Nuacht an Tuaiscirt: 15 Nollaig

Nuacht an Tuaiscirt: 15 Nollaig

Figiúirí víris.

Deimhníodh 24 chás úr de Covid 19 i nDún na nGall i gceithre huaire fichead, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné.

225.5 cás in achan 100,000 duine an ráta cásanna atá sa chontae, an ráta is airde sa tír go fóill, i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta, atá anois ag 84.3 in achan 100,000 duine.  

359 cás úr den víreas corónach a deimhníodh i nDún na nGall i dtréimhse coicíse.

Bhí  28 n-othar in otharlann Leitir Ceanainn ar 8.00 aréir agus é deimhnithe go raibh an víreas Covid-19 orthu, an dara líon ba airde d'othair le Covid-19 in otharlanna na tíre aréir.

Bhí duine amháin acusan ag fáil coir leighis in aonad dianchúraim na hotharlainne agus bhí beirt eile san otharlann aréir a raibh amhras ann go raibh an víreas orthu.

Ní raibh leaba ar bith folamh in aonad dianchúram na hotharlainne aréir.

Go náisiúnta tráthnóna inné deimhníodh 264 cás úr de Covid 19 agus fuair beirt eile bás mar gheall ar an víreas.

Imní ar iascairí

Deir Príomhfheidhmeannach Chumann Iascairí na gCealla Beaga, Sean O' Donoghue nach raibh oiread imní riamh ar iascairí agus atá anois, maidir leis an tionchar a bheadh ag imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach gan aon mhargadh déanta, ar earnáil na hiascaireachta.

Léirigh Cumann Iascairí na gCealla Beaga imní maidir le todhchaí earnáil na hiascaireachta agus cruinniú comhairle na n-iascairí ar siúl sa Bhruiséil inniu.

Dúirt Sean O' Donoghue go bhfuil ceisteanna le plé go fóill maidir le roinnt stoc agus cuótaí eisc agus gur léiríodh imní faoin cheist seo bliain o shoin agus go bhfuil cuid mhór éiginnteachta go fóill maidir leis an tionscail.  

Dúirt sé in ainneoin go bhfuil dóchas éigin acu go dtiocfar ar shocrú deir Seán O Donoghue go bhfuil go leor deacrachtaí go fóill le sárú agus imní mhór léirithe ag iascairí.

Bhí cruinniú ag Cumann Iascairí na gCealla Beaga leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue ag an deireadh seachtaine le plé a dhéanamh ar an tionchar a bhéas ag imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach ar earnáil na hiascaireachta.

Laghdú ar íocaíochtai Covid.

Tá laghdú tagtha le seachtain ar líon na ndaoine i nDún na nGall atá ag fáil íocaíocht Covid 19 an Rialtais.

10,991 duine sa chontae atá ag fáil íocaíocht Covid 19 an rialtais anois i gcomparáid le 12,375 duine an tseachtain roimh sin, laghdú de 1,384 le seachtain.

Chuir 1,496 duine sa Chondae íocaíocht Covid 19 an Rialtais ar ceall an tseachtain seo.

Comhdháil CLG
Bhí Comhdháil Bhliantúil CLG Dhún na nGall ar siúl ar an idirlíon aréir. Chuir an Cisteoir Alan Ó Baoid i n-iúl go raibh thar €1m de theacht isteach ag Bord na Condae in 2020 le caiteachas de €971,975.00 agus thug sé le fios gur dearnadh preafáid de €60,840.00.

Ní raibh an t-airgead a tógadh sa chrannchur mór a bhí a reáchtáil ag CLG Dhún na nGall agus a raibh teach i mBaile Atha Cliath mar phríomhdhuais go hiomlán san áireamh sna figiúirí sin ach thug Cathaoirleach an Bhoird Mick McGrath le fios go bhfuil súil acu preafáid de €750,000 a dhéanamh ón chrannchur.

Toghadh Seamus Ó Domhnaill mar Leas-Chathaoirleach ar Bhord Condae CLG Dhún na nGall aréir in áit Frankie Doherty a chaith cúig bliana sa chathaoir agus a toghadh mar Leas-Chisteoir aréir.  

Bhí Ed Byrne san iomaíocht le Seamus Ó Domhnaill sa phost mar Leas-Chathaoirleach agus toghadh Ó Domhnaill le 51 vóta in aghaidh 36 vóta.  Ní raibh iomaíocht ar bith do phost an Chathaoirligh i mbliana agus rinneadh Mick McGrath a aththoghadh mar Chathaoirleach ar an Bhord. 

Beo

An Braon Gaelach

An Braon Gaelach

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Siúlach Scéalach

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

 
Tús Áite: Scéalta Spóirt

Tús Áite: Scéalta Spóirt

 
Tús Áite: Bille na dTeangacha Oifigiúla

Tús Áite: Bille na dTeangacha Oifigiúla

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 22/1/21

Tús Áite: 22/1/21

 
Mairéad Ní Neachtain : Gael Linn

Mairéad Ní Neachtain : Gael Linn

 
Daire Ó Faogáin : Strong Saol

Daire Ó Faogáin : Strong Saol

 
Orlaith Ní Chearra : Yoga agus aisteoireacht

Orlaith Ní Chearra : Yoga agus aisteoireacht

 
James Mahon : Craoltóir agus iriseoir

James Mahon : Craoltóir agus iriseoir

 
Aoibhe Ní Leathlobhair : Ceoltóir óg as Cill Dara

Aoibhe Ní Leathlobhair : Ceoltóir óg as Cill Dara

 
Ógie Ó Céilleachair : Na deá-scéalta

Ógie Ó Céilleachair : Na deá-scéalta

 
Bladhaire: Aoine Clár Iomlán

Bladhaire: Aoine Clár Iomlán

 
Jamie Coistín;ómós do Jerry Kiernan.

Jamie Coistín;ómós do Jerry Kiernan.

 
Dan Ó Céilleachair agus Leah Ní Dhonnchú;Tograí dian ghlasála

Dan Ó Céilleachair agus Leah Ní Dhonnchú;Tograí dian ghlasála

 
Darrán O Droma;Céim ar chéim

Darrán O Droma;Céim ar chéim

 
Liam Ó Loingsigh; Oileán Dairbhre

Liam Ó Loingsigh; Oileán Dairbhre

 
An Comh. Breandán Mac Gearailt;Co.Co. Chiarrai

An Comh. Breandán Mac Gearailt;Co.Co. Chiarrai

 
An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2021

An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2021

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

 
Roise Mhic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall.

Roise Mhic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall.

 
Joe Ó Gallchóir as Teileann.

Joe Ó Gallchóir as Teileann.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 22102021

Barrscéalta, Clár iomlán, 22102021

 
Seamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Seamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Julianne Ní Chonchubhair, tuismitheoir.

Julianne Ní Chonchubhair, tuismitheoir.

 
Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta.

Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta.

 
Marc De Faoite, Stiúrthóir Fiontraiochta Údarás na Gaeltachta.

Marc De Faoite, Stiúrthóir Fiontraiochta Údarás na Gaeltachta.

 
Póilín Ní Chiaráin,  tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Seán Kelly, Feisire Eorpach.

Seán Kelly, Feisire Eorpach.

 
John Downing,  Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 22 Eanáir 2021.

Adhmhaidin: Dé hAoine 22 Eanáir 2021.

 
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

 
Tús Áite: Forbairt drugaí do Covid-19

Tús Áite: Forbairt drugaí do Covid-19

 
Tús Áite: Cásanna cúirte don oideachas

Tús Áite: Cásanna cúirte don oideachas

 
Tús Áite: Acht na dTeangacha Oifigiúla

Tús Áite: Acht na dTeangacha Oifigiúla

 
Tús Áite: Brú ar ospidéil

Tús Áite: Brú ar ospidéil

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 21/1/21

Tús Áite: 21/1/21

 
Cumann Mhic Reachtain : Daithí Mac Uait

Cumann Mhic Reachtain : Daithí Mac Uait

 
Diarmuid Ó Mathúna : Mo Food Blog

Diarmuid Ó Mathúna : Mo Food Blog

 
Dara Mac Gearailt : Cóitseáil saoil

Dara Mac Gearailt : Cóitseáil saoil

 
Aoi sa Chathaoir: Fiachna Ó Braonáin

Aoi sa Chathaoir: Fiachna Ó Braonáin

 
Bladhaire : Clár Iomlán Déardaoin 21/1/21

Bladhaire : Clár Iomlán Déardaoin 21/1/21

 
Mick Ó Brien;Dlúth chéirnín nua ar cheol Goodman

Mick Ó Brien;Dlúth chéirnín nua ar cheol Goodman

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Bladhaire

Bladhaire

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís