Nuacht an Tuaiscirt: 11 Eanáir

Nuacht an Tuaiscirt: 11 Eanáir

Otharlann Leitir Ceanainn

B'éigean cóir leighis a chur ar othair in otharcharranna taobh amuigh d'Aonad Timpiste agus Éigeandála Otharlann Leitir Ceanainn inné mar go raibh an tAonad féin ag cur thar maol le daoine tinne.  

Thug an Otharlann le fios go raibh deireadh seachtaine iontach gnóthach ag an Otharlann agus go raibh cuid mhór othair ag freastal ar an Aonad Timpiste agus Éigeandála mar gheall ar an víreas Covid-19.  

Ní raibh go leor leapacha ar fáil d'othair a raibh cúram ag teastáil uafa i mbardaí atá dírithe ar othair le Covid-19.

 Thug an Otharlann le fios aréir go raibh breis foirne faighte acu le ligint daofa aon leaba dhéag breise, a bhí druidte san otharlann mar gheall ar easpa foirne, a athoscailt agus ghabh siad leithscéal le hothair a raibh orthu comhair leighis a fháil in otharcharranna taobh amuigh den otharlann.  

Dúirt an Otharlann go raibh moill ar otharcharranna ag an otharlann níos luaithe sa lá ach go dtáinig feabhas ar chúrsaí tráthnóna.  

Dúirt ionadaí ó Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann, Neal Donohue, go raibh suas le 7 n-otharcharr ag fanacht taobh amuigh don Otharlann le hothair a ligint isteach suas go dtí'n 9 a chlog aréir.  

Dúirt Neal Donohue go bhfuil imní mhór ar an gcumann faoin méid atá ag tarlú in Otharlann Leitir Ceanainn agus d'iarr siad ar an otharlann plean éigeandála a chur i bhfeidhm.

D'fhéadfadh sé go gcaithfí othair a chur chuig otharlanna eile mar pháirt den phlean seo le tacú leis an otharlann, a dúirt Neal Donohue.

Saolta

Dúirt Príomfheidhmeannach Saolta, Tony Canavan, go raibh 167 ball foirne nach raibh in ann oibriú ag an deireadh seachtaine mar gheall ar an víreas Covid-19.  

Dúirt sé go bhfuil an víreas ar chuid de na hoibrithe seo, nó go raibh siad cóngarach do dhuine a bhfuil an víreas orthu nó go bhfuil fadhbanna sláinte eile acu agus nach bhfuil sé sábháilte daofa a bheith ag obair mar gheall ar an víreas.  

Dúirt sé nach bhfuil siad ag an staid go fóill in Otharlann Leitir Ceanainn go bhfuil siad ag iarraidh ar bhaill foirne a bhí cóngarach do dhuine a bhfuil an víreas orthu ach nach bhfuil comharthaí sóirt an víris orthu féin a theacht arais a dh'obair.  

Dúirt sé go bhfuil seo a mheas faoi láthair ach go gcaithfear a bheith cúramach agus a chinntiú go bhfuil sé sábháilte a leithid a dhéanamh.

Covid-19 

D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné gur 196 cás úr den víreas Covid 19 a deimhníodh i nDún na nGall i dtréimhse ceithre huaire fichead. 

6,888 cás úr den víreas a deimhníodh go náisiúnta agus fuair ochtar eile bás mar gheall ar an víreas.  

1,409 in achan 100,000 duine an ráta coicíse de chásanna atá sa chontae faoi láthair, an t-ochtú rátá is airde sa tír, i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta de 1291.2 in achan 100,000.  

Ar a hocht a chlog aréir bhí 79 othar in Otharlann Leitir Ceanainn agus é deimhnithe go bhfuil an víreas orthu - bhí ceathrar acu sin ag fáil cóir leighis in aonad dianchúram na hotharlainne.  

Bhí triúr san otharlann a raibh amhras ann go bhfuil an víreas orthu.

Daoine ag an trá


Tá imní léirithe ag roinnt de phobal Chnoc an Mharmair faoi líon na ndaoine a bhí ar an tráigh ag an deireadh seachtaine ag tonnmharcaíocht in ainneoin srianta diana Covid 19 a bheith i bhfeidhm.  

Dúradh gur léir ó uimhir chláraithe na gcarranna a bhí páirceáilte ar thaobh an bhealaigh in aice na trá nach as an cheantar iad.  

Rinneadh sconsa agus comharthaí a bhí curtha in airde ag an Chomhairle Contae ag cur bac ar charranna fhad leis an tráigh agus ag cur in iúl don phobal cloí leis an treoir de 5km a tharraingt ar leathtaobh.

Seirbhís bus


Tá stop a chur ag Comhlacht Bus Mangan leis an tseirbhís laethúil go Leitir Ceanainn ó inniu ar aghaidh mar gheall ar an ghéarchéim Covid 19.  

Thug an comhlacht le fios gur cinneadh sealadach atá anseo agus gur mar gheall ar an ardú suntasach atá ag teacht ar chásanna Covid 19 sa cheantar a bheartaigh siad seo a dhéanamh.

Deir an Comhlacht go mbeidh athbhreithniú a dhéanamh ar an chinneadh go rialta agus go mbeidh an tseirbhís arais arís nuair atá sé sábháilte sin a dhéanamh.

Cumann Tárrthála Sléibhe


Tá Cumann Tárrthála Sléibhe Dhún na nGall ag iarraidh ar an phobal a bheith iontach cúramach má tá siad ag dreapadóireacht fá na sléibhte le linn na dianghlasála seo.  

Deir siad go bhfuil siad i mbun dualgais in ainneoin na srianta Covid 19 ach go bhfuil siad ag iarraidh ar dhaoine cloí le cosáin nach bhfuil mórán dainséir ag baint leo.  

Tá cúrsaí aimsire dúshlánach faoi láthair agus tá na laetha níos gaire agus caithfidh daoine na coinníollacha seo a chur san áireamh agus iad ag siúl sna cnoic faoi láthair, a deir an cumann.  

Caithfidh an pobal cloí leis na srianta Covid 19 atá i bhfeidhm ar mhaith le cúrsaí sábháilteachta go háirithe an treoir de 5km atá i bhfeidhm maidir le cúrsaí aclaíochta, a deir an cumann.
 

Obair ón bhaile

Tá súil ag Comhairle Contae Dhún na nGall gur féidir leis an chontae buntáiste a bhaint as na deiseanna atá ag daoine obair go cianda sa chontae.  

Bhain go leor daoine sa chontae deis as a bheith in ann a bheith ag obair sa bhaile nó a bheith ag obair ag lárionad ina raibh seirbhísí ar fáil daofa lena gcuid oibre a dhéanamh, a deir Feidhmeannaigh na Comhairle.  

Tá deiseanna ag an chontae anois daoine a mhealladh le lonnú sa chontae agus a gcuid oibre a dhéanamh chomh héifeachtach céanna go cianda i nDún na nGall, dar leis an Chomhairle.  

Tá Straitéis Ghnó a chur le chéile ar chianobair ag an Chomhairle i láthair na huaire, agus beidh sé seo críochnaithe acu go luath.

Cuideoidh an straitéis ghnó seo le daoine atá ag iarraidh lonnú sa chontae agus a bheith ag obair go cianda sa chontae, le cois fostóirí, a deir an Chomhairle Contae.

Beo

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Tequila Tíre

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

 
Tús Áite: Scéalta Spóirt

Tús Áite: Scéalta Spóirt

 
Tús Áite: Bille na dTeangacha Oifigiúla

Tús Áite: Bille na dTeangacha Oifigiúla

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 22/1/21

Tús Áite: 22/1/21

 
Mairéad Ní Neachtain : Gael Linn

Mairéad Ní Neachtain : Gael Linn

 
Daire Ó Faogáin : Strong Saol

Daire Ó Faogáin : Strong Saol

 
Orlaith Ní Chearra : Yoga agus aisteoireacht

Orlaith Ní Chearra : Yoga agus aisteoireacht

 
James Mahon : Craoltóir agus iriseoir

James Mahon : Craoltóir agus iriseoir

 
Aoibhe Ní Leathlobhair : Ceoltóir óg as Cill Dara

Aoibhe Ní Leathlobhair : Ceoltóir óg as Cill Dara

 
Ógie Ó Céilleachair : Na deá-scéalta

Ógie Ó Céilleachair : Na deá-scéalta

 
Bladhaire: Aoine Clár Iomlán

Bladhaire: Aoine Clár Iomlán

 
Jamie Coistín;ómós do Jerry Kiernan.

Jamie Coistín;ómós do Jerry Kiernan.

 
Dan Ó Céilleachair agus Leah Ní Dhonnchú;Tograí dian ghlasála

Dan Ó Céilleachair agus Leah Ní Dhonnchú;Tograí dian ghlasála

 
Darrán O Droma;Céim ar chéim

Darrán O Droma;Céim ar chéim

 
Liam Ó Loingsigh; Oileán Dairbhre

Liam Ó Loingsigh; Oileán Dairbhre

 
An Comh. Breandán Mac Gearailt;Co.Co. Chiarrai

An Comh. Breandán Mac Gearailt;Co.Co. Chiarrai

 
An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2021

An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2021

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

 
Roise Mhic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall.

Roise Mhic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall.

 
Joe Ó Gallchóir as Teileann.

Joe Ó Gallchóir as Teileann.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 22102021

Barrscéalta, Clár iomlán, 22102021

 
Seamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Seamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Julianne Ní Chonchubhair, tuismitheoir.

Julianne Ní Chonchubhair, tuismitheoir.

 
Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta.

Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta.

 
Marc De Faoite, Stiúrthóir Fiontraiochta Údarás na Gaeltachta.

Marc De Faoite, Stiúrthóir Fiontraiochta Údarás na Gaeltachta.

 
Póilín Ní Chiaráin,  tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Seán Kelly, Feisire Eorpach.

Seán Kelly, Feisire Eorpach.

 
John Downing,  Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 22 Eanáir 2021.

Adhmhaidin: Dé hAoine 22 Eanáir 2021.

 
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

 
Tús Áite: Forbairt drugaí do Covid-19

Tús Áite: Forbairt drugaí do Covid-19

 
Tús Áite: Cásanna cúirte don oideachas

Tús Áite: Cásanna cúirte don oideachas

 
Tús Áite: Acht na dTeangacha Oifigiúla

Tús Áite: Acht na dTeangacha Oifigiúla

 
Tús Áite: Brú ar ospidéil

Tús Áite: Brú ar ospidéil

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 21/1/21

Tús Áite: 21/1/21

 
Cumann Mhic Reachtain : Daithí Mac Uait

Cumann Mhic Reachtain : Daithí Mac Uait

 
Diarmuid Ó Mathúna : Mo Food Blog

Diarmuid Ó Mathúna : Mo Food Blog

 
Dara Mac Gearailt : Cóitseáil saoil

Dara Mac Gearailt : Cóitseáil saoil

 
Aoi sa Chathaoir: Fiachna Ó Braonáin

Aoi sa Chathaoir: Fiachna Ó Braonáin

 
Bladhaire : Clár Iomlán Déardaoin 21/1/21

Bladhaire : Clár Iomlán Déardaoin 21/1/21

 
Mick Ó Brien;Dlúth chéirnín nua ar cheol Goodman

Mick Ó Brien;Dlúth chéirnín nua ar cheol Goodman

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Bladhaire

Bladhaire

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís