Nuacht an Tuaiscirt: 10 Nollaig
Covid-19
Deimhníodh sé chás agus fiche úr de Covid-19 i nDún na nGall i gceithre huaire fichead, sin an dara líon is mó de chásanna sna se chontae fichead, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné.
226.8 cás in achan 100,000 duine an ráta cásanna atá sa chontae, an ráta is airde sa tír go fóill, i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta, atá anois ag 79.5 in achan 100,000 duine.
Bhí trí othar agus fiche in otharlann Leitir Ceanainn ar an 8.00 aréir agus é deimhnithe go bhfuil an víreas Covid-19 orthu, an dara líon a b'airde d'othair le Covid-19 in Otharlanna na tíre aréir.
Bhí beirt acusan ag fáil cóir leighis in aonad dianchúram na hotharlainne, agus bhí duine amháin eile san aonad dianchúram aréir a raibh amhras ann go raibh an víreas orthu.
Go náisiúnta tráthnóna inné deimhníodh 227 cás úr de Covid 19 agus fuair cúigear eile bás mar gheall ar an víreas.
An Dr Aidan Ryan
Beidh méadú arís ar chásanna Covid-19 i nDún na nGall i ndiaidh na bliana úire muna mbíonn daoine freagrach anois, a dúirt an Dr Aidan Ryan, saineolaí i sláinte pobail.
Dúirt sé go scaipfidh an víreas gan choinne i dtionlacain bheaga muna mbíonn daoine cúramach.
Maidir le cásanna Dhún na nGall a bheith trí oiread an meán ráta náisiúnta, measann an Dr Ryan go bhfuil ról lárnach ag an teorann le sin, agus cásanna iontach ard i nDoire agus ar an tSrath Bán.
Measann sé go bhfuil i bhfad barraíocht cásanna go fóill sa phobal, agus dúirt sé gur eascair go leor cásanna i nDún na nGall le tamall ó chóisir tí, tórraimh agus faireacha.
Tá obair mhaith a dhéanamh ag na hionaid altranais sa chontae maidir le srian a chur ar an víreas, a dúirt an Dr Ryan.
Tá obair mhór ar bun le bua a fháil ar an víreas in Otharlann Leitir Ceanainn, a deir sé, ach más mó cásanna atá sa phobal, más deacra a bheas sé cúrsaí a chur ina gceart san otharlann, dar leis.
Ba cheart do dhaoine a bheith cúramach agus freagrach ag an Nollaig, go háirithe má tá siad ag dul ar cuairt chuig tithe eile, agus cloí leis na treoirlínte lena féin a chosaint, a dúirt an Dr Ryan.
Teorainn
Níl tuiscint ag Rialtas na Breataine ar shaol na ndaoine i gceantar na teorann agus in iarthuaisceart na hÉireann go háirithe, agus is ábhar mór imní é sin agus comhráití ar bun faoi imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach, a deir Méara Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Comhairleoir Brian Tierney.
Tá leath den 13,000 duine a rugadh sna Sé Contae agus atá ina gcónaí sa Saor Stát ina gcónaí i nDún na nGall, agus tá 7,000 duine ón Saor Stát, an mhórchuid as Dún na nGall, ina gcónaí i gceantar Dhoire agus an tSratha Báin, a dúirt sé.
Rinne an Comhairleoir Tierney ón SDLP, cur i láthair do Choiste Brexit Stormont le gairid, agus dúirt sé go bhfuil imní ar phobail cois teorann i nDún na nGall agus i nDoire agus i dTír Eoghain faoi mar a bheas cúrsaí muna mbeidh margadh déanta.
Dúirt sé go gcaithfear a chinntiú nach mbeidh teorann chrua ann, agus nach gcuirfear isteach ar dhóigh ar bith ar dhaoine a bheith ag taisteal tríd réigiún an iar thuaiscirt agus iad ag trasnú na teorann.
Iarnród
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall chun iarraidh ar an Taoiseach scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí iarnród a fhorbairt ó Leitir Ceanainn go Doire.
Glacadh le rún ón Chomhairleoir Liam Blaney, os rud é go bhfuil Oifig an Taoisigh ag amharc ar sheirbhís traenach gasta a fhorbairt ó Bhaile Átha Cliath go Beál Feirste agus go Doire, gur cheart a chur chomh fada le Leitir Ceanainn.
Tá scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí seo faoi Aonad Shared Ireland in Oifig an Taoisigh. Bheadh ceangal dhíreach ag Dún na nGall le cathair Dhoire agus Bheál Feirste dá mbeadh an tseirbhís seo ar fáil idir Leitir Ceanainn agus Doire, a dúirt an Comhairleoir Blaney.
Thacaigh an Comhairleoir Dónal Coyle leis an rún, agus dúirt sé gur deis iontach a bheadh anseo forbairt a dhéanamh ar bhonneagair an iarthuaiscirt.
Iascaireacht
Tá bádaí móra ag déanamh slad ar iascaireacht scadán i Loch Feabhail faoi láthair, agus caithfear cosaint a thabhairt dona hiascairí beaga cois cósta, a dúirt an Comhairleoir Contae Terry Crossan.
Glacadh le rún uaidh ag cruinniú na seachtaine seo de Chomhairle Contae Dhún na nGall, chun iarraidh ar an Aire Talamhaíochta, Mara agus Bia, cosaint a thabhairt dona hiascairí beaga óna bádaí móra, a dhéanfaidh scrios ar stoc scadáin i Loch Feabhail.
Dúirt sé go bhfuil cead anois ag na bádaí atá níos mó ná sé mhéadar déag ar fhad a theacht isteach go Loch Feabhail agus go Loch Súilí, agus deir sé go bhfuil gearáin ó iascairí áitiúil go bhfuil siad ag tógáil go leor den stoc éisc.
Coiste Gaeilge
Níor líonadh na folúntais ar Choiste Gaeilge Chomhairle Contae Dhún na nGall ag cruinniú míosúil na Comhairle Contae le gairid.
Tá folúntas anois le cúpla mí ó d'éirí na Comhairleoirí Contae Frank Mac Breartaigh agus Michael McClafferty as, mar bhaill de Choiste Gaeilge na Comhairle.
Ní raibh ainmniúcháin ar bith ag Comhairleoirí arís ag cruinniú míosúil na Comhairle le gairid agus socraíodh an cheist a chur siar go dtí an chéad chruinniú míosúil eile den Chomhairle.
Ba ar mholadh óna Comhairleoirí Contae Marie Therese Ní Ghallachóir agus Ian Mac Gairbheith ag tacú lei, a cuireadh siar an cheist go dtí'n chéad chruinniú eile.