Nuacht an Tuaiscirt: 8 Eanáir

Nuacht an Tuaiscirt: 8 Eanáir

Covid-19

Ba i gceantar bardais Bhaile na nGallóglach is mó a dtáinig méadú ar líon na gcásanna Covid-19 i nDún na nGall idir an dara lá fichead de mhí na Nollag agus an ceathrú lá de mhí Eanáir, de réir na bhfigiúirí is deireanaí atá eisithe.  

246 cás úr a deimhníodh sa cheantar sa tréimhse coicís sin agus is ann atá an ráta is airde de chásanna sa chontae faoi láthair.  

1,786 cás in achan 100,000 duine an ráta i gceantar Bardais Bhaile na nGallóglach anois i gcomparáid le ráta de 544.6 sa choicís roimhe sin.  

500 cás úr a deimhníodh sa choicís céanna i gceantar bardais Leitir Ceanainn, 1,678.4 an ráta ansin faoi láthair.

Ba i gceantar bardais na nGleanntach is lú a dtáinig méadú ar chásanna Covid 19 in ainneoin go bhfuil dhá oiread cásanna sa cheantar sin le coicís.  102 cás úr a deimhníodh agus sé 426.4 an ráta ansin anois.  

I gceantar Bardais Dhún na nGall deimhníodh 179 cás úr agus 675.7 an ráta ansin faoi láthair, i nDeisceart Inis Eoghain deimhníodh 158 cás úr agus tá ráta 706.4 ansin faoi láthair, i dTuaisceart Inis Eoghain deimhníodh 84 cás úr agus tá ráta 495 ansin anois.  

Deimhníodh 225 cás úr den víreas i gceantar Leifear/Shrath an Urláir i dtréimhse coicíse agus sé'n ráta sa cheantar sin anois nó 869 cás in achan 100,000 duine.

187 cás úr

187 cás úr den víreas Covid-19 a deimhníodh i nDún na nGall tráthnóna inné de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Sláinte.

6,521 cás úr den víreas a deimhníodh go náisiúnta tráthnóna inné agus fuair deichniúr eile bás mar gheall ar an víreas.  

1,145.2 in achan 100,000 duine an ráta coicíse de chásanna atá sa chontae faoi láthair i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta de 936.4 in achan 100,000.  

Tá 1,823 cás úr den víreas atá deimhnithe i nDún na nGall anois le coicís.  In Otharlann Leitir Ceanainn aréir ar a hocht a chlog bhí 52 othar a bhfuil an víreas orthu agus tá ceathrar acu sin ag fáil cóir leighis in aonad dianchúram na hotharlainne.

Ionad tástála

Tá socrú déanta ag Comhlacht Medel Health Care leanstan leis an tástáil don víreas Covid-19 in aice le hAerfort Dhún na nGall ar an Charraig Fhinn.  

Bhí conradh sínithe ag an chomhlacht an tástáil a chur ar fáil go dtí an 7u lá de mhí Feabhra ach mar gheall ar éileamh tá sé socruithe go leanfar leis an tástáil go dtí deireadh na míosa seo chugainn nó isteach go mí Mhárta, ag brath ar éileamh.  

Thug Príomh Fheidhmeannach an Aerphoirt, Éilis Ní Dhochartaigh, le fios go bhfuil suas le 30 tástáil a dhéanamh sa lá ansin faoi láthair agus go bhfuil dhá chineál tástáil ar fáil, ceann a chosnaíonn €149 le teastas taistil agus ceann eile a chosnaíonn €49 gan teastas taistil.

Coláiste Aodh Mhic Bricne

Deir Cathaoirleach Choláiste Aodh Mhic Bricne i dTeileann an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh nach mbeidh aon chinneadh á dhéanamh acu faoi láthair faoi chúrsaí Gaeilge a reáchtáil i dTeileann i mbliana.  

Dúirt sé nach bhfuil aon chúrsa fógraithe go fóill mar go bhfuil barraíocht éiginnteachta faoi láthair agus nach féidir socruithe ar bith a dhéanamh.  

Caithfear a chinntiú i gcónaí go mbeidh na scoláirí, múinteoirí agus na mná tí sábháilte, a dúirt an Dr Ó Tiarnaigh agus beidh orainn fanacht go bhfaighidh muid treoir ó Roinn na nGaeltachta, a dúirt sé.  

Dúirt sé go bhfuil imní air muna mbeidh na cúrsaí ar siúl i mbliana go mbrisfear an nós a bhí ag teaghlaigh a gclann a chur go Teileann do na cúrsaí samhraidh Gaeilge.

An tArm

Deir an Teachta Dála i ndeisceart Dhún na nGall, Marc Mc Sharry, gur cheart an tArm a úsáid chun an vacsaín in éadan Covid 19 a chur ar fáil don phobal.  

Tá cáineadh ar an leibhéal íseal vacsaínithe a tharla sa tír ó ceadaíodh vacsaín Pfizer.  

Dúirt an Teachta Mc Sharry,gur cheart cuireadh a thabhairt don Arm an vacsaín a chur ar fáil agus deir sé go mbeadh go leor oibrithe deonacha agus sláinte atá éirithe as a gcuid oibre sásta cuidiú le dáileadh na vacsaíní.

Maoiniú
 
Tá sé tugtha le fios ag an Teachta Dála Joe Mc Hugh go bhfuil maoiniú €400,000 ceadaithe do cheithre thogra i nDún na nGall le cuidiú le bailte agus sráidbhailte in am seo na géarchéime.

Is iad na bailte a bhfuil airgead ceadaithe faoina gcoinne ná Ard an Rátha, An Bhruclais, An Charraig agus Na Croisbhealaí, Chúil na gCuirridín.  

Tá €100,000 ceadaithe le clúdach a chur ar an chosán siúil in aice na habhanna in Ard an Rátha.  

Tá €100,000 ceadaithe le páirc phobail a fhorbairt ar an Bhruclais.  

Tá €100,000 ceadaithe le droichead do choisithe a fhorbairt ar an Charraig trasna Abhainn an Ghleanna agus tá €100,000 ceadaithe le droichead coise a fhorbairt ar na Croisbhealaí i gCúil na gCuirridín trasna Abhainn na Finne.

Beo

An Braon Gaelach

An Braon Gaelach

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Siúlach Scéalach

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

 
Tús Áite: Scéalta Spóirt

Tús Áite: Scéalta Spóirt

 
Tús Áite: Bille na dTeangacha Oifigiúla

Tús Áite: Bille na dTeangacha Oifigiúla

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 22/1/21

Tús Áite: 22/1/21

 
Mairéad Ní Neachtain : Gael Linn

Mairéad Ní Neachtain : Gael Linn

 
Daire Ó Faogáin : Strong Saol

Daire Ó Faogáin : Strong Saol

 
Orlaith Ní Chearra : Yoga agus aisteoireacht

Orlaith Ní Chearra : Yoga agus aisteoireacht

 
James Mahon : Craoltóir agus iriseoir

James Mahon : Craoltóir agus iriseoir

 
Aoibhe Ní Leathlobhair : Ceoltóir óg as Cill Dara

Aoibhe Ní Leathlobhair : Ceoltóir óg as Cill Dara

 
Ógie Ó Céilleachair : Na deá-scéalta

Ógie Ó Céilleachair : Na deá-scéalta

 
Bladhaire: Aoine Clár Iomlán

Bladhaire: Aoine Clár Iomlán

 
Jamie Coistín;ómós do Jerry Kiernan.

Jamie Coistín;ómós do Jerry Kiernan.

 
Dan Ó Céilleachair agus Leah Ní Dhonnchú;Tograí dian ghlasála

Dan Ó Céilleachair agus Leah Ní Dhonnchú;Tograí dian ghlasála

 
Darrán O Droma;Céim ar chéim

Darrán O Droma;Céim ar chéim

 
Liam Ó Loingsigh; Oileán Dairbhre

Liam Ó Loingsigh; Oileán Dairbhre

 
An Comh. Breandán Mac Gearailt;Co.Co. Chiarrai

An Comh. Breandán Mac Gearailt;Co.Co. Chiarrai

 
An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2021

An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2021

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

 
Roise Mhic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall.

Roise Mhic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall.

 
Joe Ó Gallchóir as Teileann.

Joe Ó Gallchóir as Teileann.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 22102021

Barrscéalta, Clár iomlán, 22102021

 
Seamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Seamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Julianne Ní Chonchubhair, tuismitheoir.

Julianne Ní Chonchubhair, tuismitheoir.

 
Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta.

Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta.

 
Marc De Faoite, Stiúrthóir Fiontraiochta Údarás na Gaeltachta.

Marc De Faoite, Stiúrthóir Fiontraiochta Údarás na Gaeltachta.

 
Póilín Ní Chiaráin,  tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Seán Kelly, Feisire Eorpach.

Seán Kelly, Feisire Eorpach.

 
John Downing,  Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 22 Eanáir 2021.

Adhmhaidin: Dé hAoine 22 Eanáir 2021.

 
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

 
Tús Áite: Forbairt drugaí do Covid-19

Tús Áite: Forbairt drugaí do Covid-19

 
Tús Áite: Cásanna cúirte don oideachas

Tús Áite: Cásanna cúirte don oideachas

 
Tús Áite: Acht na dTeangacha Oifigiúla

Tús Áite: Acht na dTeangacha Oifigiúla

 
Tús Áite: Brú ar ospidéil

Tús Áite: Brú ar ospidéil

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 21/1/21

Tús Áite: 21/1/21

 
Cumann Mhic Reachtain : Daithí Mac Uait

Cumann Mhic Reachtain : Daithí Mac Uait

 
Diarmuid Ó Mathúna : Mo Food Blog

Diarmuid Ó Mathúna : Mo Food Blog

 
Dara Mac Gearailt : Cóitseáil saoil

Dara Mac Gearailt : Cóitseáil saoil

 
Aoi sa Chathaoir: Fiachna Ó Braonáin

Aoi sa Chathaoir: Fiachna Ó Braonáin

 
Bladhaire : Clár Iomlán Déardaoin 21/1/21

Bladhaire : Clár Iomlán Déardaoin 21/1/21

 
Mick Ó Brien;Dlúth chéirnín nua ar cheol Goodman

Mick Ó Brien;Dlúth chéirnín nua ar cheol Goodman

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Bladhaire

Bladhaire

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís