Nuacht an Tuaiscirt: 14 Nollaig
Covid-19
Deimhníodh 46 cás úr de Covid-19 i nDún na nGall i gceithre huaire fichead, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné.
219.9 cás in achan 100,000 duine an ráta cásanna atá sa chontae, an ráta is airde sa tír go fóill, i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta, atá anois ag 84.3 in achan 100,000 duine.
350 cás úr den víreas corónach a deimhníodh i nDún na nGall i dtréimhse coicíse. Go náisiúnta tráthnóna inné deimhníodh 429 cás úr de Covid 19 agus fuair triúir eile bás mar gheall ar an víreas.
Árainn Mhór
Tá Comhairleoirí ó Chomhlacht CSEI fostaithe ag Comharchumann Oileán Árainn Mhór le Plean Bainistíochta agus Margaíochta a chur le cheile dírithe ar Thogra Gor bhealach Oileán Árainn Mhór.
Bhí a gcéad chruinniú ag Coiste Gorm bhealach Árainn mhór ar na moillibh agus tá se i gceist clárú a dhéanamh ar na himeachtaí turasóireachta faoin aer ar fad atá a reáchtáil ar an Oileán agus in Ailt an Chorráin agus iad a chur faoi aon bhrat amháin, sé sin Togra Gormbhealach Árainn Mhór.
Sé seo an chéad cheann dá leithéid ar chósta thiar na hÉireann Dúirt Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir an Chomharchumainn gur deis iontach a bhéas anseo leis an turasóireachta a fhorbairt sa cheantar agus tuilleadh éa chruthú ar an Oileán
Táthar ag súil go mbeidh sé faoi lán tseoil faoi thus an tsamhraidh.
Drugaí
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall chun scríobh chuig an Aire Dlí agus Cirt agus an tAire Airgeadais agus Caiteachais Poiblí chun iarraidh orthu airgead a fhaightear ó mhangaireacht drugaí a chur ar fáil do sheirbhísí sa phobal le dul i ngleic le drugaí.
Ghlac an Chomhairle d'aonghuth le rún ar an ábhar seo ón Chomhairleoir Contae Niamh Kennedy le gairid.
Dúirt sí gur cheart an t-airgead seo a chur isteach i seirbhísí tacaíochta sa phobal, le cuidiú le andúiligh drugaí agus le heagraíochtaí pobail le déileáil le tionchar drugaí ar phobail, seachas an t-airgead seo a dhul isteach sa stát chiste.
Dúirt an Comhairleoir Niamh Kennedy gur ghlac ceithre cinn déag de Comhairlí Contae eile leis an rún céanna seo, agus gur cheart do Chomhairle Contae Dhún na nGall an achainí céanna seo a dhéanamh chuig an Rialtas.
Maoiniú
Fuair Comhairle Contae Dhún na nGall €387m de mhaoiniú ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtas Áitiúil idir 2014-2018, do réir an eolais atá curtha ar fáil ag an Aire Darragh O'Brien le gairid.
Bhí Comhairle Contae Dhún na nGall ar an seachtú údarás áitiúil a ba mhó a fuair maoiniú ón Roinn i 2018 nuair a íocadh €119.5m leis an Chomhairle Contae an bhliain sin.
Íocadh €61m leis an Chomhairle i 2014, €54m i 2015, €78m i 2016 agus €73m sa bhliain 2017.
Thug an tAire Darragh O'Brien an t-eolas sin i gceist Dála don Teachta Dála Clare Kerrane ó Shinn Féin. Dúirt sé nach raibh figiúirí do 2019 ar fáil go fóill, mar gur chuir géarcheim Covid-19 moill ar chur le chéile an eolais sin.
Gníomhaireacht Forbartha Tionscail
Ní raibh ach aon chuairt suíomh amháin ag an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail go Dún na nGall go dtí seo i mbliana, le hinfheistitheoirí as thar lear, as an 232 cuairt suíomh a rinneadh sa tír ó thús na bliana.
Bhí dhá cheann déag dena cuairteanna suíomh seo i nDún na nGall anuraidh.
Ba scór go leith infheistitheoir ó thar lear a thug an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail go Dún na nGall le hiarracht gnó a chur ar bun sa chontae idir 2016 agus mí na Samhna i mbliana.
Dúirt an tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar go raibh dúshlán mór i mbliana infheistitheoirí a mhealladh chun na tíre de bharr Covid-19.
Dá bharr bhí i bhfad níos lú cuairteanna suíomh agus cruinnithe le cliaint a mbeadh suim acu gnó a chur ar bun, a dúirt sé.