Nuacht an Tuaiscirt: 29 Nollaig

Nuacht an Tuaiscirt: 29 Nollaig

Covid-19

Bhí 30 othar in Otharlann Leitir Ceanainn aréir agus é deimhnithe go raibh an víreas corónach orthu.

Deimhníodh trí chás úr den víreas san otharlann le ceithre huaire fichead.

Tá seisear eile san otharlann a bhfuil amhras go bhfuil an víreas orthu.

Tá trí othar le Covid 19 ag fáil comhar leighis in Aonad Dian Chúram Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair.

Ní raibh leabaí ar bith folamh in Aonad Dian Chúram na hOtharlainne aréir.

Bhí 31 gnáthleaba folamh in Otharlann Leitir Ceanainn ag a 8.00 aréir.

Tá 5 chás de Covid-19 deimhnithe in Otharlann Shligigh faoi láthair.

Figiúirí is deireanaí

Deimhníodh trí chas agus fiche úr de Covid-19 i nDún na nGall i gceithre huaire fichead, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inne.

425.3 cás in achan 100,000 duine an ráta cásanna atá sa chontae, an ráta is airde sa tír i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta, atá anois ag 220.1 in achan 100,000 duine.  

Deimhníodh 677 cás úr den víreas sa Chondae i dtreimhse coicíse go dtí'n 27ú de mhí na Nollag.

Go náisiúnta tráthnóna inné deimhníodh 765 cás úr den víreas agus fuair duine eile bás mar gheall ar an víreas.

Iascairí 

Deir Príomhfheidhmeannach Chumann Iascairí na gCealla Beaga Seán O'Donoghue gur ábhair dóchais go raibh cruinniú ag an Rialtas inné le hionadaithe ó earnáil na hiascaireachta le plé a dhéanamh ar an socrú a rinneadh idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach i dtaca le hearnáil na hiascaireachta de.

Cháin Cumann Iascairí na gCealla Beaga an socrú a rinneadh agus dúirt siad nár comhlíonadh na gealltanais a tugadh d'iascairí na tíre agus go bhfuil cuótaí móra caillte acu go háirithe go thaobh cuótaí murlais de.

Dúirt Sean O'Donoghue go gcreideann sé anois go dtuigeann an Rialtas an tionchar diúltach a bheadh ag a leithid de mhargadh ar earnáil na hiascaireachta.  

Dúirt sé go bhfuil sé sásta go mbeidh cruinnithe breise idir an Rialtas agus an earnáil le hiarracht a dhéanamh a theacht ar shocrú agus go bhfuil sé dóchasach go mbeidh an Rialtas ag díriú ar réiteach a shásóidh iascairí na tíre seo.

Ní amháin go mbeidh pacáiste suntasach airgid ag teastáil chun tionscail na hiascaireachta sa tír seo a chosaint ach beidh gá na cuótaí éisc a cailleadh a thabhairt arais, a dúirt an tUasal O'Donoghue.

Cosán siúil

Is dea-scéala go mbeidh tús a chur i mí Mhárta leis an chuid eile den chosán siúil ar an Earagail, a deir an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.  

Tá deiseanna móra pacáiste turasóireachta a bhunú timpeall ar an Earagail le go mbeidh buntáiste mór le fáil ag pobal an cheantair ar fad as, a deir sé.  

Measann sé gur cheart amharc fosta ag na féidearthachtaí togra turasóireachta a bhunú dírithe ar Loch Alltáin chun pacáiste iomlán turasóireachta a bhunú timpeall ar an Earagail, le go mbeidh buntáiste le fáil ag gnóanna agus ostáin sa cheantar as.  

Tá sé ag moladh go mbeadh raon rothaíochta sa cheantar agus measann sé go mbeadh éileamh mór air.

Foréigean baile

Tá Aonad Cúraimí Cosanta Rannáin curtha ar bun anois i nDún na nGall le tacú le daoine atá ag fulaingt de bharr foréigean baile. Tá 27 aonad mar seo curtha ar bun anois ar fud an Stáit, in achan cheantar Gardaí sa tír.  

Cuireadh traenáil agus oiliúint faoi leith ar fáil do bhaill an Gharda Síochána atá bainteach leis an Aonad seo ar ghnéithe ar nós dóigheanna le fiosrú a dhéanamh faoi eachtraí foréigean baile, cosaint leanaí agus ionsaithe gnéis.

Bhí méadú 18% san chéad 10 mí de 2020 ar líon na ngearáin a fuair gardaí sa tír faoi eachtraí foréigean baile.  Bunaíodh na hAonaid Cúraimí Cosanta Rannáin ar an chéad lá d'Aibreán, le cur le seirbhísí tacaíochta an Gharda Síochána agus an fhreastal a bhí a dhéanamh acu ar an phobal de bharr ghéarchéim Covid-19. 

Beo

An Braon Gaelach

An Braon Gaelach

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Siúlach Scéalach

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

 
Tús Áite: Scéalta Spóirt

Tús Áite: Scéalta Spóirt

 
Tús Áite: Bille na dTeangacha Oifigiúla

Tús Áite: Bille na dTeangacha Oifigiúla

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 22/1/21

Tús Áite: 22/1/21

 
Mairéad Ní Neachtain : Gael Linn

Mairéad Ní Neachtain : Gael Linn

 
Daire Ó Faogáin : Strong Saol

Daire Ó Faogáin : Strong Saol

 
Orlaith Ní Chearra : Yoga agus aisteoireacht

Orlaith Ní Chearra : Yoga agus aisteoireacht

 
James Mahon : Craoltóir agus iriseoir

James Mahon : Craoltóir agus iriseoir

 
Aoibhe Ní Leathlobhair : Ceoltóir óg as Cill Dara

Aoibhe Ní Leathlobhair : Ceoltóir óg as Cill Dara

 
Ógie Ó Céilleachair : Na deá-scéalta

Ógie Ó Céilleachair : Na deá-scéalta

 
Bladhaire: Aoine Clár Iomlán

Bladhaire: Aoine Clár Iomlán

 
Jamie Coistín;ómós do Jerry Kiernan.

Jamie Coistín;ómós do Jerry Kiernan.

 
Dan Ó Céilleachair agus Leah Ní Dhonnchú;Tograí dian ghlasála

Dan Ó Céilleachair agus Leah Ní Dhonnchú;Tograí dian ghlasála

 
Darrán O Droma;Céim ar chéim

Darrán O Droma;Céim ar chéim

 
Liam Ó Loingsigh; Oileán Dairbhre

Liam Ó Loingsigh; Oileán Dairbhre

 
An Comh. Breandán Mac Gearailt;Co.Co. Chiarrai

An Comh. Breandán Mac Gearailt;Co.Co. Chiarrai

 
An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2021

An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2021

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

 
Roise Mhic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall.

Roise Mhic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall.

 
Joe Ó Gallchóir as Teileann.

Joe Ó Gallchóir as Teileann.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 22102021

Barrscéalta, Clár iomlán, 22102021

 
Seamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Seamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Julianne Ní Chonchubhair, tuismitheoir.

Julianne Ní Chonchubhair, tuismitheoir.

 
Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta.

Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta.

 
Marc De Faoite, Stiúrthóir Fiontraiochta Údarás na Gaeltachta.

Marc De Faoite, Stiúrthóir Fiontraiochta Údarás na Gaeltachta.

 
Póilín Ní Chiaráin,  tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Seán Kelly, Feisire Eorpach.

Seán Kelly, Feisire Eorpach.

 
John Downing,  Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 22 Eanáir 2021.

Adhmhaidin: Dé hAoine 22 Eanáir 2021.

 
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

 
Tús Áite: Forbairt drugaí do Covid-19

Tús Áite: Forbairt drugaí do Covid-19

 
Tús Áite: Cásanna cúirte don oideachas

Tús Áite: Cásanna cúirte don oideachas

 
Tús Áite: Acht na dTeangacha Oifigiúla

Tús Áite: Acht na dTeangacha Oifigiúla

 
Tús Áite: Brú ar ospidéil

Tús Áite: Brú ar ospidéil

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 21/1/21

Tús Áite: 21/1/21

 
Cumann Mhic Reachtain : Daithí Mac Uait

Cumann Mhic Reachtain : Daithí Mac Uait

 
Diarmuid Ó Mathúna : Mo Food Blog

Diarmuid Ó Mathúna : Mo Food Blog

 
Dara Mac Gearailt : Cóitseáil saoil

Dara Mac Gearailt : Cóitseáil saoil

 
Aoi sa Chathaoir: Fiachna Ó Braonáin

Aoi sa Chathaoir: Fiachna Ó Braonáin

 
Bladhaire : Clár Iomlán Déardaoin 21/1/21

Bladhaire : Clár Iomlán Déardaoin 21/1/21

 
Mick Ó Brien;Dlúth chéirnín nua ar cheol Goodman

Mick Ó Brien;Dlúth chéirnín nua ar cheol Goodman

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Bladhaire

Bladhaire

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís