí atá curtha ar fáil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh an coróinvíreas á tholgadh ag duine as chuile 17 i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead sa tréimhse idir an 29ú Nollag agus Dé Luain seo caite. 760 cás uilig a bhí sa toghcheantar sa tréimhse sin. Bhí 165 cás i dtoghcheantar Chonamara Theas agus 102 cás i dtoghcheantar Chonamara Thuaidh sa tréimhse chéanna. I gcathair na Gaillimhe bhí 298 cás i lár na cathrach, 254 in Iarthar na cathrach agus 233 cás in Oirthear Chathair na Gaillimhe.
299 duine a raibh an víreas orthu i dtoghceantar Cheannanas i gContae na Mí sa tréimhse seo.
Inis Bearachain
Tá taifead déanta ag Maistir scoile a bhí in Inis Bearachain i 1938 i gcáipéis atá curtha ar fáil aige d'ionad oidhreachta Leitir Mealláin faoi mhallacht a chuir sagart a bhí ag na stáisiúin ar an Oileáin ar Bhaile na Cille i Leitir Mealláin mar gheall go raibh bean óg nach raibh pósta ag an am ag súil le páiste. Ba Iar-Uachtarán ar Chumann Luathchleas Gael Seamus Ó Riain as Tiobarad Árann a chuir an t-eolas i dtoll a chéile ag an am.
Dúirt John Bhaba Jeaic O Conghaile ón ionad oidhreachta Leitir Mealláin go bhfuil roinnt daoine á saolú do mháithreacha ón gceantar nach raibh pósta tar éis teacht chomh fada leis an ionad oidreachta sa tóir ar dhaoine muinteartha leo.
Eirchóid
Tá sé deimhnithe ag urlabhraí ó Chomhlacht Bruscair Bhearna go bhfuil siad ag cur deireadh faoi láthair le glaoch ar dhaoine ag iarraidh eolais a fháil uathu maidir le cén éirchód atá acu. Dheimhnigh siad go bhfuair siad roinnt clamhsán faoi ghlaochanna a rinne siad i gceantar Chonamara. Dúirt an t-urlabhraí mar gheall ar an ngéarchéim atá sa tír go bhfuil sé socraithe acu gan leanacht leis an bpróiseas seo faoi láthair. Tá sé iarrtha ag an gComhairle Contae ar an gcomhlacht na héirchóid a chur ar fáil dóibh ó thaobh na custaiméirí atá acu sna ceantair éagsúla.
Páirc Ghaoithe na Gaillimhe
Tá sé deimhnithe ag urlabhraí ó Pháirc Gaoithe na Gaillimhe go bhfuil cead ag an bpobal an Pháirc a úsáid in athuair. Bhí an pháirc dúnta den phobail an tseachtain seo caite ach tá cinneadh tógtha acu anois go mbeidh cead ag an bpobal atá bhfoisceacht cúig chiliméadar den pháirc na háiseanna a úsáid sa gceantar. Tá imní léirithe ag daoine áitiúla go bhfuil daoine nach as an gceantar iad ag baint leas as na háiseanna atá sa pháirc agus go bhfuil siad ag taisteal i bhfad níos mo ná 5 chiliméadar. Is ar mhaithe le sláinte fisiciúil agus intinne na ndaoine atá timpeall ar an bpáirc ghaoithe a d'oscail siad ná cosáin atá 48 ciliméadar ar fhad do dhaoine le siúil nó ga rothaíocht orthu a deir an t-urlabhráí. Tá treoracha tugtha acu den phobal a bhíonn ag úsáid na háite ó thaobh cúrsaí sláinte agus sábháilteachta .